Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Exodus 19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIX. Ṫaisbein Día é féin a sliaḃ Sinai. 10 Dorduiġ sé do Ṁaoise a iarraiḋ ar an ṗobul a naoṁuġaḋ fein, accoinne a reaċd a ḟaġala.

1 Annsa treas ṁi a nuáir dó ċuadar clann Israel amaċ as críċ na Hégipte, an lá céadna ṫangadar go fásaċ Sínai.

2 Oir do ḃádar ar nimṫeaċd ó Réṗidim, agus tangadar go díoṫraṁ Sinai, agus do ċoṁnuiġeadar san ḃfásaċ; agus ann sin do rinneadur clanna Israel coṁnuiġe as coinne an tsléiḃe.

3 Agus do ċuáiḋ Maóisi súas go Día, agus do ġoir Día air as a tslíaḃ, ag ráḋ, Is marso deurá tú re tiġ Iácob, agus innis do ċloinn Israel;

4 Do ċoncaṁair cred do rinne mé ris na Hégiptiḃ, agus cionnus do iomċuir mé siḃsi ar eitiḃ iolair, agus tug mé ċugam feín siḃ.

5 Anois uime sin, má uṁluiġṫiġ dom ġuṫ daríriḃ, agus mo ċunnraḋ do ċoṁall, annsin beiṫí mar nionṁus diongṁálaḋ agam os cionn gaċ uile ṗobal: óir is liomsa an talaṁ uile:

6 Agus beiṫi agum ḃar rioġaċd sagart, agus ḃar gcineaḋ naoṁṫa. A siad so ná bríaṫra laḃeorus tú re cloinn Israel.

7 Agus táinic Maóise, agus do ġoir sé ar ṡinsearuiḃ an ṗobuil, agus do ċuir as a ccoinne na bríaṫra so uile, noċ do aiṫin an TIĠEARNA ḋe.

8 Agus do ḟreagradar an pobal uile a néinḟeaċd, agus a duḃradar, a nuile ní do laḃair an TIĠEARNA do ḋéanuim é. Agus do ḟill Maóise bríaṫra an ṗobuil ċum an TIĠEARNA.

9 Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóisi, Féuċ, tigimse ċugad a neull tiuġ, ċor go gcluinfid an pobal a núair laiḃeórad riot, agus go ccreidfid ṫú go bráṫ. Agus do innis Maóise briaṫra an ṗobuil don TIĠEARNA.

10 Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóisi, Eiriġ gus an bpobal, agus naóṁuiḋ iad a niuġ agus a máraċ, agus niġedís a néaduiġe,

11 Agus biṫi réiġ a gcoinne an treas lá: óir an treas lá ṫiucfas an TIĠEARNA a núas a naṁarc an ṗobuil uile ar slíaḃ Sínai.

12 Agus cuirfe tu teóranna ré huċd an ṗobail timċioll fa ccuáirt, ag ráḋ, Tugaiḋ aire ḋáoiḃ féin, naċ raċṫaoi súas ar an tslíaḃ, no naċ beanfuiḋe re na imeal: giḋ be ḃeanfus ris a tslíaḃ, go deiṁin cuirfiġear ċum báis é:

13 Ni ḃainfe láṁ ris, aċ go deiṁin cloċfuiġear é, no goinfiġear ṫríd é, mas ainṁiḋe é nó duine, ni ṁairfe sé: a nuair ṡeidfeas se an stoc go sínteaċ, tíucfaid súas ċum na tsléiḃe.

14 Agus do ċuaiḋ Maóise síos ón tslíaḃ ċum an ṗobuil, agus do náoṁuiġ an pobal; agus do níġeadar a néuduiġe.

15 Agus a duḃairt sé ris an bpobal, Biṫi reiḋ a ccoinne an treas lá: na tigiḋ a ngar ḃur mban.

16 Agus tárla an treas lá air maidin, go raḃadar tóirneaċa agus tinnteaċa, agus neul tiuġ ar a tslíaḃ, agus guṫ an sduic ro árd; ionnus gur crioṫnuiġeadar a raiḃ do ḋaóiniḃ annsa ċampa.

17 Agus tug Maóise an pobal amaċ as an ccampa do ṫeagṁáil re Día; agus do ṡeasadar ag an gcuid íoċdaruiġ don tslíaḃ.

18 Agus do ḃí slíaḃ Sínai uile fá ḋeatuiġ, do ċionn gur ṫuirling an TIĠEARNA air a tteiniḋ: agus do ċuáiḋ a ḋeataċ suás aṁuil ḋeataċ fuirnise, agus do ċrioṫnúiġ an slíaḃ uile go mór.

19 Agus a nuair do ḟuáimniġ guṫ an sduic a ḃfad, agus do ḟás níos airde, do laḃair Maóise, agus do ḟreagair Día é re guṫ.

20 Agus táinic an TIĠEARNA a núas ar ṡlíaḃ Sínai, ar ṁullaċ an tsléiḃe: agus do ġoir an TIĠEARNA Maóise súas go mullaċ an tsléiḃe; agus do ċuáiḋ Maóise súas.

21 Agus a duḃairt an Tiġearna re Maóise, Eiriġ síos, aiṫin don ṗobal deagla go mbrisfidís ṫríd ċum an TIĠEARNA dá ḟéiṫeaṁ, agus go dtuitfeaḋ morán díoḃ.

22 Agus na sagairt mar an gceádna, noċ ṫig a ḃfogus don TIĠEARNA, naoṁaidis íad féin, deagla go mbrisfeaḋ an TIĠEARNA amaċ órra.

23 Agus a duḃairt Maóise rís anTTIĠEARNA, Ní ḟéadaid an pobal dul súas ar ṡlíaḃ Sínai: óir do aiṫin tusa ḋínn ag raḋ, Cuir tóranna timċioll an tsléiḃe, agus naoṁaiḋ é.

24 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Imṫiġ roṁad, éiriġ siós, agus tiucfa tú a niós, ṫú féin, agus Aáron leaċd: agus ná léig do na sagartuiḃ, agus don ṗobal briseaḋ ṫríd, do ṫeaċd suás ċum an TIĠEARNA, deaglá go mbrisféaḋ sé amaċ orra.

25 Marsin do ċuáiḋ Maóise síos gus an bpobal, agus do laḃair sé riú.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan