Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Exodus 30 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXX. Cuma altóra na tuise. 2 Earaic no airgiod fúasglaiḋ cloinne Israel. 34 An boltnuġaḋ ro naoṁṫa.

1 Agus do ḋéana tú altóir do loscaḋ túise uirre; do ċrann Sitim do ḋéana tú i.

2 Cuḃad buḋ é a fad, agus cuḃad a leiṫead; ceaṫairḃeannaċ ḃías sí; agus biáiḋ a háirdé ḋá ċuḃad: biáiḋ a beanna don ccéadna.

3 Agus fóileoċa tú dór ḟíorġlan í, a húaċtar, agus a táoḃ timċioll fa gcuáirt, agus a beanna; agus do ḋéana tú ḋi coroin óir timċioll fa gcuáirt.

4 Agus do déana tú ḋá ḟáinne óir ḋi faoi an ċoróin, agá ḋá coirnéul, agá ḋá ṫaoḃ do ḋéana tú íad; agus béid siád mar áitiḃ do ḃatuiḋiḃ dá hiomċar leó.

5 Agus do ḋéana tú na maidiḋe do ċrann Sitim, agus foileoċuiḋ tú le hór íad.

6 Agus cuirfe tú as coinne an ḟoluiġ í, atá láiṁ re háirc na fiáḋnuisi, as coinne ann tsuiḋe ṫrócaire atá ós cionn an ḟiaḋnuisi, mar a tteagaṁa misi riot.

7 Agus loisgfe Aáron túis ḋeaġḃoluiḋ gaċ aon ṁaidin uirre: a nuáir ḋeiseoċa sé na lampuiḋe, loisgfe sé túis uirre.

8 Agus a nuáir lasfas Aáron na lampuiḋe um noín, loisgfe sé túis uirre, túis ḃioḃúan a ḃfiagnuise an TIĠEARNA, ar feaḋ ḃur ngeinealaċ.

9 Ní loisgfíḋe túis ċoiṁiḋeaċ ar bioṫ uirre, nó íoḋbuirt loisge, no ofráil bíḋ; ní mo ḋoírtfíḋe ofrála ḋiġe uirre.

10 Agus do ḋéana Aáron síṫ ar a beannuiḃ uáir san mbliaḋuin le fuil ofrála ṗeacaiḋ na síṫe; uáir san mbliaḋuin do déana sé síḋ uirre ar feaḋ ḃur ngeinealaċ: atá sí ro náoṁṫa don TIĠEARNA.

11 Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ga ráḋ,

12 A núair ġlacfas tú suim ċloinne Israel do reír a nuiḃre, ann sin do ḃéuruiḋ gaċ éanduine fuásclaḋ ar son anma don TIĠEARNA, a núair aireoṁus tú íad; go naċ mbiáiḋ plaíġ na measc, a núair aíreoṁas tú iad.

13 Is é so do ḃéuruid, gaċ éan da raċaiḋ ṫort na measc atá áirṁiṫe, leiṫṡecel do reír na sanctóra: (secel is é sin fiṫċe gérah:) agus leiṫṡecel ofráil an TIĠEARNA.

14 Gaċ éan dá tteíd ṫort na measg atá airṁiṫe, ó ḟiṫċid bliaḋan dáois agus ós a ċionn, do ḃéura sé ofráil don TIĠEARNA.

15 Ní ṫíuḃra an sáiḋḃir nios mó, agus an boċd ní ṫiuḃra níos luġa nó leiṫ ṡecel, a nuáir do ḃéaruid ofráil don TIĠEARNA, do ḋéanaṁ siṫe dá ḃur nanmannuiḃ.

16 Agus glacfa tusa an tairgead síṫe ó ċloinn Israel, agus cinnfe tú é do ṡerḃís ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ: Ionnus go mbía na ċuiṁne do ċloinn Israel a laṫair an TIĠEARNA, do ḋéanaṁ síṫe dá ḃur nanmanuiḃ.

17 Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise ḋa ráḋ,

18 Do ḋéana tú mar an gcéadna láḃéir práis, agus a ċos mar an gcéadna do ṗrás, do ionnlaḋ as: agus cuirfe tú é idir ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ agus a naltoir, agus cuirfe tú uisge ann.

