Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Exodus 25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXV. Ofrála toileaṁla an ṗobail arson na Sanctora; 8 Orduiġṫe lé Día.

1 Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, dá ráḋ,

2 Laḃair re cloinn Israel, gó ttugaid ofráil ċugam: ó gaċ uile ḋuine dá ttioḃra uaḋa go toileaṁail í lé na ċroiḋe glacfuiḋsi mofráil.

3 Agus sí so a nofrail ġlacfuiḋ uáṫa; or, agus airgead, agus prás,

4 Agus gorm, agus corcur, agus scarláoid, agus lin fínealta, agus fionnaḋ gaḃar.

5 Agus croicne reiṫeaḋ ar na ndaṫuġaḋ deárg, agus croicne broc, agus croinn Sitim,

6 Ola ċum an tsoluis, spíosra ċum ola ungṫa, agus ċum túisi deaġḃoluiġ.

7 Cloċa Onix, agus cloċa re ccur annsa Néṗod, agus annsa uċdéadaċ.

8 Agus déindís sanctóir ḋaṁsa; ċor go ccoiṁneaċa mé na measc.

9 Do reír a nuile ní ṫaisbeanuim ḋuit, do reír eisiomplára an tabernacuil, agus eisiomplára a ionnstruiminteaḋ uile, is mar sin do ḋéántaoi é.

10 Agus do ḋéanuid áirc do ċrann Sitim: ḋá ċuḃad go leiṫ iona fad, agus cuḃad go leiṫ iona leiṫead, agus cuḃad go leiṫ íona hairde.

11 Agus foileoċuíḋ tu é lé hór fíorglan, táoḃ a stiġ agus a muiġ ḟoileoċus tú é, agus do ḋéana tú air coróin óir timċioll fa gcuáirt.

12 Agus teilgfe tú ceiṫre ḟainne óír ḋó, águs cuirfe tú iona ċeiṫre ċorruiḃ iád, agus béid ḋá ḟáinne a ttáoḃ ḋe, agus ḋá ḟáinne san táoḃ eile.

13 Agus do ḋéana tú maidiḋe do ċrann Sitim, agus foileoċuiḋ tú le hór íad.

14 Agus cuirfe tú na maidiḋe ann sna fáinniḃ, re táoḃuiḃ na háirce, ċor go niomċarṫar a náirc léo.

15 Béid na maidiḋe a ḃfáinniḃ na háirce: ní bearṫar as íad.

16 Agus cuirfe tú annsa nairc, an ḟiaḋnuisi noċ do ḃéura misi ḋuit.

17 Agus do ḋéana tú caṫaóir ṫrócaire dór ḟiórġlan: ḋá ċuḃad go leiṫ a fad, agus cuḃad go leiṫ a leiṫead.

18 Agus do ḋéana tú ḋá ċearubin dór, dobair ṡloiġṫe do ḋéana tú íad, a ndá ċionn an tsuiḋe ṫrócaire.

19 Agus déana aon ċearub ar ċeann de, agus an ċearub eile ar an gceann eile: don tsuiḋe ṫrócaire do ḋéana tú na ċearubíniġ ar a ḋá ċeann.

20 Agus sínfid na ċearuibiniġ a sciaṫaín a maċ go hárd, ag folaċ an tsuiḋe ṫrócaire le na sciaṫanuiḃ, agus a naiġṫe a gcuinne a ċéile; leaṫ ris an tsuiḋe ṫrócaire béid aiġṫe na ċearubiniġ.

21 Agus cuirfe tú an suiḋe trócaire súas ar an áirc; agus annsa náirc cuirfe tú an ḟiaḋnuisi do ḃéura misi ḋuit.

22 Agus ann sin ṫeigeoṁas misi riot, agus coṁráiḋfe mé riot ós cionn an tsuiḋe ṫrócaire, ó eidir an dá ċearubin noċ atá ar aírc na fiaḋnuisi, do na huile neiṫiḃ do ḃéura me ḋuit a naiṫne do ċloinn Israel.

23 Do ḋéana tú mar an ccéadna clár do ċrann Sitim: ḋá ċuḃad buḋ é a ḟad, agus cuḃad a leiṫead, agus cuḃad go leiṫ a áirde.

24 Agus foileoċa tú é dór ḟiórġlan, agus do ḋéana tú coróin oír ḋó timċioll fa gcúairt.

25 Agus do ḋéana tú imeal dó leiṫead baise timċioll fa gcúairt, agus do ḋéana ṫú coróin oír timċioll fa gcúairt don imeal.

26 Agus do ḋéana tú ḋó ceiṫre ḟainne oír, agus cuir na fainne iona ċeiṫre coirnéuluiḃ atá as a ċeiṫre ċosuiḃ sin.

27 Ṫall as coinne an imil béid na fáinniḋe mar áite dona maidiḋiḃ diomċar an ċláir.

28 Agus do ḋéana tú na maidiḋe do ċrann Sitim, agus foileoċa tú iád lé hór, ċor go niomċúrṫaoi and bórd léo.

29 Agus do ḋéana tú a ṁíasa sin, a líaċa sin, agus a ḃfoluiḋe sin, agus a scáluiḋe sin, ċum a ḃfolaċ leó; dór ḟiórġlan do ḋéana tú íad.

30 Agus cuirfe tú ar an mbórd arán taisbeannta a ccoṁnuiḋe roṁamsa.

31 Agus do ḋéana tú coinnléoir dór ḟíorġlan: dobair sloiġṫe do ḋéanntar an coinnleóir: a ċos agus a ḃeangáin, a scáluíḋe, agus a ċnapáin, agus a ḃláṫa, béid don ccéadna.

32 Agus tiucfuiḋ sé beangáin amaċ as a ṫáoḃ; trí beangáin don ċoinnleóir as aóntaoḃ, agus trí ḃeángáin don ċoinnleóir as an táoḃ eile:

33 Trí ḃulla déanta aṁuil almóinne, maille re cnap agus bláṫa a néinḃeangán; agus trí ḃulla déanta aṁuil almóinne annsa mbeangán oile, maille re cnap agus re bláṫ: mar sin ann sna sé beangánuiḃ ṫig amaċ as an ccoinnleóir.

34 Agus annsa ċoinnleóir béid ceiṫre scála déanta cósṁuil re halmóinne, maille re cnapuiḃ agus re bláṫuiḃ.

35 Agus biáiḋ cnap faói ḋá ḃeangán de, agus cnap faói ḋá ḃeangán de, agus cnap fáoi ḋá ḃeangan de, dó reír na sé mbeangán ṫig amaċ as an gcoinnleóir.

36 A ccnaip agus a mbeangáin béid don ní céadna: biáḋ se uile na éanobair ṡloiġṫe dór ḟíorġlan.

37 Agus do ḋéana tú a ṡeaċt soillse sin: agus soillseóċuiḋ tú a ṡolus sin, lé ttiuḃra solus anonn as a ċoinne.

38 Agus béid a ṫeanċuiriḋ sin, agus a ṁiása smóil, dór ḟíorġlan.

39 Do ṫalluinn dór ḟiórġlan do ḋéana sé é, maille ris na soiṫiġiḃ sin uile.

40 Agus taḃair haire go ndéana tú iad do réir a bpátruin, noċ do taisbéanaḋ ḋuit annsa tslíaḃ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan