Ester 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VIII. Do hinníseaḋ do na Hiuduiġiḃ, an coṁḟuasglaḋ do ḋearna ḋóiḃ le Ester. 1 Ansa ló sin féin ṫug an ríġ Ahasuerus tiġ Háman, náṁuid na Niúduiġeaḋ, do Ester an ḃainríoġan. Agus ṫáinic Mordecai a laṫair an ríġ; óir dinnis Ester mar do ḃí sé ḋi. 2 Agus do ḃain an ríġ a ḟainne ḋe, noċ do ḃain sé do Háman, agus ṫug sé do Ṁordecai é. Agus do ċuir Ester Mordecai ós cionn tiġe Háman. 3 ¶ Agus do laḃair Ester fós a rís á laṫair an ríġ, agus do ṡléaċt fá na ċosuiḃ, agus do ġuiḋ sí é maille ré déuruiḃ urċóid Háman an Hagagiteaċ, agus an ċealg do ṫríall sé a naġaiḋ na Níuduiġeaḋ, do ċur ar ccúl. 4 Annsin do ċonnuiṁ an ríġ amaċ an ríoġṡlat órḋa a ccoínne Ester. Agus do ṡeas sí a ḃfiaġnuisi an ríġ. 5 Agus a duḃairt sí, Más toil leis an ríġ, agus má fuáir misi caraidraḋ iona raḋarc, agus go ḃfaicṫear an ní ceart a ḃfiaġnuisi an ríġ, agus má tá mé taitneaṁaċ iona raḋarc, scrioḃṫar litreaċa Háman ṁic Hammedaṫa an Tagagiteaċ do ġairm air a nais, noċ do scríoḃ sé do scrios na Niúduiġeaḋ noċ atá a nuile ṗroiḃinnsiḃ an ríġ: 6 Oír ciondus ḟéaduimsi fulang an tolc noċ ṫiucfas ar mo ḋaóiniḃ dfaicsin? nó ciondus ḟéaduim scrios mo ċiniḋ dfaicsin? 7 ¶ Annsin a duḃairt an ríġ Ahasuerus re Hester an ḃainríoġan agus re Mordecai an Iúduiġ, Féuċ, ṫug mé do Ester tiġ Háman, agus do ċroċadar é féin san ccroiċ, do ḃríġ gur leag sé a láṁ air na Iúduiġiḃ. 8 Scríoḃuiḋsi mar an ccéadna ar son na Níúduiġeaḋ, mar is mían liḃ féin, a nainm an ríġ, agus séuluiġiḋ é le fáinne an ríġ: óir an scríḃinn scríoḃṫaranainm an ríġ, agus ṡéuluiġṫear lé fáinne an ríġ, ní ḟéadann éanduine a ḟilleaḋ air ais. 9 Ann sin do goireaḋ scribneóiriḋ an ríġ sa nam sin ar an treas mí, (sí sin an ṁí Síḃan), ar an treas lá fiṫċiod don ṁí sin; agus do scrioḃaḋ (do réir a nuile ní dá ttug Mordecai uaḋ) ċum na Níuduiġeaḋ, agus ċum ḟéara ionuid an ríġ, agus na mbreiṫeaṁan, agus úaċdarán na bproiḃinnseaḋ, noċ atá ón India go nuige Etiopia, céud agus fiṫċe agus seaċd bproiḃinnsi, ċum gaċ áon ṗroiḃinnsi do réir a scríḃinne sin, agus ċum gaċ éanṗobail do réir a tteangṫa, ċum na Níuduiġeaḋ do réir a scriḃinne, agus do réir a tteangṫa. 10 Agus do scrioḃ sé a nainm an ríġ Ahasuerus, agus do ṡéuluiġ é lé fáinne an ríġ, agus do ċuir sé litreaċa lé leaċdaḋa úaḋ ar eaċuiḃ, agus marcuiġe ar ṁúilliḋiḃ, agus ar ċáṁalluiḃ, agus ar eaċuiḃ óga ċoiṁlionga. 11 Ionta sin dáontuiġ an ríġ do na Iúduiġiḃ ann gaċ áon ċaṫruiġ a raḃadar íad féin do ċruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile, agus seasaṁ ar son a nanma, do ḋíoḃaḋ, do ṁarḃaḋ, agus do sgrios, cuṁaċt an ṗobail agus na proiḃinnse uile do ċuirfeaḋ na naġaiḋ, a ndaoine beaga aráon agus a mná, agus a néadail do ḃuain díoḃ mar ċreiċ, 12 Anáon ló a bproiḃinnsiḃ an ríġ Ahasuerus, eaḋon, ar an treas lá déug don dara mí déag, noċ isí mí Adar. 13 Cóip na scríḃne do ṫaḃairt mar aiṫne ann gaċ áon ṗroiḃinnsi dá ḟoillsiuġaḋ do nuile ṗobal, agus go mbéidis na Niúduiġe réiġ a ccoinne an láe sin dá ndioġuilt féin ar a naiṁdiḃ. 14 Marsin do ċúadar amaċ na postaḋa do ḃí ar muin ṁúilliḋ agus ċáṁall, ar na ndeiṫfriuġaḋ agus ar an mbrostuġaḋ ar siuḃal le haíṫne an ríġ. Agus tugaḋ a nfógra a Súsan an pálás. 15 ¶ Agus do ċuáiḋ Mordecai amaċ as laṫair an ríġ a néadaċ ríoġa do ġorm agus do ḃán, agus maille re morċoróin óir, agus le culaiḋ línéuduiġ ḟinealta agus ṗurpair: agus do ġáirdiġ caṫair Ṡúsan agus do ḃí sí lúaṫġáireaċ. 16 Fúaradar na Iúduiġe solus agus gáirdeaċus, agus solás, agus onóir. 17 Agus ann gaċ aon ṗroiḃinnsi, agus an gaċ áonċaṫruiġ, giḋ bé áit a ttáinic aiṫne an ríġ agus a órduġaḋ, fúaradar na Iúduiġe gáirdeaċus agus lúaṫġáir, féusta agus lá maiṫ. Agus ṫangadar móran do ṁuinntir na tire do ḃeiṫ na Niúduiġiḃ; óir do luiġ eagla na Niúduiġeaḋ orra. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society