Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ester 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III. Háman, na scaṫan ar an Ċúirteóir ainméineaċ, ḟuilteaċ.

1 Tareis na neiṫeánn so do ṁéuduíġ an ríġ Ahasuerus Háman mac Ammedata an Tagagiteaċ, agus dárduiġ é, agus do ċuir sé a ionad suiḋe ós cionn na huile ṗrionnsaḋ da raiḃ aige.

2 Agus do ċlaóindís, agus duṁluiġedís serḃísiġ an ríġ uile, do ḃí san ġeata, do Háman: óir daiṫin an ríġ mairsin dá ṫáoḃ. Aċt ní ċromaḋ Mordecai, agus ní ḋéanaḋ sé uṁla ḋó.

3 Annsin a duḃradar serḃísiġ an ríġ, do ḃí a ngeata an ríġ, re Mordecai, Cred fá sáruiġionn tú aiṫne an ríġ?

4 Anois tárla, a nuáir do laḃrádar go láeṫeaṁuil ris, agus naċ ttug sé toraḋ orra, gur innisiodar sin do Háman, dféuċuin an seasfaidis bríaṫra Ṁordecai: óir dinnis sé ḋóiḃ gur Iúduiġ é.

5 Agus an tan do ċonnairc Haman naċ uṁluiġeaḋ Mordecai, agus naċ déanaḋ sé onóir ḋó, annsin dó ḃí Háman lán dfeirg.

6 Agus bá tarcuisneaċ leis laṁ do ċur ann Mordecai na áonar; óir do ṫaisbeanadar muinntir Ṁordecai ḋó: uime sin díarr Háman na Iúduiġe uile do scrios do ḃí ar feaḋ rioġaċda Ahasuerus uile, eaḋon muinntir Ṁordecai.

7 ¶ Annsa ċéad ṁí, (do bí sin mí Nisan), annsa dara blíaḋuin déug don ríġ Ahasuerus, do ṫeilgiodor Pur, eaḋon, crannċar, róiṁe Háman ó ló go ló, agus o ṁí go mí, gus an dara mí déag, mar etá, mí Adar.

8 ¶ Agus a duḃairt Háman ris an ríġ Ahasuerus, Atá pobal áiriġ sgaóilte amuiġ agus ar na spréaġaḋ idir na daóiniḃ an anuile ṗroiḃinnsiḃ do rioġaċta; agus atáid a ndliġṫe éacsaṁuil ó nuile ṗobal, agus ní ċoṁéaduid diiġṫe an ríġ: uime sin ní tarḃa don ríġ a ḃfulang.

9 Mas toil leis an ríġ, scríoḃṫar a ccur ċum báis: agus díolfuiḋ misi deiċ míle tallann airgid a láṁuiḃ na druinge air a ḃfuil cúram na cúise, re na ṫaḃairt a ttiġṫiḃ ionnṁuis an ríġ.

10 Agus do ḃean an ríġ a ḟáinne ḋá láiṁ, agus ṫug sé é do Háman ṁac Ammedata an Tagagiteaċ, naṁuid na Niúduiġeaḋ.

11 Agus a duḃairt an ríġ ré Háman, Tugaḋ an tairgiod, agus fós na daoine ḋuitsi, do ḋéanaṁ ríu mar is áil leaċd féin.

12 Annsin do goireaḋ ar scriḃneóiriḃ an ríġ an treas lá déag don ċéidṁí, agus do scríoḃaḋ annsin do réir a nuile neiṫe dar aiṫin Háman dfearuiḃ ionuid an ríġ, agus do na húaċtaránuiḃ do ḃí os cionn gaċ aon ṗroiḃinnsi, agus do riaġlóiriḃ a nuile ṗobuil gaċ áon ṗroiḃinnsi, do réir a scríḃinn sin, agus ċum gaċ aon ṗobail do réir a tteangṫa; a nainm an ríġ Ahasuerus do scríoḃaḋ é, agus do séuluiġeaḋ é le fáinne an ríġ.

13 Agus do cuireaḋ na litreaċa ar siuḃal le teaċdairiġiḃ ċum gaċ uile ṗroiḃinnse an ríġ, do scrios, de ṁarḃaḋ, agus do ḋíoṫlaiṫriuġáḋ, a nuile Iúduiġe, edir óg agus arsuiġ, ċlainn ḃig agus ṁná, a náon ló, eaḋon air an treas lá déag don dara ṁí déag, (noċ ar bí mí Adar), agus a néadáil dó ṫógḃail súas mar ċreiċ.

14 Cóip na scríḃinne do ṫaḃairt mar aiṫne ann gaċ aon ṗroiḃinnsi do foillsiuġaḋ do nuile ḋuine é, lé a mbéidís réiġ a ccoinne an láe sin.

15 Do ċúadar na postaḋa amaċ, ar na mbrostuġaḋ le haiṫne an ríġ, agus tugaḋ a nfógra ann Súsan an pálás. Agus do ṡúiġ an ríġ agus Háman síos ċum óil; aċt do ḃí an ċaṫair Súsan buáiḋearṫa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan