Exodus 32 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXXII. An laoġ órrḋa. 16 Fearg Dé. Briseaḋ na ncclár cloiċe; 27 Agus an marḃaḋ ḋáoine, ṫáinic re linn. 1 Agus a nuáir do ċonnairc an pobal gur ḟaddáil Maóise teaċd núas ón tslíaḃ, do ċruinniġeadar an pobal íad féin go Haáron, agus a duḃradar ris, Eiriġ súas, déana ḋúinn dée, raċus roṁuinn; oír an Maóise so, an té ṫug as críċ na Hégipte sinn, ní feas dúinn créad do imṫiġ air. 2 Agus a duḃairt Aáron riú, Brisiġ na clúasḟáinniḋe óir, atá ar ċlúasuiḃ ḃur mban, agus ḃur mac, agus ḃur ninġean, agus tugaiḋ ċugamsa íad. 3 Agus do ḃriseadar an pobal na clúasḟáinniḋe óir díoḃ noċ do ḃí iona cclúasuiḃ, agus tugadar go Haáron íad, 4 Agus do ġlac sé as a láṁuiḃ íad, agus do ċum é lé hoirnís ġraḃála, tair éis láoiġ leaġṫa do ḋéanaṁ ḋe: agus a duḃradarsan, A síad so do ḋée si, ó a Israel, noċ ṫug amaċ as críċ na Hégipte ṫú. 5 Agus a nuáir do ċonnairc Aáron sin, do ṫóg sé altóir as a ċoinne; agus tug Aáron fúagra, agus a duḃairt, Is lá féasta a máraċ ag an TIĠEARNA. 6 Agus do éirġeadar súas go moċ ar na ṁáraċ, agus do ofráladar ioḋbuirt loisge, agus tugadar ofrála síṫe leó; agus do ṡuiḋ an pobal síos diṫe agus dól, agus do éirġeadar súas do ṡúgraḋ. 7 Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Eiriġ, imṫiġ roṁad síos; óir do ṗobal, noċ ṫug tú amaċ as críċ na Hégipte, do ṫruáilliġeadar íad féin: 8 Do ḟilleadar go hobann as an tsliġe do aiṫin misi ḋíoḃ: do rinnéadar láoġ leaġṫa ḋóiḃ féin, agus do aḋradar ḋó, agus do íoḋbradar ḋó, agus a duḃradar, Is íad so do ḋéesi, ó a Israel, noċ ṫug ṫu amaċ as críċ na Hégipte. 9 Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Do ċonnairc mé an pobalsa, agus, féuċ, is dáoine cruaḋṁuiníl íad. 10 Annois uime sin léigsi ḋaṁsa, ionnus go lasaiḋ mo ḋíḃḟearg na náġuiḋ, agus go scriosfa mé íad: agus do ḋéana mé cineaḋ mór ḋíotsa. 11 Agus do ġuiḋ Maóisi an TIĠEARNA a Ḋía, agus do ráiḋ, A ṪIĠEARNA, créad fa lassan ṫfearg a náġuiḋ do ṗobail, noċ ṫug tú amaċ as críċ na Hégipte lé cuṁaċtuiḃ móra, agus le láiṁ láidír? 12 Créad as a laiḃéoradís na Hégiptiġ, agus a naibeoradís, Mar olc rug sé leis amaċ íad, dá marḃaḋ ann sna sléiḃtiḃ, agus dá scrios dáġuiḋ na talṁan? Iompóiġ ód ḟeirg ḃuirb, agus claoċló don ulcso a náġaiḋ do ṗobail. 13 Cuiṁniġ Abraham, Isáac agus Israel, do ṡerḃísiġ, dá ttug tú ṫú féin mar ṁionnuiḃ, agus a duḃairt tú ríu, Do ḋéana mé ḃur síol coṁlíonṁur re réultuiḃ niṁe, agus an dúṫaiḋsi uile air ar laḃair mé, do ḃéura mé dá ḃur síol, agus béid iona hoiġreaċd gu bráṫ. 14 Agus do ġlac aiṫreaċas an TIĠEARNA fan olc do smuáin sé do ḋeanaṁ ḋá ṗobal. 15 Agus do ḟill Maóisi, agus do ċúaiḋ sé síos ón tslíaḃ, agus do ḃí ḋá ċlár na fíaḋnuisi na láiṁ: do ḃádar an dá ċlár scríoḃṫa ar gaċ táoḃ; ar an ttáoḃsi agus ar an ttáoḃ oile do ḃádar scríoḃṫa. 16 Agus do bé obair Dé na cláir, agus do bí an scríḃin scriḃinn Dé, ar na tarruing ar na cláruiḃ. 17 Agus a nuáir do ċúala Iosua giorac an ṗobuil mar do ġáireadar, a duḃairt sé re Maóise, Atá gáir ċogáiḋ annsa ċampa. 18 Agus a duḃairt seision Ní hé guṫ na ndáoine noċ ġáireas fa ḃuáiḋ, ní hé guṫ na ndáoine éiṁġeas ar son a gcláoite aċd fuáim na ndáoine do ní cantaireaċd do ċluinimsi. 19 Agus tarla, ar ball a ttáinic sé láiṁ ris an gcampa, go ḃfacaiḋ se an láoġ, agus an daṁsa: agus do ġríosuiġ fearg Ṁaóisi, agus do ṫeilg sé na cláir as a láṁuiḃ, agus do ḃris fáoi ḃun an tsleiḃe íad. 20 Agus rug sé ar an láoġ noċ do rinneadar, agus do loisc sé san teiniḋ é, agus do ṁeil sé na ṗúdar é, agus do leaṫnuiġ sé ar a nuisce é, agus tug ar ċloinn Israel dól ḋe. 21 Agus a duḃairt Maóise re Haáron, Créad do rinneadar na dáoinesi ort, as a ttug tú a ċoṁmór so do ṗeacaḋ orra? 22 Agus a duḃairt Aáron, Ná haḋnaḋ fearg mo ṫiġearna; atá fios na ndáoine agadsa, go ḃfuilid síad ullaṁ ċum urċóide. 23 Oír a duḃradar riomsa, Déana dee ḋúinn, noċ raċus roṁuinn: óir ar son an Ṁaóisi si, an fear ṫug leis sinn amaċ as críċ na Hégipte, ní feas dúinn cread do imṫiġ air. 24 Agus a duḃairt misi riú, Giḋ bé agá ḃfuil éinréud óir, briseaḋ sé ḋe é. Mar sin tugadar ḋaṁsa é: annsin do ṫeilg mé san teniḋ é, agus táinic an láoġsa amaċ. 25 Agus a nuáir do ċonnairc Maóise gó raḃadar na dáoine tárnoċd; (óir do rinne Aáron lomnoċda íad mar náire ḋóiḃ a measc a náṁad.) 26 Ann sin do ṡeas Maóise a ngeata an ċampa, agus a duḃairt, Cia atá do ṫáoiḃ an TIĠEARNA? tigeaḋ sé ċugamsa. Agus do ċruinniġeadar mic Léḃi uile ċuige a cceann a ċéile. 27 Agus a duḃairt sé riú, Is mar so a deir an TIĠEARNA Día Israel, Cuireaḋ gaċ éanduine a ċloiḋeaṁ ar a ṫáoḃ, agus éirgeaḋ a steaċ agus a maċ ó ġeata go geata ar feaḋ an ċampa, agus marḃaḋ gaċ áonduine a ḋearḃraṫair, agus gaċ áonduine a ċompánaċ, agus gaċ áonduine a ċoṁarsa. 28 Agus do rinneadar clann Léḃi, mar a duḃairt Maóise: agus do ṫuit don ṗobal an lá sin timċioll trí míle fear. 29 Oír a duḃairt Maóise, Coisreaguiḋ siḃ féin a niuġ don TIĠEARNA, gaċ uile ḋuine ár a ṁac, agus ar a ḋearbraṫair; ċor go mbronnfa se beannaċd ḋáoiḃ san ló a niuġ. 30 Agus tárla ar a ṁáraċ, go nduḃairt Maóise ris an bpobal, Do rinneaḃair peacaḋ mór: agus annois raċa misi suas gus an TIĠEARNA; dob éidir go ndéanuinn sioṫċáin ar son ḃur bpeacaiḋ. 31 Agus do ḟill Maóise gus anTTIĠEARNA, agus a duḃairt, Oh, do ṗeacaiḋeadar an ṁuintirse peacaḋ mór, agus do rinneadar dée óir dóiḃ féin. 32 Giḋeaḋ annois, maḋ áill leaċd maiṫ ḋóiḃ a bpeacaḋ; agus munandean, cuir misi as do leaḃar (iarruim daṫċuinge ort) noċ do sgrioḃ tú. 33 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Cioḋ bé ar biṫ do ṗeacaiḋ am aġáiḋsi, is é ċuirfeas mé as mo leaḃar. 34 Uime sin éiriġ annois, treóruiġ an pobal do náit a duḃairt mé riot: feuċ, raċaiḋ Maingeal roṁad: giḋeaḋ an lá ṫiucfas me dḟeaċuin orra leanfuiḋ mé a bpeacaḋ orra. 35 Agus do ċuir an TIĠEARNA pláiġ ar an bpobal, do ċionn an láoiġ do ḋeanaṁ, noċ do rinne Aáron. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society