Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Exodus 17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVII. Talaċ an ṗobail an treas uaire 5 Tug Día uisge ḋoiḃ as carraig Hóreb. 8 Ḃúaḋuiġeadar ár Amalec, (an ceud naṁad) tré urnaiġe Ṁaoise.

1 Agus do ġluáiseadur coṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel uile ó ḟásaċ Sin, tar éis a naistior do réir aiṫne an TIĠEARNA agus do ċuireadar fuṫaḋ a Reṗidim: agus ní raiḃ uisge ag an bpobal ré na ól.

2 Uime sin do laḃradar an pobal ré Maóise go géur, agus a duḃradar. Taḃair ḋuinn uisge go niḃimís. Agus a duḃairt Máoise ríu, Cred fá ccáintí misi? Créad as a ccurṫáoi caṫuġaḋ ar an DTIĠEARNA?

3 Agus do ḃí tart uisge ar an bpobal; agus do rinneadar an pobal iṫiomraḋ a naġuiḋ Ṁaóisi, agus a duḃradar, Cred fá ttug tú leaċd sinn súas as a Négipt dar marḃaḋ, agus do ṁarḃaḋ ar gcloinne, agus ar náirnéisi le tart?

4 Agus do éiġ Maóise ar anTTIĠEARNA, ag ráḋ, Creúd do ḋéuna mé ris an bpobalsa? is beag naċ ḃfuilid a ninṁe gaḃála do ċloċuiḃ orum.

5 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Imṫiġ roṁad a laṫair an ṗobail, agus beir leáċd do ṡinsearuiḃ Israel; agus an tslat, lear ḃuail tú a naḃann, beir leaċd ad láiṁ í, agus imṫiġ.

6 Féuċ, seasfa misi, roṁad ann sin ar an gcarruig ann Hóreb; agus buáilfe tusa an ċarrag, agus tiucfaiḋ uisge amaċ aiste, da niḃiḋ an pobal: agus do rinne Maóise sin a laṫair ṡinnsear Israel.

7 Agus do ġoir sé ainm na háite Massah, agus Meribah, do ċionn cáinte ċloinne Israel, agus do ċionn gur ċuireadar caṫuġaḋ ar an DTIĠEARNA, ag ráḋ, An ḃfuíl an TIĠEARNA ar measg, nó naċ ḃfuil?

8 Ann sin ṫainic Amalec, agus do ṫroid sé ré Israel ann Reṗidim.

9 Agus a duḃairt Maóise ré Iosua, Tóġ ḋuinn amaċ dáoine, agus eirġi ámaċ, agus troid re Hamalec, a máraċ seasfa misi ar mullaċ an ċnuic maille ré slat Dé am láiṁ.

10 Mar sin do rinne Iosua mar a duḃairt Maóise ris, agus do ṫroid ré Hamalec: agus do ċuáiḋ Maóise agus Aáron, agus Hur suas a mullaċ an ċnuic.

11 Agus tárla, a nuáir do ċonnuiṁ Maóise a láṁ súas, go rug Israel buáiḋ; agus a nuáir do léig a láṁ síos, do rug Amalec buaiḋ.

12 Aċd do ḃádar láṁa Ṁaóise trom; agus do ġlacadar cloċ, agus do ċuireadur fáoi é, agus do ṡuiġ sé uirre; agus do ċonnuiṁ Aáron agus Hur a láṁa súas, áon díoḃ ar ṫáoḃ ḋe, agus áon ar ṫáoḃ eile; agus do ḃádur a láṁa seasṁaċ go dul na gréine fáoi.

13 Agus do ċlaoiḋ Iosuá Amalec agus a ḋáoine le fáoḃar an ċloiḋiṁ.

14 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Sgríoḃ so mar ċuiṁne a leaḃar, agus aiṫris é a gcluasuiḃ Iosua: óir cuirfe mé as go hiomlán cuiṁne Amalec ó fáoi neaṁ.

15 Agus do ṫóg Maóise altóir, agus do ġoir IEHOVAH nissi dainm ḋi.

16 Oir a duḃairt se, Do ċionn gurṁionnuiġ an TIĠEARNA go mbíaḋ cogaḋ aige ré Amalec ó ġeinealaċ go geinealaċ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan