Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Exodus 31 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXI. Bésaleel maiġisdir saoṫair ar obair an tabernacuil. 6 Agus a ċoṁóibraḋa; deúnta lé Día ċum na hoibre.

1 Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, dá ráḋ,

2 Féuċ, do ġoir mé go ainmniġe air Ḃésaleel, mac Uri, ṁic Hur, do ṫreiḃ Iúdah:

3 Agus do líon mé é do spioraid Dé, a neagna, agus a ttuigsin, agus a neólus, agus annsa nuile ġné oibre,

4 Do ṫionnscnaṁ oibreaċ ngéarċúiseaċ, do oibriuġaḋ a nór, agus a nairgead, agus a bprás,

5 Agus a ngearraḋ cloċ, dá gcur, agus ag ceirḃereaḋ aḋmuid, doibríuġaḋ ann gaċ uile ṡórt oíbre.

6 Agus mísi, féaċ, ṫug me maille leis, Aholiab mac Ahisamaċ, do ṫreiḃ Dan: agus a gcroiḋṫiḃ gaċ a ḃfuil glicehroiḋeaċ do ċuir mé eagna; ċor go ndéarnadaois a nuile ní do aiṫin me ḋiótsa;

7 Tabernacuil an ċoṁċruinniġ, agus aírc na fiaḋnuisi, agus an suiḋe trócaire atá uirre, agus uile ṡoiṫiġe an tabernacuil.

8 Agus an bórd agus a mbeanann ris, agus an coinnleóir glan gun a ġleús uile, agus altoír na túise,

9 Agus altóir na hofrála loisge maille re na huile ionstrumintiḃ, agus a láḃeir agus a cos,

10 Agus na héaduiḋe serḃíse, agus an culaiḋ naoṁṫa do Aáron an sagart, agus na culaḋa dá ṁacaiḃ, do ṁiniostralaċd a noifig an tsagairt,

11 Agus a nola ungṫa, agus an túis ḋéaġḃolaiḋ do naít naoṁṫa: do reír a nuile ní do aiṫin mé ḋiót; do ḋéanaid siád.

12 Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, gá ráḋ,

13 Laḃairse fós ré ċloinn Israel, ga ráḋ, Go deiṁin coiṁéadfuiḋe mo ṡábbóid: oír is coṁarṫa eadrum féin agus siḃse i ar feaḋ ḃur ngeinealaċ; go mbía a ḟios aguiḃ gur mé an TIĠEARNA náoṁas siḃ.

14 Cuiṁdeoċṫáoi an sabbóid ar a naḋḃarsin; óir atá náoṁṫa ḋaóiḃ, a nuile ḋuine ḃrisios i cuirfíġear go deiṁin ċum báis é: óir giḋ bé neaċ oibriġeas éainní innte, gearrfuiġear anam sin ó ḃeiṫ a measg a ḋáoine.

15 Sé lá is ḟedir obair do ḋéanaṁ; aċd an seaċdṁaḋ lá sé sábóid an tsocaṁuil é, náoṁṫa don TIĠEARNA: giḋ bé ḋéanas obair ar biṫ a ló na sábóide, cuirfiġear go deiṁin ċum báis é.

16 Ar a naḋḃarsin cuiṁdeoċuid clann Isráel an tsabboid, do ċoiṁéud na sabóide ar feaḋ a ngeinealaċ, mar ċunnraḋ siorruiḋe.

17 Is coṁarṫa eadrumsa agus clann Israel go bráṫ é: óir a sé lá do rinne an TIĠEARNA neaṁ agus talaṁ, agus ar an seaċdṁaḋ lá do scuir sé, agus do léig scíṫ.

18 Agus tug sé do Ṁaóise, a nuáir do ċríoċnuiġ sé a ċoṁráḋ leis ar ṡlíaḃ Sínai, ḋá ċlár na fiaḋnuise, cláir ċloiċe, sgríoḃṫa lé méur Dé.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan