Exodus 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XI. Do ḃagair Máoise ó Ḋía, an deaċṁaḋ pláiġ ar Ṗárao. 1 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Do ḃéara mé fós éanṗláiġ aṁáin eile ar Ṗárao agus ar a Négipt: na diaiġ sin leigfiḋ sé ḋíḃ imṫeaċd as so; a nuáir léigfiḋ sé ḋíḃ imṫeaċd: dingfiḋ sé go deiṁin as so amaċ go hiomlán siḃ. 2 Láḃair a nois a néisdeaċd an ṗobail, agus faġaḋ gaċ éanduine áirleagaḋ ó na ċoṁarsuin, agus gaċ áonḃean ó na coṁarsuin seóid airgid, agus seóid óir. 3 Agus tug an TIĠEARNA faḃar don ṗobal a raḋarc na Négipteaċ. Os a ċionn sin do ḃí an tóglaċ Maóise, ro ṁór a ccríċ na Hégipte, a raḋarc ṁuinntire Ṗárao, agus a suiliḃ an ṗobuil. 4 Agus a duḃairt Maóise, Is mar so a deir an TIĠEARNA, Timċioll ṁeaḋón oiḋċe, raċa mé amaċ a lár na Hégipte: 5 Agus do ġeḃa céidġin gaċ áonduine ar feaḋ na Hégipte bás, ó ċéidġin Ṗárao noċ ṡuiḋeas ann a ċaṫaoir ríoġa, go céidġin an ċailín tserḃíse atá ar ċúl an ṁuilinn; agus ceidġin a nuile ḃeaṫaċ. 6 Agus béid coṁairc ar feaḋ ċríċe na Hégipte uile, is naċ raiḃ a leiṫid, agus naċ bía a leiṫid ní si ṁó go bráṫ. 7 Aċ ní ċorróċuiḋ madraḋ a ṫeangaḋ a naġuiḋ éanduine do ċloinn Israel, a naġuiḋ duine nó beaṫuiġ: ar ċor go mbía a ḟios aguiḃ cionnus ċuírios Día idirḋealaḋ idir na Hégiptiḃ agus Israel. 8 Agus íad so do ṡerḃísiġse uile, tiucfaid siad síos ċugamsa, agus cláonfuid íad féin síos daṁsa, ḋa ráḋ, Eiriġ amaċ, agus a nuile ṗobal leanas tú: agus na ḋiaiġ sin raċa misi amáċ. Agus do ċuáiḋ sé amaċ ó Ṗárao air lasaḋ re feirg. 9 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Máoise, Ni éistfiḋ Ṗárao riotsa; iondus go meideoċṫaoi mo iongantasa a ccríċ na Hégipte. 10 Agus do rinne Maóisi, agus Aáron na hionganta so uile a laṫair Ṗárao: agus do ċrúaḋuiġ an TIĠEARNA croiḋe Ṗarao, ionnus nar léig do ċloinn Israel imṫeaċd amaċ as a ḋúṫaiḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society