Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ester 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II. Ester, eisiomlar na deaġ‐ṁná uirisle, ṫáinic go honóir.

1 Andiaiġ na naiṫeannsa, a nuáir do laġduiġ fearg ríġ Ahasuerus, do ċuiṁniġ sé ar Ḃasti, agus cred do rinne sí, agus cred do hórduiġeaḋ na haġaiḋ.

2 Annsin a dúḃradar serbísiġ an ríġ do níoḋ miniostralaċt dó, Iarṫar maiġdeana scíaṁaċa óga don ríġ:

3 Agus órduiġeaḋ an ríġ oifigiḋ a bproiḃinnsiḃ a rioġaċt uile, ċor go ccruinniġedís a ccionn a ċéile na huile ṁaiġdeana scíaṁaċa óga go Súsan an pálás, go tiġ na mban, fá ċuṁdaċ Hege seomradóir an ríġ, coiṁéuduiġ na mban; agus tugṫar fá deara neiṫe ċum a nglanta do ṫaḃairt dóiḃ:

4 Agus bíoḋ an ṁaiġdean ṫaitneaṁas ris an ríġ na bainrioġain a náit Ḃasti. Agus do ṫaitin an ní sin ris an ríġ; agus do rinne sé mar sin.

5 ¶ Anois do ḃí annsa ṗálás Súsan Iúduiġ áiriġ, dar ḃainm Mordecai, ṁac Iair, ṁic Simei, ṁic Cis, Beniamíteaċ;

6 Noċ rugaḋ ar siuḃal as Ierusalem annsa daóirsine noċ rugaḋ air siuḃal a néinḟeaċt re Ieconiah ríġ Iúdah, noċ rug Nebuċadnessar ríġ na Babiloine leis.

7 Agus ṫug leis súas Hadassah, (noċ dar ḃainm, Ester,) inġean dearḃraṫar aṫar ḋó: óir ní raiḃ aṫair nó maṫair aice, agus do ḃí an ṁaiġdion breaġḋa sgíaṁaċ; noċ do ġaḃ Mordecai, (a nuáir déug a haṫair agus a maṫair), ċuige mar inġin dó féin.

8 ¶ Marsin tárla, an tan do ċlos aiṫne agus órduġaḋ an ríġ, agus a nuáir do cruinniġeaḋ mórán maiġdean go Súsan an pálás, fá ċuṁdaċ Hegai, gur tugaḋ Ester ann mar an ccéadna go tiġ an ríġ, fá ċuṁdaċ Hegai, coiṁéaduiġ na mban.

9 Agus do ṫaitin an cailín ris, agus fuáir sí cinéul úaḋ; agus ṫug sé ḋi go lúaṫ na neiṫe dfóir ċum a hainiċṫe, maille ris gaċ ní dár ḃéan ría, agus móirṡeisior cailiniġ, dob iomċuḃuiḋ ḋi dfaġáil, as tiġ an ríġ: agus do ċuir sé í féin agus a cailíniġ annsa náit do bfeárr do ṫiġ na mban.

10 Níor ḟoillsiġ Ester a daoine nó a cineaḋ: óir daiṫin Mordecai ḋi gan a ninnsin.

11 Agus do ḃí Mordecai gaċ laói ag siúḃal as coinne ċúirte ṫiġe na mban, dféuċuin ciondus do ḃíaḋ Ester, agus an ċríoċ déireoċaḋ ḋi.

12 ¶ Agus a núair ṫáinic úair gaċ éanṁaiġdine, do ḋul a ccionn an ríġ Ahasuerus, tar éis í ḃeiṫ blíaḋuin, do réir ġnáṫa na mban, (óir is mar sin do coiṁlíontaoi láeṫe a nainicṫe, mar atá, sé ṁí le hola ṁirra, agus sé ṁí le neiṫiḃ deaġḃoluiġ, agus le neiṫiḃ oile do ġlanaḋ na mban;)

13 Marso a nuáirsin do ṫigeaḋ gaċ éanṁiġdion ċum an ríġ; giḋ bé ar biṫ ní díarraḋ sí do ḃerṫi ḋi é do ḋul lé amaċ as tiġ na mban go tiġ an ríġ.

14 Traṫ nóna, dimṫiġeaḋ sí ann, agus ar na ṁáraċ dfilleaḋ sí go dara tiġ na mban, fa ċuṁdaċ Ṡaasgas, séomradóir an ríġ, noċ do ċoiṁéud na leannáin: ni ṫigeaḋ sí a steaċ ní sa ṁó ċum an ríġ, aċt muna ḃeiṫ dúil ag an ríġ innte, agus go ccuireaḋ fíos uirre as a hainm.

15 ¶ Anois a nuáir do ṫainig seal Ester, inġean Abihail dearḃraṫair aṫar Ṁordecai, (noċ do ġaḃ lé mar inġin,) do ḋul a steaċ ċum an ríġ, ni íarraḋ sí éinni aċt an ní do órduiġeaḋ, Hegai séomradóir an ríġ, coiṁeaduiġ na mban. Agus fuáir Ester gean a raḋare gaċ uile ḋuine dá ḃféuċaḋ uirre.

16 Mar sin rugaḋ Ester gus an ríġ Ahasuerus don tiġ rioġa annsa deaċṁaḋ mí, (noċ isi sin mí Tebet), annsa seaċdṁaḋ blíaḋain dá ríġe.

17 Agus do ġráḋuiġ an ríġ Ester ós cionn na mban uile, agus fuáir sí gean agus grása iona raḋarc tar na maiġdeanuiḃ uile; iondus gur ċuir sé an ċoróin ríoġa ar a ceann, agus go ndéarna sé bainríoġan di a náit Ḃasti.

18 Annsin do rinne an ríġ féusta mór dá ṗrionnsaḋuiḃ agus dá ṡerḃíseaċaiḃ uile, eaḋon féusta Ester; agus do ṫug sé saóirse do na proiḃinnsiḃ, agus ṫug sé tioḋlaicṫe ḋóiḃ, do réir ċumuis an ríġ.

19 Agus a nuáir do ċruinniġeadar na maiġdiona a ḃfoċair a ċéile an dara huáir, do ḃí Mordecai na ṡuiḋe a ngeata an ríġ.

20 Nior ḟoillsiġ Ester fós a cineaḋ nó a daóine; mar do ċuir Mordecai dúalaċ uirre: óir do rinne Ester aiṫne Ṁordecai, aṁuil agus do rinne a nuáir do ḃí dá taḃairt súas aige.

21 ¶ Annsna láeṫiḃsin, (an feaḋ do ḃí Mordecai na ṡuiḋe a ngeata an ríġ), do ḃí fearg ar ḋís do ṡeomradóiriġiḃ an ríġ, Bigtan agus Teres, do luċd coiṁéad an doruis, agus do ṫríalladar láṁ do leagaḋ air an ríġ Ahasuerus.

22 Agus fuair Mordecai fios na cúise, noċ dinnis sé do Ester an ḃainríoġain; agus dfoillsiġ an ḃainríoġan sin don ríġ a nainm Ṁordecai.

23 Agus a nuáir do leanaḋ an ċúis, do fríṫ a ḋeiṁin; uimesin do croċaḋ íadsan araon ar crann: agus do scríoḃaḋ sin a leaḃar croiniceaḋ a laṫair an ríġ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan