Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Esra 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IX. Adṁail ṗeacaḋ an ṗobail; 5 agus caoi Esra dá ccionn.

1 Anois a núair do rinneaḋ na neiṫesi, ṫangadar na prionnsaḋa ċugamsa, ḋa ráḋ, Níor ḋealuiġ pobal Israel, nó na sagairt, nó na Leḃítiġ, íad feín ó ḋaoiniḃ na ccríoċ, ag déanaṁ do reír a ngráineaṁlaċd, eaḋon na Ccananíteaċ, na Hititeaċ, na Bperisiteaċ, na Iebusiteaċ, na Nammomteaċ, na Moabiteaċ, na Négipteaċ, agus na Namoriteaċ.

2 Oír ṫugadar a ninġeana ċuca feín, agus ċum a mac: iondus gur ċumaisc an síol náoṁṫa íad féin ré daómiḃ na ccríoċsin: agus fós, láṁ na bprionnsaḋa agus na núaċtarán do buḋ ceann ar a nurċóidsi.

3 Agus a núair do ċúala misi an nísi, do ḃris mé méadaċ agus mfalluing, agus do ṫarruing mé grúag mo ċinn agus mféusóige, agus do ṡúiġ mé siós ar líṫiuġaḋ.

4 Annsin do ċruinniġ ċugam gaċ áon do ċrioṫnuiġ re breiṫir Dé Israel, ar son ċiontaḋ na muinntire rugaḋ ar siuḃal; agus do ṡúiġ mé go hanḃúaineaċ nó go ttáinig íoḋbairt an tráṫnóna.

5 ¶ Agus ag íoḋbuirt an tráṫnóna déiriġ mé súas as mo ḋóḃrón; agus íar mbriseaḋ méaduiġ agus mfalluinge ḋaṁ, do léig mé ar mo ġlúiniḃ mé, agus do leaṫnuiġ mé mo láṁa amaċ ċum mo ṪIĠEARNA Dé.

6 Agus a duḃairt mé, O mo Ḋía, atá náire orum agus do ḋearg mé tré maġuiḋ do ṫógḃáil súas ċugadsa, mo Ḋía: óir dfásadar ar bpeacuiḋ ós ar cceann, agus dfásadar ar ccionta súas go neaṁ.

7 O laéṫiḃ ar naiṫreaḋ atámuid a bpeacaḋ ṁór gus a niuġ; agus ar son ar nolc do seaċadaḋ sinn féin, ar riġṫe, agus ar sagairt, a láiṁ ríoġ na ccríoċ, don ċloiḋéaṁ, do ḋaoirsine, do ċreaċaḋ, agus do náire aiġṫe, mar atá a niúġ.

8 Agus a nois a mbeagáin aimsire do taisbeanaḋ grása ó ar TTIĠEARNA Día, fuiġioll dfágḃáill dínn do ḋul as, agus do ṫaḃairt táirnge ḋúinn iona áit náoṁṫa, le ḃfoisceolaiḋ ar Ndía ar súile, agus aiṫḃeóġaḋ beag do ṫaḃairt oruinn as ar ndaoirsine.

9 Oír do ḃámairne ar ndáoirsineaċaiḃ; giḋeaḋ níor ṫréig ar Ndía sinn ann ar ndaoirsine, aċt do ṫaisbein sé trócaire ḋúinn a raḋarc ríoġ na Persia, do ṫaḃairt aiṫḃeoġuḋ eruinn, do ċur ṫiġe ar Ndé súas, do leasuġaḋ a ḟásuiġ, agus do ṫaḃairt balla ḋúinn ann Iúdah agus ann Ierusalem.

10 Agus a nois, ó ar Ndía, cred a déaram na ḋiáiġ so? óir do ṫréigeamar haiṫeanta sa,

11 Noċ daiṫin tú red ṡerḃísiġ, na fáiġe, ag ráḋ, An fearann, a ḃfuilti ag dul dá ṡealḃuġaḋ, atá sé na ḟearann neaṁġlan arson salċar ḋaoine na talṁan, le na ngráineaṁlaċt, noċ do líon é ón ccorr go ċéile le na salċar.

12 Anois ar a naḋḃarsin ná tugaiḋse ḃur ninġeana dá macaiḃ, agus ná gaḃuiḋ a ninġeana dá ḃur macaiḃ, ná híarruiḋ a síoṫċáin nó a saiḋḃrios go bráṫ: ċor go mbeiṫí laídir, agus go niostaói maiṫios na talṁan, agus go ḃfúigfiḋe é na oiġreaċt ag ḃur ccloinn go bráṫ.

13 Agus tar eís a ttáinic oruinn fár ndroiċġníoṁuiḃ, agus far ccoir ṁóir, ó ṗianuiḋ tusa sinn ó ar Ndía níos luġa ná mar do ṫuill ar bpeacaḋ, agus ṫug tú fuásglaḋ ḋumn mar so;

14 Nar ċóir dauinn a rís haiṫeanta do ḃriseaḋ, agus íaḋaḋ a ccleaṁnus ré luċt na graíneaṁlaċta? naċ beiṫeása feargaċ rinn nó go scriostá sinn, iondus naċ biaṫ fuiġioll nó dul as?

15 O a ṪIĠEARNA Día Israel, atá tú ceart: óir mairmidne fós íar ndul as, mar atá a niuġ: féuċ, a támaoid ad laṫair ann ar gciontuiḃ: óir ni ḟéadmaoid seasaṁ as do ċoinne dá ḃríġ so.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan