Exodus 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II. Oileaṁan rioġa ag Maoisi. 11 A ġaisge. 15 A ṫeiċeaḋ. 21 Agus a ṗósaḋ. 1 Agus do ċuáiḋ duine as tiġ Léḃi, agus do ṗós sé inġean do Léḃi. 2 Agus do ṫoirrċeaḋ an ḃean, agus rug sí mac: agus a nuáir do ċonnairc sí go raiḃ sé na náoiḋin ḃréaġdah, do ċeil sí é ar feaḋ ṫrí míosa. 3 Agus a nuáir ḟéad sí a ċeilt ní buḋ faide, do rinne sí coṁra buigḃinne, agus do ċuir dóbáil laṫuiġe agus pic uirre, agus do ċuir an leanaṁ innte; agus do ċuir annsa tsoiliostar ar ḃrúaċ na haḃann é. 4 Agus do ṡeas a ḋeirbṡiur a ḃfad úaḋ, dfios cread do ḋéantaói ris. 5 Agus táinig inġean Ṗárao a núas dá niġe féin ag a naḃuinn; agus do ḃádur a caílíniġ ag siuḃal ar ḃrúaċ na haḃann: agus a nuáir do ċonnairc sisi an ċoṁra a measg an tsoiliostair, do ċuir sí a cailín dá ṫaḃairt. 6 Agus a nuáir do osguil sí í, do ċonnairc sí an leanaṁ: agus, féaċ, do ġuil an náoiḋean. Agus do ḃí trúaiġe aice ḋó, agus a duḃairt sí, Is aón do ċloinn na Neaḃruiḋeaċ so. 7 Ann sin a duḃairt a ḋeirḃṡíur re hinġin Ṗárao, An raċa misi do ġairm banaltrann do na mnáiḃ Eaḃruiḋeaċa ċugad, go noilfid an leanaṁ ḋuit? 8 Agus a duḃairt inġean Ṗárao ria, Eiriġ. Agus do imṫiġ an cailín, agus do ġoir sí maṫair an léiniṁ. 9 Agus a duḃairt inġean Ṗárao ría, Beir an leanaṁ so leaċd, agus oil daṁsa é, agus do ḃéura mé do ṫúarusdal duit. Agus do ġlac an ḃean an leanaṁ, agus do oil sí é. 10 Agus do ḟás an leanaṁ, agus tug sí do inġin Ṗárao é, agus do ḃí na ṁac aice. Agus tug sí Máoise dainm air: agus a duḃairt sí, Do ċionn gur ṫarruing mé as a nuisge é. 11 Agus tárrla fa nam sin, a nuáir do ḟás Máoisi, go ndeaċuiḋ sé amaċ mar a raḃadur a ḋearḃráiṫre, agus gur ḟéuċ sé ar a núaluiġiḃ: agus do ċonnuirc Egipteaċ ag búalaḋ Eaḃruiḋiġ, áon dá ḋearḃráiṫríḃ. 12 Agus do ḟéuċ sé annso agus ann súd, agus a nuáir do ċonnairc naċ raiḃ aonduine ann, do ṁarḃ sé an Tégipteaċ, agus do ḟoluiġ sé annsa ġaineaṁ é. 13 Agus a nuáir do ċuáiḋ sé amaċ an dara lá, féuċ, do ḃádur días do na Heaḃruiḋiḃ ag troid: agus a duḃairt seision ris an té do rinne a néaccóir, Créad fá mbuaileann tú do ċompanaċ? 14 Agus a duḃairt seision, Cía rinne prionnsa, agus breiṫeaṁ ḋíotsa ós ar ccionne? a né ṡaóilios tú misi ṁarḃaḋ, mar do ṁarḃ tú an Tégipteaċ? agus do ġlac eagla Maoisi, agus a duḃairt, Is deiṁin gur fríṫ fios an ġníoṁasa. 15 Annois a nuáir do ċúaluiḋ Ṗárao an nísi, do íarr sé Máoisi do ṁarḃaḋ. Aċ do ṫeiṫ Máóisi as raḋarc Ṗárao, agus so ċoṁnuiġ sé a gcriċ Ṁídian: agús do ṡuiġ sé síos laiṁ re tobar. 16 A nois do ḃi ag sagart Ṁídian móirṡesior inġean: agus tangadur agus do ṫairngeadur uisge, agus do líonadar na humair do ṫaḃairt uisge do ṫréad a naṫar. 17 Agus tangadur na háoḋairíġe, agus do ċuireadur ar siuḃal iad; aċ do ṡeas Maóisí agus do ċuidiḋ leó, agus tug uísge dá ttréud. 18 Agus a nuáir tangadur mar a raiḃ Reuel a naṫair a duḃairt sé, Cionnus tangaḃáir coṁlúaṫ so a niuġ? 19 Agus a duḃradarsan, do ṡáor Egiptaċ sinn ó láṁuiḃ na naoḋaireaḋ, agus fós do ṫarruing uisge go lór ḋúinn, agus tug uisge don tréud. 20 Agus a duḃairt seision ré na inġeanuiḃ, Cáit a ḃfuil an té sin? créad fár ḟáġaḃair an toglaċ? goiriḋ é a steaċ go niṫiḋ sé arán. 21 Agus bá toil lé Maoisi coṁnuiġe a ḃfoċair a nóglaoiċ sin: agus tug sé do Ṁaóisi Sipporah a inġean. 22 Agus rug sí mac ḋó, agus tug Gersom dainm air; óir ar seision, Do ḃí mé am ċoigcríoċ a ttír ċoigríċ. 23 Agus tárla a gcionn aimsire go ḃfuáir ríġ na Hégipte bás: agus do ḃáder clann Israel ag osnaḋuiġ tré ṁéid a ndaóirse, agus do eiġṁeadar, agus ṫáinic a néiġṁe súas ċum Dé tré na ndáoirse. 24 Agus do ċúaluiḋ Día a nusnaḋa, agus do ċuiṁniġ Día a ċunnraḋ re Habráham, re Hísaac, agus ré Iácob. 25 Agus do ḟéaċ Día ar ċloinn Israel, agus do ḃí truáiġe ag Día ḋóiḃ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society