Exodus 20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XX. Atáid na Haiṫeanta ar na ntaḃairt seaċ. 18 Lé crioṫnuġaḋ agus uaṁun an ṗobail. 1 Agus do laḃair Día na bríaṫra so uile, ag ráḋ, 2 Is misi anTTIĠEARNA do Ḋía, noċ do ṫréoruiḋ ṫusa amaċ as talaṁ na Hégipte, as tiġ na daóirse. 3 Ní ḃíaiḋ Día ar biṫ eile agad am láṫairse. 4 Ní ḋéana tú ḋuit féin ióṁáiġ ar biṫ ġráḃalta, nó cosaṁlaċd ar biṫ éainneiṫe dá ḃfuil ar neaṁ ṡúas, nó dá ḃfuil ar talaṁ ṡíos, no da ḃfúil sa nuisge faói an talaṁ: 5 Ní ċláonfa tú, ṫú féin síos dóiḃ, nimo seirḃís do ḋeanaṁ dóiḃ: oír misi an TIĠEARNA do Ḋía, is Día éadṁar mé, ṫig dféaċuim ṗeacuiḋ na naiṫreaḋ ar an gcloinn, gus an treas agus an ceaṫraṁaḋ glún don druing ḟuaṫuiġeas mé; 6 Agus ṫaisbéanas trócaire do ṁíltiḃ don luċd ġráḋuiġeas mé, agus ċoiṁéadas maiṫeanta. 7 Ná taḃair ainm an TIĠEARNA Día go díoṁaóin; oir ní ṁeasfuiḋ an TIĠEARNA neiṁċiontaċ an té ḃeir a ainm go díoṁáoin. 8 Cuiṁniġ lá na sábóide, go náoṁṫóċa é. 9 Sé laéṫe ṡáoṫroċuis tú, agus ḋeánas tú hobair uile: 10 Aċ sé an seaċdṁaḋ lá sábóid an TIĠEARNA do Ḋía: ní ḋéana tú obair ar biṫ ann, tú feín, nó do ṁac, nó hinġean, hóglaċ, nó do ḃanoglaċ, no táirnéis, nó do ċoiṁiġṫeaċ atá táoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ: 11 Oir ís a sé láeṫiḃ do rinne an TIĠEARNA neaṁ agus talaṁ a nfairge agus a nuile ni atá ionta, agus do scuir sé an seaċdṁaḋ lá: uime sin do ḃeannuiḋ an TIĠEARNA lá na sábóide, agus da naoṁuiġ é. 12 Onoruiġ haṫair agus do ṁaṫair: ionnus go ma fada do laeṫe ar an ttalaṁ noċ do ḃeir an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit. 13 Ní ḋéana tú dúnṁarbaḋ. 14 Ní ḋéana tú aḋaltrannas. 15 Ní ḋéana tú goid. 16 Ní ḃéura tú fíaġnuisi ḃréige a naġuiḋ do ċoṁarsan. 17 Ní ṡainteoċa tú tiġ do ċoṁarsan, ní ṡainteoċa tú bean do ċoṁarsan, nó óglaċ do ċoṁarsan, nó a ḃanóglaċ, nó a ḋaṁ, nó a assal, no énni is lé do ċoṁarsaín. 18 Agus do ċoncadar an pobal uile na tóirneaċa, agus na tinnteaċa, agus fuáim an sduic, agus an slíaḃ ag deatuġaḋ: agus a nuáir do ċoncadar an pobal é, do aṫruiġeadar, agus do ṡeasadar a ḃfad uáḋ. 19 Agus a duḃradar ré Maóise, Laḃairsi rinne, agus cluinfiom: aċ na laḃraḋ Día rinn, deugla go ḃfuiġmís bás. 20 Agus a duḃairt Maóise ris an pobal, Ná bíoḋ eagla oruiḃ: óir is do ḃur ndearḃaḋ ṫainic Día, agus ionnus go mbía eagla as coinne ḃur naġáiḋeaḋ, ionnus naċ bpeacuiġeaḋ siḃ. 21 Agus do ṡeas an pobal amaċ, agus do ḋruid Maóise a ngar don dorċadas tiuġ mar a raiḃ Día. 22 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Is mar so déaras tú ré cloinn Israel, Do ċoncaḃair gur laḃair mé riḃ ó neaṁ. 23 Ní ḋéantáoi maille riomsa dée airgid, ní mó do ḋéantáoi ḋáoiḃ dée óir. 24 Altóir do ċriáiḋ do ḋéana tú ḋáṁsa, agus ioḋbóruiḋ tú uirre sin, hofrála loisge, agus hofrála síoṫċána, do ċáoiriġ, agus do ḋaiṁ; sa nuile ḃall a ttiuḃra mé fa deara mainm do ċuiṁniuġaḋ, tiucfa mé ċugadsa, agus beannoċa mé ṫú. 25 Agus má ní tú altóir ċloiċe ḋaṁ, ni ṫoigeoḃa tu i do ċloċuiḃ snoiġte: óir má ṫógḃann tú huirneis súas uirre, do ṫruáill tú í. 26 Ní mó raċus tu súas lé coiscéimiḃ ċum maltóra, ionnus naċ biáiḋ do lomnoċduiġe ar na taísbeanaḋ uirre. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society