Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Exodus 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I. Ċionn lionṁuirieaċd ḟine Israel. 16 Do orduiġ Ṗarao a cclann ṁac do ḃásuġaḋ.

1 Anois ís íadso anmana ċloinne Israel, noċ ṫáinic do Négipt; do ṫáinic gaċ duine gon a ṁuintir lé Iácob.

2 Reuben, Simeon, Léḃi, agus Iudah,

3 Iṡaċar, Sebulun, agus Beniamin,

4 Dan, agus Napṫali, Gad, agus Aser.

5 Agus anuíle anam dá ttaínic ó ḟorḋronnuiḃ Iácob bá seaċdṁoḋad anam íad: oir do ḃí Ióseṗ sá Négipt ċeana.

6 Agus fuáir Ióseṗ bás, agus a ḋearḃráiṫre uile, agus an díne sin go hiomlán.

7 Agus do ḃádur clann Israel tóirrṫeaċ, agus do ḟásadur go hiomarcaċ, agus do ḟásadur roneartṁur, agus do liónaḋ an talaṁ leo.

8 A nois do éiriġ súas ríġ núa ós cionn na Hégipte, ag naċ raiḃ eólus ar Ióseṗ,

9 Agus a duḃairt sé re ná ḋáóiniḃ, Féuċuiḋ, is mó agus is cuṁaċduiġe clann Israel na sinne.

10 Tigiḋ uáiḃ, déanam ríu go crionna, deagla go líonfaidís, agus go ttiucfaḋ ċum criċe, an tan ṫeigeoṁaḋ cogaḋ ann, go tteannfaidis mar an gcéadna lear náiṁdiḃ, agus go ttroidfidís ar naġuiḋ, agus go raċfaidís mar sin amaċ as a tír.

11 Uime sin do ċuireadur luċd daoirṁeasda ós a ccionn, dá bpíanaḋ le na núaluiġiḃ. Agus do ṫógḃadar caiṫreaċa do Ṗárao ċum ionnṁuis, Pitom, agus Raamses.

12 Aċ da ṁéid do ṗíanadur iad, as móide do líonadur agus do ḟásadur é. Agus do ḃí doilġios orra tré ċloinn Israel.

13 Agus tugadur na Hégiptiġ ar ċloinn Israel serḃís do ḋéanaṁ le díḃfeirg.

14 Agus do rinneadur a mbeaṫa searḃ lé daoirsi ċruaiḋ, a moirtéul, agus a mbríce, agus ann a nuile ṡórt serḃíse annsa maċaire: a nuile ṡerḃís, ann a ttugadar orra foġnaṁ, do ḃí si maille ré díḃfeirg.

15 Agus do laḃair ríġ na Hégipte ré mnáiḃ tuismiġe na Neaḃruiḋeaċ (bean aca dar ḃamm Siṗrah, agus ainm an dara mná Puah.)

16 Agus a duḃairt sé, A nuáir do ḃeiṫí ag deanaṁ oifige mná tuismiġe do na mnáiḃ Eaḃruiḋeaċ, agus do ċifí íar ttuismeaḋ íad; más mac ḃías ann, marḃuiḋ é; aċ mas inġean ḃías ann, biáiḋ sí beó.

17 Aċ do ḃí eagla Dé ar na mnáiḃ tuismiġe, agus ní ḋearnadur mar a duḃairt rí na Hégipte ríu, agus do ċuṁduiġeadur an clann ṁac beó.

18 Agus do ġoir rí na Hégipte ar na mnáiḃ tuismiġe, agus a duḃairt ríu, Cred fá ndearnaḃair an nísi, agus ar ċuṁduiġeaḃair an ċlann ṁac beó.

19 Agus a duḃradur na mná tuismiġe le Ṗárao, Do ċionn naċ ḃfuilid na mná Eaḃruiḋeaċa mar na mnáiḃ Eigipteaċa; óir atáidsion beóḋa, agus beirid suil ṫigid na mná tuismiġe a steaċ ċuca.

20 Uime sin do rinne Día go maiṫ ris na mnáiḃ tuismiġe: agus do líonadur na daóine, agus do ḟásadur ro láidir.

21 Agus tárla, do ċionn go raiḃ eagla Dé ar na mnáiḃ tuismiġe, go ndearna sé tiġṫe ḋóiḃ.

22 Agus do ḟúagair Ṗárao dá ṁuinntir uile, ag ráḋ, Gaċ uile ṁac da mbéurṫar teilgiḋ é sa naḃuinn, agus gaċ uile inġean cuiṁdeoċṫaoi beó í.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan