Ester 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IV. Mordecai, ag caóineaḋ ḋroċ ṫionnsgnaṁ Háman, 13 ġríos sé ar Ester eidirġuiḋe do ḋéanaṁ ris an rí. 1 Anuair do ṁoṫaiġ Mordecai gaċ a ndéarnaḋ ann, do ḃris Mordecaí a éadaċ, agus do ċuir sé saicéadaċ uime agus lúaiṫ, agus do ċúaiḋ sé amaċ a meaḋon na caiṫreaċ, agus déiġ sé lé héiġeaṁ ard searḃ; 2 Agus ṫáinic sé as cuinne ġeata an ríġ: óir níor ḟéad aonduine dul a steaċ a ngeata an ríġ air a mbiaṫ saicéadaċ. 3 Agus ann gaċ uile ṗroiḃinnsi, a ttáinic aíṫne an ríġ, agus a orduġaḋ, do ḃí caóineaḋ mór a measc na Niúduiġeaḋ, agus troscaḋ, agus gul, agus éolċuire; agus mórán na luiḋe a saicéadaċ agus a luáiṫ. 4 ¶ Mar sin ṫangadar cailíniġ Ester agus a seomradóiriġ agus dinnisidior sin di. Ann sin do ḃí an ḃainríoġain lán do ḋoilġios; agus do ċuir sí éadaċ dfolaċ Ṁordecai, agus do ḃuáin a néaduiġ róin de: aċt níor ġlac seision é. 5 Ann sin do ġoir Ester ar Hataċ, áon do ṡeamradóiriġiḃ an ríġ, noċ dórduiġ sé dfeiṫioṁ uirre, agus ṫug sí aiṫne ḋó go Mordecai, dfaġáil feasa cred í an ċúis, agus cred an táḋḃar fa raiḃ sin. 6 Annsin do ċúaiḋ Hataċ amaċ mar a raiḃ Mordecai go sráid na caiṫreaċ, noċ do ḃí as coinne ġeata an ríġ. 7 Agus dinnis Mordecai ḋó a nuile ní dá ttárla ḋó, agus an tsuim airgid dó ġeall Háman dó ḋíol ré hionnṁusuiḃ an ríġ, ar son na Niúduiġeaḋ do scrios. 8 Mar an ccéadna ṫug sé cóip scríoḃṫa na garma do scríoḃaḋ ann Súsan ċum a scrios, dá ṫaisbeanaḋ do Ester, agus dá ḟoillsiuġaḋ ḋi, agus dá ċur dúalaċ uirre dul a steaċ ċum an ríġ, agus gearán do ḋéanaṁ ris, agus íarratas do ḋéanaṁ dá laṫair ar son a daóine. 9 Agus ṫáinic Hataċ agus dinnis sé bríaṫra Ṁordecai do Ester. 10 ¶ Do laḃair Ester a rís ré Hataċ, agus ṫug aiṫne ḋó ċum Mordecai; 11 Ata a ḟios ag serḃíseaċuiḃ an ríġ uile, agus ag daóiniḃ ṗroiḃinnseaḋ an ríġ, giḋ bé ar biṫ dfior nó ṁnaói ṫiocfas gus an ríġ don ċúirt is faide a steaċ, ar naċ goirṫear, go ḃfuil aoindliġeaḋ aṁáin aige, an té sin do ċur ċum báis, aċt aṁáin an té ḋá sinfiġ an ríġ amaċ an tslat ríoġa órḋo, iondus go mairfe sé: aċd níor goireaḋ ormsa do ṫeaċt a steaċ gus an ríġ ris an tríoċad lá so. 12 Agus dinnsiodar do Ṁordecai bríaṫra Ester. 13 Annsin daiṫin Mordecai a innisin do Ester, Ná saóil agad féin go raċaḋ tú as a ttiġ an ríġ níos mó na na Iúduiġe uile. 14 Oir má ḃíonn tú a nois ad ṫoċd go huiliḋ, annsin tiucfaiḋ fúasclaḋ agus sáoraḋ air na Iúduiġiḃ as áit oile; aċt scriosfuiġṫear ṫusa agus tiġ haṫar: agus cía agá ḃfuil a ḟios naċ fá na leiṫéid so daimsir ṫáinic tú ċum na rioġaċda? 15 ¶ Annsin a duḃairt Ester ríu, an freagra so, do ḃreiṫ ċum Mordecai, 16 Imṫiġ, cruinniġ a ḃfoċair a ċéile a ḃfuil do Iuduiġiḃ a laṫair a Súsan, agus troisciḋ ar mo ṡonsa, agus ná hiṫiġ agus ná hiḃiḋ a ttrí lá, doiḋċe ná ló: troisgfe misi agus mo ṁaiġdiona mar an gcéadna; agus marsin raċuiḋ mé a steaċ ċum an ríġ, bíoḋ naċ do reír an dliġe: agus má ḃásuiġṫear me, básuiġṫear me. 17 Marsin dimṫiġ Mordecai roiṁe, agus do rinne do réir a nuile ní dar aiṫin Ester ḋe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society