Exodus 24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXIV. Saoṫair ċráiḃṫeaċ Ṁáoise. 12 Do ḃi sé ar an tsliaḃ, maille ré Día dá ḟiċead ló agus da ḟiċead oiḋċe, na ṫrosgaḋ. 1 Agus a duḃairt sé ré Maóise, Tárr súás ċum an TIĠEARNA, ṫu féin, agus Aáron, Nadab agus Abihú, agus seaċdṁoḋad do ṡinnsearuiḃ Israel; agus aḋruiḋsi a ḃfad amaċ. 2 Agus tiucfa Maóise aṁáin a ngar don TIĠEARNA: aċd ní ṫiucfaid siadsan a ḃfogus; ní mó raċas an pobal súas leis. 3 Agus táinic Maóise agus do innis don ṗobal uile ḃríaṫra an TIĠEARNA, agus á uile ḃreiṫeaṁnus; agus do ḟreagradar an poball uile lé héanġuṫ aṁáin, agus a duḃradar, Na huile ḃríaṫra noċ do laḃair an TIĠEARNA do ḋéanaimne íad. 4 Agus do scríoḃ Maóise bríaṫra an TIĠEARNA uile, agus do eirġe go moċ air maidin, agus do ṫóg altóir san ċnoc, agus ḋá ṗiléir ḋeúg, do réir ḋá ṫreiḃ ḋéag Israel. 5 Agus do ċuir sé dáoine óga do ċloinn Israel, noċ do ofráil ofrála loisge, agus do ioḋbuir íoḋburṫa síoṫċána do ḋaṁuiḃ don TIĠEARNA. 6 Agus do ġlac Maóise leaṫ na fola, agus do ċuir a mbáisíniḃ í; agus do ċroiṫ sé leaṫ na fola ar a naltóir. 7 Agus do ġlac sé leaḃar an ċunnarṫa, agus do léiġ a néisdeaċd an ṗobuil: agus a duḃradarsan, A nuile ní a dúḃairt an TIĠEARNA, do ḋéanam é, agus bíam uṁal. 8 Agus dó ġlac Ṁaoise a nfuil, agus do ċroiṫ ar an bpobal í, agus do ráiḋ, Ag so fuil an ċunnarṫa, do rinne an TIĠEARNA riḃ a ttáoḃ na mbríaṫarsa uile. 9 Annsin do ċuáiḋ Máoise súas agus Aáron, Nadáb, agus Abihú, agus séaċdṁoġad do ṡinnsearuiḃ Israel: 10 Agus do ċonncadar Día Israel: agus do ḃí, fáoi na ċosuiḃ mar do ḃeiṫ óbair ṗáḃalta do ċloiċ Ṡaṗir, agus aṁuil do ḃíaḋ corp neiṁe ann a ṡoillse. 11 Agus ar uáisliḃ ċloinne Israel níor leag sé a láṁ: mar sin do ċoncadar Día, agus a duádar, agus do iḃeadar. 12 Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Tárr ċugamsa suas ar a tslíaḃ, agus bí ann sin: agus do ḃéura misi claír ċloiċe ḋuit, agus dliġeaḋ, agus aiṫeanta do scrioḃ mé: ionnus go múinfe tusa ḋóiḃ iád. 13 Agus do eíriġ Maóise súas, agus a ṁinistir Iosua: agus do ċuáiḋ Maóise súas ar ṡliáḃ Dé. 14 Agus a duḃáirt ris na sinnsearuiḃ, Fanuíḋsi annso rin, nó go ttigeam a ris ċugaiḃ: agus feáċuiḋ atá Aáron, agus Hur ḃur ḃfoċair: má ḃionn cúis ag duine ar biṫ re ḋéanaṁ, tigeaḋ se ċuca. 15 Agus do ċuáiḋ Maóise suás ann sa tslíaḃ, agus do ḟoluiġ néul an sliáḃ. 16 Agus do ċoṁnuiġ glóir an TIĠEARNA ar ṡlíaḃ Sínái, agus do ḟoluiġ an néull é sé lá: agus an seaċdmaḋ lá do ġoir sé ar Ṁaóise amaċ as lár an néill. 17 Agus da ḃí raḋarc ġlóire an TIĠEARNA cosṁuil re teiniḋ loisgniġ, ar ṁullaċ an tsléiḃe a súiliḃ ċloinne Israel. 18 Agus do ċuaiḋ Maóise a lár an néill, agas ráinic sé súas ar a tslíaḃ: agus do ḃí Maóise ar a tslíaḃ ceaṫraċad lá agus ceaṫraċad oiḋċe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society