Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Exodus 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVI. An dara uair do ḋearnadar clann Israel múnḃar, eaḋon, ioma ḟeóla. 4 Do ċuir Día sáṫ gearġuirt agus manda, ċucṫa.

1 Agus do ġluáiseadar ó Elim, agus táinic coṁċruinneaġaḋ ċloinne Israel uile go fásaċ Sin, noċ atá idir Elim agus Sínai, an cúigeaḋ lá déug don dara ṁí, tar éis a tteaċd as críċ na Hégipte.

2 Agus do rinneadur coṁcruinniuġaḋ ċloinne Israél uile munḃar a naġaiḋ Ṁaóise agus Aároin san ḃfásaċ:

3 Agus a duḃradur clann Israel ríu, Do bfear linn go ḃfaġmáois bás re láiṁ an TIĠEARNA a gcríċ na Hégipte, a nuáir do ṡuiġeamar láiṁ ré potuiġiḃ na féola, agus a nuair do iṫmís arán ar saiṫ: óir tug siḃsi amaċ sinn san ḃfásaċ so, do ṁarḃaḋ na coiṁṫionalasa uile lé hocrus.

4 An sin duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Féuċ, fearfa misi aran ó neaṁ ḋáoiḃ, agus raċuid na dáoine amaċ agus cruinneoċuid suim áiriġe gaċ lá, go ndearḃa mé íad, an siuḃoluid ann mo ḋliġeaḋ, nó naċ déanúid.

5 Agus tiucfaiḋ a ccriċ an seiseaḋ lá, go nuilṁeoċuid an ni do ḃéuruid léo a steaċ; agus biáiḋ sé fá ḋó ní is mó na an ní ċruinniġid go láeṫeaṁuil.

6 Agus a duḃairt Maóise agus Aáron ré cloinn Israel uile, Tráṫnóna, ann sin aiṫeóntáói gur bé an TIĠEARNA ṫug amaċ siḃ as críċ na Hégipte:

7 Agus ar maidin ann sin do ċifíḋe gloir an TIĠEARNA; óir dó ċluin se ḃur munḃar a naġaiḋ an TIĠEARNA: agus créad sinne, as a ndéanaḋ siḃ munḃar ar naġuiḋ?

8 Agus a duḃairt Maóise, Bíaiḋ an ní marso, a nuáir do ḃeura an TIĠEARNA ḋiḃ tráṫnóna féóil re iṫe, agus ar maidin arán ḃur sáiṫ; do ċionn go gcluin an TIĠEARNA ḃur munḃar noċ do niṫí do ṁunḃar na aġuiḋ: óir cioḋ sinne? ní ar naġuiḋne atáid ḃur munḃar, aċd a naġuiḋ an TIĠEARNA.

9 Agus do laḃair Maóise ré Haáron, Abair ré coiṁṫíonól ċloinne Israel uile, Tiġiḋ a ḃfogus a láṫair an TIĠEARNA: óir do ċúaluiḋ sé ḃur munḃar.

10 Agus tárla, mar do laḃair Aáron le coiṁṫionol ċloinne Israel uile, gur ḟéuċadur a leiṫ a nfásaiġ, agus, féuċ, do ḟoillsiġ glóir an TIĠEARNA annsa néull.

11 Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ag ráḋ,

12 Do ċúala mé munḃar ċloinne Israel: laḃair ríu, ag ráḋ, Tráṫnóna, iostáoi feóil, agus ar maidin líonfuiġear le harán siḃ; agus aiṫeóntáoi gur misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.

13 Agus tárla traṫnóna, go ttangadar na gearraġuirt súas, agus gur ḟoluiġeadar an campa: agus ar maidin do luiġ an drúċd fá gcuáirt a dtimċioll an tsluáiġ.

14 Agus a nuair do imṫíġ an drúċd súas, noċd do luiġ, féuċ, do luiġ ar ġnuis an ḟasuiġ ni beag cruinn coiṁmion rís an tsioc líaṫ ar a talaṁ.

15 Agus a nuáir do ċonncadar clann Israel é, do ráiḋeadar an duine re a ċéile is Manna é: óir ni raiḃ a ḟios aca créad é. Agus a duḃairt Maóise ríu, Ag so tarán ṫug an TIĠEARNA ḋaóiḃ ré iṫé.

16 A sé so an ní noċ do aiṫin an TIĠEARNA, Cruinniġeaḋ gaċ áonduine ḋe do réir mar iósas sé. Omer dá gaċ áonduine, do réir uiḃire ḃur nanmann; beiriḋ liḃ gaċ áonduine aguiḃ ċuca sin ata an ḃur lóistiniḃ.

17 Agus do rinneadar clann Israel sin, agus do ċruinniġeadar cuid ní bá luġa, agus cuid ní bá ṁó.

18 Agus a nuair do ṫoiṁseadar é le omer, an té do ċruinniġ iomarcuiḋ, ní raiḃ éainni dá ḃárr aige, agus an té do ċruinníġ beagan, nior ṫeasda éainní uaḋ: do ċruinniġ gaċ áon acá do réir mar do íosaḋ sé.

19 Agus a duḃairt Maóise, Na fágḃaḋ áonduine ní ḋe a ccoinne na maidne.

20 Giḋeaḋ níor éisdeadar ré Maóise; aċ do ḟág cuid ḋíoḃ ní ḋe go maidin, agus do rinneaḋ cnuṁa ḋe, agus do ḃréun; agus do ḃi Maóisi feargaċ riú.

21 Agus do ċruinniġeadar é gaċ éanṁaidin, gaċ áon do réir mar do íosaḋ sé: agus a nuáir do lasaḋ an ġrían, do leaġaḋ sé.

22 Agus tárla, ar a seisioḋ lá gur ċruinniġeadar ḋá uirid aráin, ḋá omer gaċ áonduine aca: agus tangadar uaċdaráin an ċoiṁṫionol úile, agus do innseadar sin do Ṁaóise.

23 Agus a duḃairt sé riú, Se so ann ní a duḃairt an TIĠEARNA, A máraċ atá suáiṁneas na sáoire náoṁṫa don TIĠEARNA: fuiniġ a niúġ an ṁeid bfuinfiġe, agus bruiṫiġ an ṁéid ḃruiṫfiḋe: agus an ṁéid ḃias ós a ċionn, cuiriḋ súas diḃ féin dá ċuṁdaċ go maidin é.

24 Agus do ċuireadar súas é a dtaisciġ go maidin, mar do aiṫin Maóisi ḋíoḃ, agus níor ḃréun sé agus ní raiḃ én ṗéist ann.

25 Agus do ráiḋ Maóise, Iṫiḋ sin a niuġ; óir is sabóid don TIĠEARNA an lá as niuġ: ní ḃfuiġṫí a niuġ é annsa ṁaċaire.

26 Sé la ċruinneoċṫáoi é; aċd an seaċdṁaḋ lá, noċ atá na ṡáoire, ní ḃía sé ann.

27 Agus tárla, go ndeaċadar cuid don ṗobal amaċ an seaċdṁaḋ lá do ċruinniuġaḋ, agus ni ḟúaradar éinni.

28 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Gá fad ḃeiṫi ag diultaḋ maiṫeantaḋ, agus mo ḋliġṫe do ċoíṁéud?

29 Féuċ, ar a ṡon so tug an TIĠEARNA an tsábóid ḋáoiḃ, uime sin do ḃeir sé ḋáoiḃ air an seiseaḋ lá arán ḋa lá: fanaḋ gaċ áon aguiḃ na áit, ná héirgeaḋ einneaċ aguiḃ amaċ as a áite air an seaċdṁaḋ lá.

30 Mar sin do ḟosadar an pobal air an seaċdṁaḋ lá.

31 Agus do ġoir teaġ Israel manna ḋé sin mar ainm: agus do ḃí sé geal mair ṡíol coriander; agus a ḃlas cosṁuil ré aḃlainn do ḋéantáoi ré mil.

32 Agus a duḃairt Máoise, Sé so an ní aiṫniġíos an TIĠEARNA, Lionuiḋ ómer ḋé dá ċoiṁéud fá ċoinne ḃur sleaċda; ar ċor go ḃfaicfiḋ síad an tarán lear ḃeaṫuiḋ mé siḃ san ḃfásaċ, a nuáir ṫug mé amaċ siḃ as talaṁ na Hégipte.

33 Agus a duḃairt Maóise ré Háaron, Glac póta, agus cuir lán ómer do ṁanná ann, agus cuir a ḃfiaġnuisí an TIĠEARNA é, dá ċoiṁeud do ḃur sleaċduiḃ.

34 Fá mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise, mair sin do ċuir Aáron súas é as coinne na fíaḋnuise, dá ċuṁdaċ.

35 Agus a dúadar clann Israel manna ceaṫraċad blíaḋan, nó go ttangádar go tír áitreaḃa: do ḃádar ag iṫe manna, nó go ttangádar go teóruinn ṫire Ċánaain.

36 Omer annois ionnan í; agus an deaċṁaḋ cuid do eṗah.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan