Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Exodus 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil X. An toċdṁaḋ agus an naoiṁeaḋ pláġ na Hégipte.

1 Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Eiriġ a steaċ go Ṗárao: óir do ċruaḋuiġ misi a ċroiḋe, agus croiḋe a ṡerḃíseaċ, ionnus go ttaisbéanfuinn íadso mo ċoṁarṫaḋa dá laṫair.

2 Agus ionnus go ninneostasa a gclúasuiḃ do ṁic, agus mic do ṁic, cioḋ íad na neiṫe do rinne misi sa Négipt, agus mo ċoṁarṫaḋa do rinne mé na measg; ionus go mbía a ḟios aguiḃ gur misi an TIĠEARNA.

3 Agus táinig Maóise agus Aáron a steaċ go Ṗárao, agus a duḃradar ris, Is mar so a deir an TIĠEARNA, Día na Neaḃruiġeaċ, Gá fad ḃias tú ag díultaḋ ṫú féin dúṁluġaḋ dom laṫairse? léig dom ṗobal imṫeaċd, go ndéanaid serḃís daṁ.

4 Nó má ḋíúltann tú léigion dom ṗobal imṫeaċd, féuċ, go ttiuḃra misi a máraċ, na locuistiġ ann do ṫóranna:

5 Agus faleoċuid síad aġaiḋ na talṁun, naċ buḋ féidir le duine an talaṁ dfaicsin: agus íosuid síad an fuiġioll do ċuáiḋ as don ní noċ do ṁair aguiḃsi ón ċloiċṡneaċda, agus íosuid gaċ uile ċrann dar ḟás díḃ as an ttalaṁ:

6 Agus líonfuid síad do ṫiġṫe, agus tiġṫe do ṡearḃiseaċ uile, agus tiġṫe na Négipteaċ uile; ní naċ ḃfacaiḋ haṫair, nó aṫair haṫar ón ló fa raḃadar ar an ttalaṁ, gus a niuġ. Agus do iompóiġ sé é féin, agus do ċuáiḋ amaċ ó Ṗárao.

7 Agus a duḃradar muinntir Ṗárao ris, Cá fad ḃías an fearsa na ḋul oruinn? léig do na dáoiniḃ imṫeaċd, ionnus go ndéanuid serḃís don TIĠEARNA a Ndía: naċ ḃfuil a ḟios agad fos gur milleaḋ a Négipt?

8 Agus tugaḋ Maóise agus Aaron a rís ċum Ṗárao: agus a duḃairt sé riú, Imṫiġiḋ, déanuiḋ serḃís don TIĠEARNA ḃur Ndía: aċ cía híad féin imeoċus.

9 Agus a duḃairt Maóise ris, Imeoċum maille re ar nóguiḃ, agus re ar seanuiḃ, maille re ar macuiḃ agus re ar ninġeanuiḃ, maille ré ar ttreaduiḋ agus re ar neálḃaḋuiḃ imeoċum: óir caiṫfeam féasda ċongṁail don TIĠEARNA.

10 Agus a duḃairt seision riú, Bíoḋ an TIĠEARNA mar sin liḃsi, fa mar léigfeas misi ḋiḃse imṫeaċd, agus dá ḃur nóguiḃ: féaċuiḋ, atá olc roṁuiṁ.

11 Ní mar sin: imṫiġiḋ siḃse a nois atá ḃur ḃfearuiḃ, agus déanuiḋ seirḃis don TIĠEARNA; óir isé sin do iarraḃair: agus do cuireaḋ amaċ íad as laṫair Ṗárao.

12 Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Sín amaċ do láṁ ós cionn ċríċe na Hégipte, do ṫaḃairt na locuistiġ, ar ċor go ttiucfaid súas ar ṫalaṁ na Hégipte, agus go niṫid gaċ uile luiḃ ar an ttaluṁ, a nuile ní dár ḟág an ċloiċṡneaċda.

13 Agus do ṡín Maóise a ṡlat amaċ ós cionn ċríċe na Hégipte, agus tug an TIĠEARNA gáoṫ a noir ar an ttalaṁ, feaḋ an láoi sin uile, agus ar feaḋ na hoiḋċe sin uile; agus íar dteaċd na maidne, tug an ġáoṫ a noir lócuistiġ.

14 Agus do ċuádar na lócuistiġ súas ar feaḋ ċríċe na Hégipte uile, agus do ḟasadar a ttóranuiḃ na Hégipte uile: do buḋ roḋoiliġ íad: ní raiḃ a leiṫeid do lócuistiḃ rompa a ríaṁ, agus ní mo ḃías a leiṫeid na ndiáiġ.

15 Oír do ḟolċadar aġaiḋ na talṁan uile, ionnus gur dorċuiġeaḋ an talaṁ: agus a dúadar gaċ uile luiḃ ar an ttalaṁ, agus uile ṫoraḋ na gcrann, noċ do ḟág an ċloiċṡneaċda: agus níor ḟan einní glas ar na crannuiḃ, nó a luiḃiḃ na talṁan, ar feaḋ ċríċe na Hégipte uile.

16 Ann sin do ġoir Ṗárao ar Ṁaóise agus ar Aáron go deiṫfreaċ; agus do ráiḋ, Do ṗeacaiḋ mé a naġáiḋ an TIĠEARNA ḃur Ndía, agus ḃur naġuiḋsi.

17 Annois ar a naḋḃarsin íarruim daṫċuinġe ort, maiṫ mo ṗeacaḋ a néanuáirse aṁáin, agus guiḋiḋ an TIĠEARNA ḃur Ndía, go mbeireaḋ se aṁáin an bás so uaim.

18 Agus do ċuáiḋ sé amaċ ó Ṗárao, agus do ġuiḋ an TIĠEARNA.

19 Agus do iompóiḋ an TIĠEARNA gáoṫ ro láidir a níar, noċ rug lé na locuistiġ, agus do ṫeilg san ṁuir ruáiḋ íad: nior ḟan éanlócust aṁáin a gcríċ na Hégipte uíle.

20 Aċ do ċrúaḋuiġ an TIĠEARNA croiḋe Ṗarao, ionnus nár ḃáil leis léigion do ċloinn Israel imṫeaċd.

21 Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Sín amaċ do láṁ ċum niṁe, ionnus go ttiucfaḋ dorċadas tar ċríċ na Hégipte, eaḋon dorċadas ḃus éidir do ġlacaḋ.

22 Agus do ṡín Maóisi a láṁ ċum niṁe; agus do ḃí dorċadas tiuġ ar feaḋ ċriċe na Hégipte uile ar feaḋ ṫrí lá.

23 Ní ḟaca duiné aca a ċéile, ní mó do éiriġ áonduine aca as áit ar feaḋ ṫrí lá: aċ do ḃí solus ág cloinn Israel ann a náitiḃ féin.

24 Agus do ġoir Ṗarao ar Ṁaóisi, agus a duḃairt, Imṫiġiḋ, déanuiḋ serḃís don TIĠEARNA: aṁáin coinníġṫear ḃur ttréada, agus ḃur nealḃaḋa; éirgedís ḃur náos óg mar an gcéadna liḃ.

25 Agus a duḃairt Máoise, Caiṫfe tú mar an gceádna ioḋbuirt agus ofráil loisge do ṫaḃairt dúinn, lé ndéanam ioḋbuirt don TIĠEARNA ar Ndía.

26 Raċaid ar náirnéis linn mar an gcéadna; ní ḟúigfeam ionga ar ndiáiġ: oir is díoḃ sin ċaiṫfeam do ġlacaḋ ċum sierḃíse do ḋéanaṁ don TIĠEARNA ar Ndía; agus ni feas dúinn cread leis a ndéanam serḃís don TIĠEARNA, nó go ttiġeam annsin.

27 Aċ do ċrúaḋuiġ an TIĠEARNA croiḋe Ṗárao, agus níor ḃáil leis légion dóiḃ imṫeaċd.

28 Agus a duḃairt Ṗárao ris, Imṫiġ uáim, bí ar do coiṁéad duit féin, ná faic mo ġnúis níos mó; óir an lá sin do ċífeas tú maġuiḋ do ġeaḃa tú bás.

29 Agus a duḃairt Maóise, Is maiṫ do laḃair tu, ní ḟaicfe mé haġuiḋ a rís nios mó.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan