Esra 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VIII. Coṁ‐ċuideaċd Esra, 24 Agus na tioḋluice tugadar léo. 1 Isiad so a nois roiġne a naiṫreaḋ, agus sé so genealaċ na druinge do ċuáiḋ liomsa súas on Ḃabilóin, á ríġe Artacsercses an ríġ. 2 Do ṁacaiḃ Ṗineas; Gersom: do ṁacaiḃ Itamar; Daniel: do ṁacaiḃ Dáiḃi; Hattus. 3 Do ṁacaiḃ Ṡeċaniah, do ṁacaiḃ Ṗaros; Seċariah: agus do háirṁeaḋ maille ris don ġenealaċ ḟearḋa céud agus cáogad. 4 Do ṁacaiḃ Ṗahat‐Moab; Elihoenai ṁac Seraiah, agus maille ris sin ḋá ċéad tirionnaċ. 5 Do ṁacaiḃ Ṡeċaniah; mac Iahasiel, agus maille ris sin trí ċéad firionnaċ. 6 Agus do ṁacaiḃ Adin mar an ccéadna; Ebed ṁac Ionatan, agus maille ris sin cáogad firionnaċ. 7 Agus do ṁacaiḃ Elam; Iessaiah ṁac Ataliah, agus maille ris seaċtṁoġad firionnaċ. 8 Agus do ṁacaiḃ Seṗatiah; Sebadiah ṁac Miċael, agus maille ris ceiṫre fiṫċid firionnaċ. 9 Do ṁacaiḃ Ioab; Obadiah ṁac Iehiel, agus maille ris ḋá ċéud agus oċt ḃfir ḋéug. 10 Agus do ṁacaiḃ Selomit; mac Iosiṗiah, agus maille ris céad agus trí fiṫċid firionnaċ, 11 Agus do ṁacaiḃ Bebai; Seċaria ṁac Bebai, agus maille ris oċtar ar ḟiṫċid firionnaċ. 12 Agus do ṁacaiḃ Asgad; Iohanan ṁac Haccatan, agus maille ris céad agus deiṫneaṁar firionnaċ. 13 Agus do ṁacaiḃ deiġionaċa Adonicam, ar ḃíad so a nanmanna, Eliṗelet, Iehiel, agus Semaiah, agus maille riú trítiṫċid firionnaċ. 14 Fós do ṁacaiḃ Bigḃai; Utai, agus Sabbud, agus maille riú seaċtṁoġad firionnaċ. 15 ¶ Agus do ċruinniġ misi a ccionn a ċéile íad gus a naḃuinn ġluaisios go Hahaḃa; agus dfanamar ann sin a lóistiniḃ trí lá: agus do ṁeas mé an pobal, agus na sagairt, agus ní bfúair mé áoinneaċ do ṁacaiḃ Léḃi ann. 16 Ann sin do ċuir mé fios ar Eleasar, ar Ariel, ar Ṡemaiah, agus ar Elnátan, agus ar Iarib, agus Elnátan, agus ar Nátan, agus ar Ṡeċariah, agus ar Ṁessullam, daóine toġṫa; agus fós ar Ioiarib, agus ar Elnatan, dáoine tuigsionaċa. 17 Agus do ċuir mé íad maille re haiṫne go Hiddo an ceann san nionad Casiṗia, agus dinnis mé ḋóiḃ cred a déaraidís re Híddo, agus re na ḋearḃraiṫriḃ na Netinimiġ, ansa náit Casiṗia, go ttugaidis leó ċuguinn seirḃísiġ ċum tiġe ar Ndé. 18 Agus maille re láiṁ ṁaiṫ ar Ndé do ḃeiṫ linn ṫugadar duine tuigsionaċ ċuguinn, do ṁacaiḃ Mahli, ṁic Léḃi, ṁic Israel; agus Serebiah, gun a ṁacuiḃ agus a ḋearḃráiṫriḃ, oċt ḃfir ḋéag; 19 Agus Hassabiah, agus maille ris Iessaiah do ṁacaiḃ Merári, a ḋearḃráiṫre agus a micsin, fiṫċe fear. 20 Mar an gcéadna do na Netinimiḃ, noċ do órduiġ Dáiḃi agus na prionnsaḋa a serḃís na Leḃíteaċ, ḋá ċéud agus fiṫċe Netinimeaċ: do foillsiġeaḋ íad uile le na nainm. 21 ¶ Annsin dfuágair misi trosgaḋ san náitsin ag an naḃuinn Ahaḃa, go ccráiḋfemis sinn feín a laṫair ar Ndé, lé a níarrfamáois air sliġe ḋíreaċ ḋúinn féin, agus dar náos óg, agus dar máoin uile. 22 Oír do ḃí náire orum buiḋe an ṡeiġdiúr agus ṁarcṡlúaġ díarruiġ air an ríġ do ċungnaṁ linn a naġaiḋ ná náṁad annsa tsliġe: do ḃríġ gur laḃramar ris an ríġ, ḋá ráḋ, Atá láṁ ar Ndé ċum maiṫeasa leis an ṁéid íarrus é; aċt bí a ċuṁaċt agus a ḟearg a naġaiḋ gaċ áoin dá ttréigionn é. 23 Marsin do ṫroisgeamar agus do ġuiḋeamar ar Ndía uimeso: agus déist sé rinn. 24 ¶ Annsin do ċuir mé ar leiṫ ḋá ḟear ḋeág do ṫoġa na sagart, Serebiah, Hassabiah, agus deiṫneaṁar da ndearḃráiṫriḃ maille riú, 25 Agus do ṫoṁuis mé ċuca an tairgiod, agus an tór, agus na soiṫiġe, eaḋon ofráil ṫiġe ar Ndé, noċ dofrail an ríġ, agus a ċoṁairliġ, agus a ṫiġearnuiġ, agus Israel uile do ḃí a laṫair annsin: 26 Do ṫoṁuis mé féin iona láṁuiḃ sé ċéad agus caogad tallann airgid, agus céad tallann do ṡoiṫiġiḃ airgid, agus céad tallann óir; 27 Mar an ccéadna fiṫċe báisín óir, do ċoṁṫromuíġ míle drama; agus ḋá ṡoiṫeaċ dfionnḃruiṫne ḟíneulta, mórlúaiġ mar ór. 28 Agus a duḃairt mé riú, Atáṫaói náoṁṫa don TIĠEARNA; atáid na soiṫiġe mar an gcéadna beannuiġ; agus atá an tairgiod agus an tór na nofráil ṫoileaṁuil don TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ. 29 Déanuiḋsi faire, agus coiṁéuduiġ íad, no go ccoṁṫroṁuiġ siḃ íad a laṫair ċeann na sagart agus na Leḃíteaċ, agus ṫoġa aiṫreaḋ Israel, ann Ierusalem, a seómraḋuiḃ ṫiġe an TIĠEARNA. 30 Marsin do ġlacadar na sagairt agus na Leḃiteaċ coṁṫrom a nairgid, agus a noir, agus na soiṫeaċ, da ttaḃairt go Hierusalem go tiġ ar Nde. 31 ¶ Ann sin do ġiuáiseamar ó ṡruṫ Ahaḃa ar an dara lá deag don ċédṁí do ḋul go Hierusalem: agus do ḃí láṁ ar Ndé maille rinn, agus do ṡáor sé sinn ó láiṁ na náṁad, agus ón ṁéid do ḃí a luiḋeaċán oruinn annsa tsliġe. 32 Agus ṫangamar go Hierusalem, agus dfanamar ann sin trí lá. 33 ¶ Anois ar an cceaṫraṁaḋ lá do coṁṫromaḋ an tairgiod agus an tór agus na soiṫiġe a ttiġ ar Ndé lé láiṁ Ṁeremot ṁic Uriah an sagart; agus do ḃí maille ris Eleasar ṁac Ṗineas; agus maille riú sin do ḃí Iosabad ṁac Iessua, agus Noadiah ṁac Binnui, Leḃítiġ; 34 Le huiḃir agus le coṁṫrom gaċ éainneiṫe: agus do scrioḃaḋ an coṁṫrom uile annsa namsin. 35 Mar an ccéadna clann na muinntire rugaḋ ar siuḃal uile, agus dfill ón dáoirsine, dofráladar íoḋbarṫa loisge do Ḋía Israel, ḋá ḃulóig ḋéug arson Israel uile, nóċad agus sé reiṫe, seaċtṁoġad agus seaċt núain, ḋa ġaḃar ḋéug ḟirionna mar ofráil ṗeacuiḋ: do ḃadar so uile na nofráil loisge don TIĠEARNA. 36 ¶ Agus ṫugadar cuṁaċda an ríġ do dfir ait an ríġ, agus dúaċdaránuiḃ don taoiḃse don tsruṫ: agus do ċuidiġeadar leis an bpobal, agus lé tiġ Dé. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society