19 Oír ionneoluid Aáron agus ṁic a láṁa agus a gcosa aige:

20 Agus a núair raċuid go tabernacuil an ċoṁċruinniġ, ionnoluid siád le huisce, go naċ ḃfaġaid bás: nó a nuair ṫiocfaid a ḃfogus do naltoir do ṁiniostralaċd, do losgaḋ ofrála déanta lé teinniḋ don TIĠEARNA:

21 Mar sin niġfid a laṁa agus a gcosa, go naċ ḃfaġaid bás: biáiḋ so na reaċd ḋóiḃ go bráṫ, dósan agus da ṡiól ar feaḋ a ngeinealaċ.

22 Tuilleaṁ fós do laḃair an TIĠEARNA re Maoise, ga ráḋ,

23 Glac ṫusa mar an gcéadna ċugad spiósra oirḋearca, do ṁirr ġloinn cúig ċéad secel, agus do ṡinamon deaġḃoluid a leaṫ oiread sin, ḋá ċéad agus caógad secel, agus do ċalamus déaġḃoluiḋ ḋá ċéad agus cáogad secel,

24 Agus do ċassía cúig ċéad secel, do reír ṡecel na sanctóra, agus hin dola ċroinn ola:

25 Agus do ḋéana tú ola ḋe dola náoṁṫa, agus ola cumaiscṫe, do réir ealaḋan an ollaṁ: biáiḋ sí na hola naóṁṫa ċum ungṫa.

26 Agus ungfa tú tabernacuil an ċoṁċruinniġ lé, agus aírc na fiaḋnuise,

27 Agus an bórd agus a ṡoiṫiḋe uile, agus an coinnleóir agus a ṡoiṫiḋe, agus altoír na túise,

28 Agus altoír na hofrála loisge gon a huile ṡoiṫiḋiḃ, agus an láḃéir agus a cos.

29 Agus naoṁṫoċa tú íad, ionnus go mbéid ro naoṁṫa: gioḋ bé ar biṫ ní ḃeanus riu biáiḋ sé naoṁṫa.

30 Agus ungfa tú Aáron agus a ṁic, agus coisreoca tú íad, ċor go miniostrálfuid ḋaṁsa a noifig an tsagairt.

31 Agus laiḃeóra tú re cloinn Israel, dá ráḋ. Biáiḋ so na hola noaṁṫa ungṫa ḋaṁsa ar feaḋ ḃur ngeinealaċ.

32 Ar ḟeóil duine ní doírtfiġear í, ní mó ḋéantaoi saṁuil di, do reír a compóideaċd: is naoṁṫa í, agus biaiḋ sí naóṁṫa ḋaóiḃsi.

33 Gioḋ bé ar biṫ ḋéanas cumusc cosṁuil ría, nó gioḋ bé ar biṫ ċuirfeas di ar ċoiṁiġṫeaċ, géarrfuiġear ċeana a maċ óna ḋaóiniḃ é.

34 Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Glac ċugad spiósra, ḋeaġḃaluiḋ, stácte agus oniċa, agus galbánum: na spiósra deaġḃaluiḋsi maille re túis ġloinn: oiread re ċeille dá gaċ ċuid díoḃ:

35 Agus do ḋéana tú perfiúm ḋe, ollaṁ cumasc do réir ealaḋan an cumuscṫe, ré ċéile, fiórġlan agus naóṁṫa:

36 Agus brúiḋfe tú cuid de sin ro ṁín, agus cuirfe tú cuid do as coinne na fiaḋnuise ann sa tabernacuil an ċoṁcruinniġ, aít a tteigeaṁa misi riot: biáiḋ sé ro náoṁṫa ḋaóiḃ.

37 Agus ar son na perfiúme do ḋéana tú, ni ḋéantaoi ḋíḃ feín do reír a ċumaisc sin: bíaiḋ sé ḋuitsi naoṁṫa don TIĠEARNA.

38 Gioḋ bé ar bioṫ ḋéanas saṁuil dó sin do ḃoltnuġaḋ, géarrfuiġear é amaċ ó na ḋaóiniḃ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan