Exodus 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XV. Caiṫreim Ṁáoisi, Israel, agus Ṁiriam. 23 Ceud gearan an ṗobail ag na huisgeaċaiḃ searḃa. 1 Ann sin do ġaḃ Maóise agus clann Israel an dánsa don TIĠEARNA agus do laḃradar, ag raḋ, Cánad don TIĠEARNA; óir rug sé búaiḋ go glorṁar: an teaċ agus an marcaċ do ṫeilg sé san ḃfairge. 2 Ase an TIĠEARNA mo neart agus mo ḋan, agus do ḃí sé na ṫárṫáil daṁ: is eision mo Ḋía, agus do ḋéana mé áit coṁnuiġe ullṁuġaḋ ḋó: Día maṫar, agus airdeoċa me é. 3 Is fear coguiḋ an TIĠEARNA; sé an TIĠEARNA is ainm ḋó. 4 Do ṫeilg sé carbuid Ṗárao, agus a ṡluaġ san ḃfairge: atáid fós a ċaiptíniġ toġṫa báite san Ṁuir ruáiḋ. 5 Do ḟolċadar na haigéin íad: do sluigeaḋ aníoċdar íad mar ċloiċ. 6 Do rinneaḋ do láṁ ḋeas, ó a ṪIĠEARNA, glórṁar a ccuṁaċd: do ḃris do láṁ ḋeas, o a TIĠEARNA, an náṁuid na mbloġuiḃ. 7 Ré méud hoirḋearcuis do ċlaoiḋ tú íad noċ do éiriġ súas ad aġaiḋ: do ċuir tú tḟearg amaċ, noċ do ċnáoi íad mar ċonlaċ. 8 Agus le séideaḋ do ṡróna do cruinniġeaḋ na huisgiḋe a ccionn a ċéile, do ṡeasadar na tuilte súas mar ċruaiċ, agus do ceanglaḋ ḋá ċeile na haigéin a ninnṁeaḋon na fairge. 9 A duḃairt an naṁuid, Leanfad, béarad orra, roinnfead a néadail; lasfuiḋear manntoil orra; tairreonga mé mo ċloiḋeaṁ sgriosfuiḋ mo láṁ íad. 10 Do ṡeíd tú lé do ġaóiṫ, do ḟoluiġ a nfairge íad: Do ċúadar faói aṁuil luáiġe ann sna huisgiḋiḃ laidre. 11 Cía as cosṁuil riot, a ṪIĠEARNA, a measc na ndée? cía as cosṁuil riot, glórṁar a naoṁṫaċd, eaglaċ a meltuíḃ, ag déanaṁ iongantaḋ? 12 Do ṡín tú amaċ do láṁ ḋeas, do ṡluig an talaṁ íad. 13 Dó ṫréoruíġ tusa ann do ṫrócaire an pobal noċ do ḟúascuil tú: tug tú éolus dóiḃ ann do neart ċum háitriḃ náoṁṫa. 14 Cluinfid an pobal, agus biáiḋ eagla orra: géuḃa dóbrón greim ar aitreóiriḃ Ṗalestína. 15 Ann sin béid duiḃciḋe Edom lán díongantus; daóine cuṁaċdaċa Moab, géuḃuiḋ criṫ greim orra; leiġfid áitreóiriġ Ċanaain uilé. 16 Tuitfiḋ uaṁan agus eagla orra; lé méid do laiṁe béid síad toċdaċ mar ċloiċ; no go ndeaċuiḋ do ṗobalsa ṫairis, a ṪIĠEARNA, no go ndeaċuiḋ an pobal ṫairis, noċ do ċeannuiġ tusa. 17 Do ḃeara tú a steaċ íad, agus suiḋeoċa tú íad a slíaḃ hoiġreaċda: annsa náít, a ṪIĠEARNA, do rinne tú ḋuit feín ċum coṁnuiġe ann, annsa tsanctóra, a ṪIĠEARNA, nóċ do ḋaingniġeadar do láṁa. 18 Biaiḋ an TIĠEARNA a rioġaċd go sáoġal na sáoġal. 19 Oír do ċuáiḋ eaċ Ṗarao a steaċ gon a ċarbaduiḃ agus gon a ṁarcṡluaġ san ḃfairge, agus túg an TIĠEARNA uisgiḋe na fairge a rís orra; aċ do imṫiġ clann Israel ar talaṁ tirim a meaḋon na fairge. 20 Agus Míriam an ḃanḟáiġ, dearḃṡiúr Aáron, do ġlac sí tiompán na láiṁ; agus do ċúadar na mná uile amaċ na diáiġ maille re céol agus re daṁsa. 21 Agus do ḟreagair Míriam íad, Canuiḋ don TIĠEARNA, oír rug sé búaiḋ go glórṁar; an teaċ agus an marcaċ do ṫeilg sé san ḃfairge. 22 Marsín tug Maóise Israel ón Ṁuir ruáiḋ, agus do ċuádar go fásaċ Sur, agus do ṡiúḃaladar trí lá san ḃfásaċ, agus ní ḟúaradur uisge. 23 Agus a nuáir ṫangadar go Márah, níor ḟéadadar uisgiḋe Ṁárah ól; oír do ḃádar searḃ: uime sin tugaḋ Márah dainm air. 24 Agus do rinne an pobal munḃar a naġuiḋ Ṁaóise, ag ráḋ, Cread iḃiom? 25 Agus do eíġ seision ar anTTIĠEARNA, agus do ṫaisbéin an TIĠEARNA crann dó, noċ a nuair do ċaíṫ sé is na huisgiḋiḃ, do rinneaḋ na huisgiḋe mílis: annsin do rinne sé gnáṫ, agus ordúġaḋ, agus is ann sin do ḋearḃ sé íad; 26 Agus a duḃairt, Má eísteann tú go dúṫraċdaċ re guṫ an TIĠEARNA do Ḋía, agus do ndéana tú an ní is ceart na raḋarc, agus go ttiuḃra tú aire dá aiṫeantuiḃ, agus go gcuiṁdeoċa tú a reaċda uile, ni ċuirfe me énni dona heasláintiḃsi oruiḃ noċ ṫug mé ar na Hégiptiḃ: óir is misi an TIĠEARNA leiġisios tú. 27 Agus tangadur go Hélim mar á raḃadar ḋá ṫobar ḋéug uisge, agus deiċ agus trí fiċid crann pailme: agus do rinneadur coṁnuiḋe an sin láiṁ ris na huisgiḋiḃ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society