Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ester 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I. Tar éis naḃar Ḃasti, 13 tugaḋ fuagra, gaċ fear do riaġlaḋ iona ṫiġ feín.

1 Anois tárla a láeṫiḃ Ahasuerus, (isé so an Tahasuerus do buḋ ríġ ón India go nuige an Netíopia, ós cionn ċéud agus seaċd bproḃinnseaḋ fiṫċiod:)

2 Annsna láeṫiḃsi, fa nam a raiḃ an ríġ Ahasuerus na ṡuiḋe ann a ċaṫáoir ríoġa, noċ do ḃí ann Súsan an pálás,

3 Annsa treas blíaḋuin dá ríġe, go ndéarnuiġ sé féasta dá ṗrionnsaḋuiḃ uile agus dá ṡearḃḟoġantuiḃ; air mbeiṫ do ċuṁaċtuiḃ na Persia agus na Media, uáisle agus prionnsaḋa na bproiḃinnseaḋ, ḋá laṫair:

4 A núair do ṫaisbéin sé saiḋḃrios a rioġaċta ġlórṁuire agus onóir a ṁórḋaċda mórán do láeṫiḃ, eaḋon céad agus ceiṫre fiṫċid lá.

5 Agus a nuáir do caiṫeaḋ na láeṫesin, do rinne an ríġ féusta do na dáoiniḃ uile do ḃí da laṫair ann Súsan an pálás, aráon don ṁór agus don ḃeag, seaċd lá, a ccúirt ġáirdín ṗáláis an ríġ;

6 Mar a raḃadar bruit ḃána, ġlasuáine, agus gorma, air na ndaingniuġaḋ lé córduiġiḃ do lméadaċ ḟínealta agus do ṗurpuir dfáinneaḋuiḃ airgid agus do ṗileuriḃ marmuir: do ḃádar na leabṫa dór agus dairgiod, air urlár do ṁarmair ḋearg, agus ġorm, agus ḃán, agus ḋúiḃ.

7 Agus do ḋáileadar deoċa órra a soiġṫiġiḃ óir, (na soiṫiġe éacsaṁuil tar a ċéile), agus fion ríoġaṁuil go hiomarcaḋ, do réir ċumuis an ríġ.

8 Agus do ḃí an tól do réir an dliġe; níor coiṁéignioġaḋ aonduine: óir is marsin dórduiġ an ríġ doifigiḃ an tiġe, go ndéaindís do réir ṫoile gaċ aonduine féin.

9 Mar an ccéadna do rinne Ḃasti an ḃainríoġan féusta do na mnáiḃ annsa tiġ rioġa bá le Ahasuerus an ríġ.

10 ¶ Ar an seaċdṁaḋ lá, a nuáir do ḃí croiḋe an ríġ súgaċ ó ḟíon, daiṫin sé do Ṁehuman, do Ḃista, do Harbona, do Ḃigta, do Abagta, do Ṡeṫar, agus do Ċarcas, an móirṡeisior seomradóiriġ dfoġnaḋ a ḃfiaġuúise an ríġ Ahasuerus,

11 An ḃainríoġan Ḃasti do ṫaḃairt a laṫair an ríġ gun a coróin ríoġa, do ṫaisbéanaḋ a sgéiṁe don ṗobal agus do na prionnsaḋuiċ: óir bá breáḋġa í ré féuċuin uirre.

12 Aċt do ḋíuilt an ḃainríoġan Ḃasti teaċt lé haiṫne an ríġ dá ṡeomradóiriġiḃ: uimesin do ḃí an ríġ roḟeargaċ, agus do las a ḟearg ann.

13 ¶ Annsin a duḃairt an ríġ ris ná daóiniḃ críonna, dar ḃaiṫne na haimseara, (óir do bé sin gnáṫ an ríġ a ttáoḃ a nuile ḋuine agá raiḃ fios dlíġe agus breiṫeaṁnuis):

14 Agus isé buḋ foicsi ḋó Carsena, Setar, Admata, Tarsis, Meres, Marséna, agus Memucan, seaċt bprionnsuiġ na Persia agus na Média, noċ do ċonnairc aġuiḋ an ríġ, agus do ṡuiġ ar ttús annsa rioġaċt;

15 Cred do ḋéanam ris an mbainríoġain Ḃasti do réir an dliġe, do ḃríġ nar ċoiṁlíon sí aíṫne an ríġ Ahasuérus leis na seomradóiriġiḃ?

16 Agus do ḟreagair Memucan a laṫair an ríġ agus na bprionnsaḋ, ní hair an ríġ aṁain do rinne an ḃainríoġan Ḃasti éaccóir, aċt air na prionnsaḋuiḃ uile, agus air an bpobal uile atá a nuile bproiḃinnsiḃ an ríġ Ahasuerus.

17 Do ḃríġ go raċaiḋ an gníoṁsa na bainríoġna amaċ gus a nuile ṁuaói, iondus go ndéanuid beagán dá ḃfearuiḃ iona súiliḃ, a núair inneostar é, Daiṫin an ríġ Ahasuerus an ḃainríoġan Ḃasti do ṫaḃairt a steaċ dá laṫair, aċt ní ṫáinic sí.

18 Mar an geéadna a déaruid baintiġearnuiġ na Persia agus na Media san ló so re uile ṗrionnsaḋuiḃ an ríġ, noċ do ċúalaiḋ gníoṁ na bainrioġna. Marsoéireoċuiḋ iomarcuiḋ dísbeaguiḋ agus feirge.

19 Mas toil leis an ríġ é, eirġioḋ aiṫne ríoġa úaḋ, agus scrioḃṫar í a measc ḋliġe na Bpersianaċ agus na Medianaċ, go naċ áṫruiġtear í, Gan Ḃasti do ṫeaċt ní sa ṁo do laṫair an ríġ Ahasuerus; agus tugaḋ an ríġ a sdaid ríoġasa dáon is féarr ná í.

20 Agus a núair ḟoillseoċar órduġaḋ an ríġ noċ do ḃéara sé úaḋ air feaḋ a impireaċta oile, (bíoḋ gur mor í), do ḃéaruid na mná uile onóir dá ḃfearuiḃ, araon don ṁór, agus don ḃeag.

21 Agus do ṫaitin an nísin ris an ríġ agus ris na prionnsaḋuiḃ; agus do rinne an ríġ do réir ḃréiṫre Ṁemucan:

22 Oir do ċuir sé litreaċa ar feaḋ proiḃinnseaḋ an ríġ, ċum gaċ aon ṗroiḃinnsi do reir na scríḃinne sin, agus ċum gaċ aon ṗobail do réir a tteangṫa, gaċ fear do ríaġlaḋ iona ṫiġ féin, agus sin dfoillsiuġaḋ do réir ṫeangṫa gaċ ṗobail.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan