Exodus 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXI. Ata annso tionnsgnaḋ aír an eaċd ḃreaṫaṁnuis, ordaigṫe ċum a ḃeiṫ idir duine agus duine. 1 Annois is íad so na dliġṫe ċuirfeas tú rompa. 2 Má ċeanċann tú seirḃíseaċ Eaḃruiġeaċ, sé blíaġna ḃías se ág seirḃís: agus annsa seaċdṁaḋ, raċuiḋ sé amaċ sáor gan éinni. 3 Má ṫáinic sé leis féin a steaċ, raċuiḋ sé amaċ leis féin: má ḃí sé pósda, ann sin raċaiḋ a ḃean leis amaċ. 4 Má ṫug a ṁaiġistir bean dó, agus go rug sí mic, agus inġeana ḋó; biáiḋ an ḃean, agus an ċlann ag an maiġistir, agus raċuiḋ seision amaċ leis féin. 5 Agus má deir an seirḃíseaċ go follus, is ionṁuin liom mo ṁáiġistir, mo ḃean agus mo ċlann; ní raċá mé amaċ sáor: 6 Ann sin do ḃéara an Ṁaiġistir ċum na mbreiṫeaṁan é; do ḃéara sé mar sin ċum ándoruis é, no ċum ursain andoruis; agus tollfa a ṁaiġistir a ċlúas tríṫe lé meanaḋ; agus foiġeonuiġ sé ḋó go bráṫ. 7 Agus ma réacann duine a inġean do ḃeiṫ na banóglaiḋ, ní raċaiḋ sí a maċ mar do níd na nogláoiċ fear. 8 Muna ttaitniḋ sí ré na maiġistir, noċ do ċeanguil leis féin í, ann sin léigfe se a fuasglaḋ: a reic re cineaḋ coiṁiġṫeaċ ní ḃía cuṁaċda aige, ó rinne sé go cealgaċ ría. 9 Agus ma ċeanguil sé re na ṁac i, Do ḋéana ría do réir ṁoġa na ninġion. 10 Má ḃeir sé bean eile; a beaṫa, a héadaċ, a dúalġas pósta ní laiġdeoċáoiḋ sé. 11 Agus muna ndéarna sé na trí níse ría, ann sin raċaiḋ si amaċ sáor gan airgead. 12 An té ḃuailfeas neaċ, ionnus go néugfuiḋ sé, go deiṁin cuirfiġear ċum báis é. 13 Agus muna luiġe duine a ḃforaire, aċ do seaċoduiġ Día na laiṁ é; ann sin cinnfe mise áit ḋuit a tteiṫfiḋ sé. 14 Aċ má ṫig duine go dásaċdaċ ar a ċoṁarsain, dá ṁarḃaḋ le ceilg; béara tú óm altoir é, go ḃfuiġe bás. 15 Agus an té ḃúailfeas a aṫair, nó a ṁaṫair, cuirfíġear go deiṁin ċum báis é. 16 Agus an té ġadus duine, agus réacas é, no má ġeiḃṫeár na láiṁ é, cuirfíṫear go deiṁin ċum báis é. 17 Agus an té ṁalluiġeas a aṫair nó a ṁaṫair, cuirfíṫear go deiṁin ċum báis é. 18 Agus má imreasnuid daoine ré ċéile, agus go mbuáilfiḋ áon an fear eile, do ċloiċ, nó do ḋorn, agus naċ ḃfuiġe bás, aċ go gcuiṁdeoċuiḋ a leabuiḋ: 19 Ma éirġion sé a rís, agus go siuḃoluiḋ a maċ lé na ḃáta, ann sin sáorfuiġear an té do ḃuáil é, aṁain go níocfuiḋ sé ar son dúl amuġa a aimsire, agus go ttiuḃra fá deara a leiġios go hiomlán. 20 Agus ma ḃuáileann duine a ṡeirḃíseaċ, nó a ċailín, lé slait, agus go ḃfuiġe sé bás fáoi na láiṁ; dioġaltar air go deiṁin é. 21 Aċ má ṁairean sé lá no ḋó, ní ḋéantar dioġaltas air: óir is sé a airgead é. 22 Má imreasnuid dáoine, agus go ngoirteoċuiḋ bean torraċ, ionnus go nimeoċuiḋ a toraḋ uaiṫe, agus ar a ṡon sin naċ leanfuiḋ olc ar biṫ ḋe; coireoċṫar go deiṁin air, do réir mar ċuirfeas fear na mná air; agus díolfa mar óirdeoċaid na breiṫeaṁuin. 23 Agus má leanann urċoid ar biṫ ḋe, annsin do ḃéura tú anam ar son anma, 24 Súil ar ṡúil, fíacal ar ḟíacuil, láṁ ar láiṁ, cos ar ċois. 25 Loscaḋ ar son loiscṫe, cneaḋ ar son ċneiḋe, buille ar son buille. 26 Agus má ḃuáileann duine súil a ṡeirḃísiġ, no súil a ċailín, lé a gcaillfiḋ í, léigfiḋ ḋóiḃimṫeaċd sáor ar son a súl. 27 Agus má ḃéanann sé fíacail as a ṡeirḃíseaċ fir, no fíalcail as a ṡeirḃíseaċ mná; leígfe ḋóiḃ iṁṫeaċd saór ar son a ḃfíacal. 28 Má loiteann daṁ fear nó bean, dá ḃfuiġíd bás: ann sin go deiṁin cloċfuiġear an daṁ, agus ni hióstar a ḟeóil: aċ saórfuiġear sealḃadóir an daiṁ. 29 Aċ má ġnáṫuiġ an daṁ saṫaḋ le na aḋarcuiḃ sa naimsir roiṁe sin, agus gur fiaġnuiseaḋ sin dá ṡealḃadóir, agus nár ċoiṁead sé a stiġ é, aċ gur ṁarḃ sé fear nó bean; cloċfuiṫear an daṁ, agus cuirfiġear fós an sealḃadóir ċum báis. 30 Má leagṫar suim airgid air, an sin do ḃéara sé ar son fuasguilt a anma giḋ bé ar biṫ leagfuiġear air. 31 Giḋ bé aca do loit sé mac nó inġean, is do réir an ḃreiṫeaṁnuis so do ḋéantar rís. 32 Má loiteann an daṁ seirḃíseaċ fir nó seirḃíseaċ mná; do ḃéura sé dá Maiġistir trioċad secel do airgiod, agus cloċfuiġear an daṁ. 33 Agus má osclann duine poll, nó ma ṫoċlann duine poll, agus naċ ḃfoileoċuiḋ é, agus go ttuitfiḋ daṁ nó assal ann; 34 Do ḋéana sealḃadóir an ṗoill go maiṫ é, agus do ḃéura airgead don té ler leis íad; agus buḋ leis féin an beaṫaċ marḃ. 35 Agus má ġortuiġeann daṁ aónduine, daṁ ḋuine eile, go bfuiġe sé bás; ann sin réacfuid, an daṁ beó, agus roinnfid a airgead; agus riomfid mar an ccéadna an daṁ ṁarḃ. 36 Nó má ḃíonn a ḟios go ngnáṫuiġeaḋ an daṁ saṫaḋ se naimsir roiṁe sin, agus nar ċoiṁéad a ṡealḃadóir a stiġ é; íocfaiḋ go deiṁin daṁ ar ḋaṁ; aċ biáiḋ an marḃ aige féin. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society