Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Esra 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VI. Tré órduġaḋ Ḋárius do ċuireaḋ an teampull súas, 16 agus do coisriogaḋ í.

1 Annsin do rinne Dárius an ríġ órduġaḋ, agus do rinneaḋ spíonaḋ a ttiġ na rollaḋ, mar ar cuireaḋ na hionṁuis a ttaisgiḋ san Ḃabilóin.

2 Agus do fríṫ ann Aċmeta, annsa bpálás atá a bproḃins na Médes, rolla, agus cuiṁne scríoḃṫa ann marso:

3 Annsa ċéidḃliaḋuín do Ċírus an ríġ, do rinne an riġ Círus céadnasin órduġaḋ a ttaoḃ ṫiġe Dé ann Ierusalem, Cuirṫear an tiġ sin súas, a náit a ndéaindís íoḋbuirt, agus curṫar síos a ḃunáit go láidir; trí fiṫċid cuḃad ná áirde, agus trí fiṫċid cuḃad na leiṫead;

4 Maille re trí líne do ċloċuiḃ móra, agus líne do aḋmad núaḋ: agus tugṫar a ccaiṫfiġṫér leis as tiġ an ríġ:

5 Agus mar an ccéadna na soiṫiġe óir agus airgid ṫíġe Dé, noċ ṫug Nebuċadnessar ás an tteampall atá ann Ierusalem, agus ṫug leis don Ḃabilóin, aisigṫear iad, agus beirṫear a rís íad don teampall atá ann Ierusalem, gaċ aóinní iona áit féin, agus suiġiḋ íad a ttiġ Dé.

6 Anois ar a naḋḃarsin, a Ṫatnai, á úaċdaráin táoḃ ṫall daḃuinn, a Ṡetar‐bosnai, agus do ċompanuiġ na Haṗarsaċitiġ, noċ atá táoḃ ṫall daḃuinn, go maḋ fada siḃsi ó ḃuain annso:

7 Léigiḋ náiḃ do nobairsi ṫiġe Dé; cuireaḋ úaċdarán na Niúduiġeaḋ agus sinnsir na Niúduiġeaḋ tiġ Dé súas iona áit féin.

8 Tuilleaṁ oile orduiġim an ní do ḋéantaoi re sinnsearuiḃ na Niúduiġeaḋ do ċur súas an tiġesi Dé: go ttugṫar go lúaṫ do ṁaóin an ríġ, euḋon don ċíos taoḃ ṫall daḃuinn, ní re ċaiṫeaṁ ris na daoiníḃsin, ċor naċ ttoirmioscṫar íad.

9 Agus gaċ ní da mbía deasḃuiḋ orra, araon do ḃulóguiḃ óga, do reiṫiġiḃ, agus dúanuiḃ, ċum ofrálaċ loisge Dé neiṁe, cruiṫneaċt, salann, fíon, agus ola, do réir órduiġ na sagart atá ann Ierusalem, tugṫar ḋóiḃ é, lá air lá gan ḟailliġe:

10 Ċor go nofráilfid íoḋbairt deaġḃoluiḋeaċ do Ḋía neimbe, agus go nguiḋfid ar son sláinte an ríġ, agus aṁac.

11 Mar an gcéadna do rinne mé órduġaḋ, giḋ bé ar biṫ aṫroċus an focalsa, beantar aḋmad ó na ṫiġ, agus ar na ċur suas, croċtar eision as; agus déantar cárnaóiliġ ḋa ṫiġ ar a ṡonso.

12 Agus go scriosuiġ an Día ṫug fa deara a ainm dáitiuġaḋ aunsin na huile riġṫe agus ṗobal, ċuirfios a láṁ daṫarraḋ agus do ṁill aḋ an tiġesi Dé atá ann Ierusalem. Misi Dárius do rinne an torduġaḋ; coiṁlíontar é go luáṫ.

13 ¶ Annsin do rinne Tatnai, úaċtarán an taóiḃsi do naḃuinn, Setar‐bosnai, agus a ccompanuiġ, do réir mar do ċuir Dárius an ríġ ċuca, do rinneadar aṁluiḋ go lúaṫ.

14 Agus do ċuireadar sinnsir na Níuduiġeaḋ súas, agus do ċúadar ar a, naġaiḋ do ḃríġ ṫairġire Haggai an fáiġ agus Ṡeċariah ṁic Idde. Agus do ċuireadar súas, agus do ċríoċnuiġeadar é, do réir aiṫne Dé Israel, agus do réir aiṫne Ċírus, agus Ḋárius, agus Artacsercses ríġ na Persia.

15 Agus do críoċnuiġeaḋ an tiġse ar an treas lá don ṁí Adar, noċ do ḃí annsa seiseaḋ blíaḋain do ríġe Ḋárius an ríġ.

16 ¶ Agus do congṁadar clann Israel, agus na sagairt, agus na Leḃítiġ, agus an ċuid oile do ċloinn na daóirsine, sollamain ċoisriġṫe an tiġesi Dé maille re gáirdeaċus,

17 Agus dofráladar ag sollamuin ċoisriġṫe an tiġesi Dé céud bulóg, ḋá ċéad reiṫe, ceiṫre ċéad luḃán; agus mar ofráil ṗeacuiḋ ar son Israel uíle, ḋá ġaḃar ḋéag ḟiriouna, do réir uiḃre ṫreaḃ Israel.

18 Agus do ṡuiġeadar na sagart iona ronnuiḃ, agus na Leḃítiġ iona sealuiḃ, ċum serḃísi Dé, noċ atá ann Ierusalem; mar atá scríoḃṫa a leaḃar Ṁaóise.

19 Agus do ċoiṁéadadar clann na daóirsine an ċáisg ar an cceaṫraṁaḋ lá déug don ċéidṁí.

20 Oír do ḃádar na sagairt agus na Leḃítiġ ar na nglanaḋ a naóinteaċd, do ḃádar glan uile, agus do ṁarḃadar an ċáisg do ċloinn na daóirsine uile, agus dá ndearḃráiṫriḃ na sagairt, agus doiḃ féin.

21 Agus a dúadar clann Israel, an ċáisg, noċ ṫáinic a rís as an ndaoirsine, agus a nuile ḋuine dar ḋealuiġ íad féin ċuca ó ṡalċar ġenteaḋ na tíre, díarruiḋ an TIĠEARNA Día Israel.

22 Agus do ċungṁadar féusta a naráin gan loiḃin seaċt lá maille re gáirdeaċus: óir do rinne an TIĠEARNA sólasaċ íad, agus do iompóiġ sé croiḋe ríġ na Hassíria léo, do neartuġaḋ a láṁ do ḋéanaṁ ṫiġe Dé, Día Israel.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan