Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Exodus 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIII. Deísteaċd an ṗobuil do Ḋía, ar na ḋaingnuiġaḋ. 21 Stiúraḋ agus didean Dé orra trés an dá ċoluṁna, neill agus ṫeineaḋ.

1 Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ag raḋ.

2 Coisrig ḋaṁsa gaċ én ċédġin, giḋ bé ar biṫ ḟoisceolus an ḃrú a measc ċloinne Israel, idir ḋine agus ḃeaṫaċ: is liomsa é.

3 Agus a duḃaírt Maóisi ris an bpobal, Cuiṁniġiḋ an lá so, a ttangaḃair amaċ as a Négipt, as tiġ na daóirse: óir is maille re neart láiṁe ṫug an TIĠEARNA amaċ siḃ as a náitse: ní hiostar arán laiḃín.

4 San ló aniuġ ṫangaḃair amaċ, a mí abib.

5 Agus teigéoṁuiḋ á nuair ḃéurus an TIĠEARNA siḃ go críċ na Gcanaaníteaċ, agus na Hititeaċ, agus na Namoriteaċ, agus na Hiḃíteaċ, agus na Iebusiteáċ, noċ do ṁionnuiġ sé dod aiṫriḃsi go ttiuḃraḋ ḋuit, fearann fa ṫuile ḃainne agus ṁeala, go gcoiṁéadfuiḋ tú an tserḃísi ann sa míse.

6 Seaċd lá iósas tú arán gan laiḃin, agus annsa seaċdṁaḋ lá, biaiḋ lá sáoire don TIĠEARNA.

7 Arán gan laiḃin ióstar seaċd lá; agus ní faicfiḋear arán laiḃín agad, agus ní mó cífiḋear laiḃín agad an do ċeaṫraṁnuiḃ uile.

8 Agus inneósa tú dod ṁac ann sa lasin ag ráḋ, Do rinneaḋ so do ċionn an neiṫe do rinne Día riumsa, a nuáir ṫáinic mé amaċ as a Négipt.

9 Agus biáiḋ mar coṁarṫa ḋuitsi ar do láiṁ, agus mar ċuiṁne eidir do ṡúiliḃ, ionnus go mbía dliġeaḋ an TIĠEARNA ad ḃéul: óir is lé láiṁ láidir ṫug an TIĠEARNA amaċ as Négipt ṫú.

10 Cuiṁdeoċa tú ar a naḋḃursin an tórduġaḋas na am féin ó ḃliaḋuin go blíaḋuin.

11 Agus teigeoṁuiḋ a nuáir ḃéurus an TIĠEARNA ṫú go críċ na Gcanáaníteaċ, fá mar ṁionnaiḋ sé ḋuit féin agus dod aiṫriḃ, agus do ḃéura ḋuit é.

12 Go ccuirfe tú ar leiṫ don TIĠEARNA a nuile ġein osclus an ḃrú, agus a nuile ċéadṫuismeaḋ ṫig ó ḃeaṫaċ noċ is leaċtsa; na firionnuiġ is leis anTTIĠEARNA.

13 Agus gaċ én ċéd ṡearraċ assail fuáisgéola tú é le húan; agus muna ḟúasglair é, ann sin brisfe tú a ṁuinéul: agus a nuile ċédġein ḃearṫair do ḋuine a measg do ċloinne, fuáisgéola tú é.

14 Agus biáiḋsin a nuair ḟíafroċas do ṁac ḋíot sa naimsir atá ag teaċd, ag ráḋ, Cread é so? Go naibéora tú leis, le neart láiṁe ṫug an TIĠEARNA sinne amaċ as a Négipt, ó ṫiġ na daóirse:

15 Oir tarla a nuair, fár ḋeacair le Ṗárao léigean dúinn imṫeaċd, gur ṁarḃ an TIĠEARNA a nuile ċédġin a ccríċ na Hégipte, araon cédġin an dúine, agus cédġin a nainṁiḋe: uime sin do ním ioḋbuirt don TIĠEARNA, a nuile ḟirionnaċ ḟosclas an ḃrú; aċ cédġin mo ċloinne fúasgluim.

16 Agus biaiḋ na ċoṁarṫa ar do láiṁ, agus mar éadanán idir do ṡuiliḃ: óir le neart láiṁe ṫug an TIĠEARNA, amaċ sinn as a Négipt.

17 Agus tárla, a nuáir do léig Ṗárao don Ṗobal imṫeaċd, naċ ar ṫréoruiḋ Día iad tré ṡliġe talṁan na Ḃṗilistíneaċ, giḋ go raiḃ sin aiṫġearr: óir a duḃairt Día, Deágla go tteigéoṁaḋ go mbía aiṫreaċus ar an bpobal a nuair do ċífidís cogáḋ, agus go ḃfillfeidís do Négipt:

18 Aċ do ṫréoruíḋ Dia an pobal fá ccuáirt tré ṡliġe ḟásuiġ na Mara ruáiḋe: agus do ċúadar clann Israel suás uġmuiġṫe amaċ as críċ na Hégipte.

19 Agus rug Maóisi cnáṁa Ióseṗ leis: óir tug sé mionna ar ċloinn Israel ag raḋ, Tiucfa Día go deiṁin dá ḃur ḃfiosruġaḋ; agus béurṫáoi mo ċnáṁasa as so liḃ.

20 Agus do ġluáiseadar ó Succot, agus do rinneadar foslungṗuirt a Netam, a nimeal a nfásuiġ.

21 Agus do ċuáiḋ an TIĠEARNA rompa san ló a bpíleir néill, do ṁúnaḋ na sliġeaḋ ḋóiḃ agus sa noiḋċe a bpíleir ṫíneaḋ, do ṫaḃairt soluis dóiḃ, do imṫeaċd do ló agus doiḋċe.

22 Níor ċorruiġ sé úaṫa an piléir néill san ló, nó an piléir tineaḋ sa noidċe, as fiaḋnuise an ṗobuil.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan