Exodus 33 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXXIII. Aiṫreaċus an tslúaiġ. 14 Ioċad agus annsaċd an tiġearna. 1 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Gluáis agus éiriġ súas as so, ṫusa agus an pobál ṫug tú leaċd a maċ as críċ na Hégipte, don tír do mionnuiġ misi do Abraham, do Isaac, agus do Iácob, ḋá ráḋ, Dot ṡíol do ḃéura mé é: 2 Agus cuirfe me aingeal róṁad; agus díbeóra mé amaċ an Cananíteaċ, an Tamoríteaċ, an Hitíteaċ, an Perisíteaċ, an Hiḃíteaċ, agus an Iebusíteaċ: 3 Go tír fá ṫuile ḃainne agus ṁeala: óir ní raċa misi suas ḃur measg; óir atáṫáoi ḃar ndáoiniḃ crúaḋṁuiníl: deagla go ndíoḃáiġfinn siḃ ar a tsliġe. 4 Agus a nuáir do ċúala an pobal na droiċsceala sa, do ḋuḃadar: agus níor ċuir éanduine a ḃreáḋaċd air. 5 Oír a duḃairt an TIĠEARNA ré Maoise, Abuir ré cloinn Israel, Is pobal crúaḋṁuiníl siḃ: tiucfa mé súas ion ḃur lár a moment, agus díoġḃáiġfe mé siḃ: uime sin anois cuir ḋíot do ḋeiseaċd uáit, íonnus go ḃfeadarsa créad do ḋeana mé riot. 6 Agus do noċdadar clann Israel íad féin as a mbréaḋaċd láiṁ re sliaḃ Hóreb. 7 Agus rug Maoise ar an tabernacuil, agus do ṡuiġiḋ táoḃ a muiġ don ċampa é, a ḃfad ón ċampa, agus do ġoir tabernacuil an ċoṁċruinniġ ḋe. Agus tárla, gaċ áon da níarraḋ an TIĠEARNA, go ttigeaḋ amaċ go tabernacuil an ċoṁċruinniġ, noċ do ḃí táoḃ a muiġ don ċampa. 8 Agus tárla a nuáir do ċúaiḋ Maóise gus an tabernacuil, gur éiriġ an pobal uile, agus gur ṡeas gaċ éanduine ḋíoḃ ag dorus a loistín féin, agus gur ḟéuċadar a ndiáiġ Ṁaóise, nó go neaċuiḋ don tabernacuil. 9 Agus tárla, mar do ċúaiḋ Maóise a steaċ san tabernacuil, go ttáinic an piléur néullaċ a núas, agus gur ṡeas ag dorus an tabernacuil, agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise. 10 Agus do ċonnairc an pobal uile an piléur néullaċ na ṡeasaṁ ag dorus an tabernacuil: agus do éirġeadar an pobal uile na seasaṁ, agus do aḋair gaċ áonduine aca a ndorus a lóistin féin. 11 Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise áġuiḋ ar áġuiḋ, mar do laiḃeóraḋ duine re na ċaraḋ. Agus do ḟill a rís don ċampa: aċd a ṡerḃíseaċ Iosua, mac Nun, an toganaċ, ni ḋeaċuiḋ sé as an tabernacuil amaċ. 12 Agus a duḃairt Maóise ris an TIĠEARNA, Feuċ, a deir tú riumsa, Beir súas an pobalsa: agus ní ṫug tú a ḟios daṁ cia, ċuirfeá liom. Giḋéaḋ a duḃairt tú, Atá a ḟios agus cía ṫú as hainm, agus fuáir tú grása mar ann gcéadna an mo raḋarc. 13 A nois uime sin, iarruim daṫċuinġe ort, ma fuáir mé grása an do raḋarc, taisbéan daṁ a nois do ṡliġe, le mbía haiṫne agum, lé a ḃfuiġe mé grása an do raḋarc: agus meas gurob íad an cineaḋso do ṗobal. 14 Agus a duḃairt seision, Raċuiḋ máġuiḋ leaċd, agus do ḃeura mé súáiṁneas duit. 15 Agus a duḃairt sé ris, Muna ndeaċuiḋ háġaiḋ liom, ná beir súas as so sinn. 16 Oír cionnus ḃías a ḟios annso go ḃfuáir misi agus do ṗobal grása ann do raḋarc? naċ le ṫusa do ḋul linn? mar sin deáloċṫar sinn, misi agus do ṗobal ó nuile ṗobal, do ḃfuil ar ḋruim ná talṁan. 17 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Do ḋéana mé an ni so mar an gcéadna a duḃairt tusa: óir fuáir tú grása ann mo raḋarc, agus atá aiṫne agus ort ad ainm. 18 Agus a duḃairt seision, Iarruim daṫċuinge ort, taisbean do ġlóir ḋaṁ. 19 Agus a duḃairt seision, Do ḃéura mé ar mo ṁaiṫeas uile dul roṁad, agus fuaigeora mé ainm an TIĠEARNA roṁad; agus biad grásaṁuil don ti dá mbía mé grásaṁuil, agus taisbéanfad trócaire don tí dá ttaisbéana mé trócaire. 20 Agus a duḃairt seision, Ní ḟéadann tú máġuiḋ dfaicsin: óir ní ḟaicfe éanduine mé, agus marṫuinn. 21 Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Féuċ, atá áit láiṁ riom, agus seasfa tusa ar ċarruic: 22 Agus tiucfá ḋe, an feaḋ ḃías mo ġlóir ag gaḃáil ṫort, go ccuirfe mé ṫusa a scoilteaḋ don ċarruicc, agus foileoċa mé ṫú leam láiṁ an feaḋ ḃías mé ag gaḃáil ṫort: 23 Agus toigeoḃa mé mo láṁ, agus do ċífe tú an ċuidṡiar ḋíom: aċd ní faicfiġear mo ġnúis. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society