Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Esra 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil V. Tré ṫairġir na bfáġ, do ġaḃ Serubbabel um ṫiġ Dé, do ċur súas.

1 Ansin do ṫairġireadar na faiġe, Haggai an faiġ, agus Seċariah ṁac Iddo, do na Iúduiġiḃ do ḃí ann Iúdah agus ann Ierusalem a nainm Dé Israel, dóiḃsion féin.

2 Ann sin déiriġ Serubbabel ṁac Sealtiel, agus Iessua ṁac Iosadac súas, agus do ṫionnscnadar tiġ Dé do ċur súas noċ atá ann Ierusalem: agus fáiġe Dé maille ríu ag congnaṁ ḋóiḃ.

3 ¶ Fá namsin féin ṫáinic Tatnai ċuca, uaċdarán na taoiḃesi a ḃus do naḃuinn, agus Setar‐bosnai, agus a ccompanuiġ, agus a duḃradar marso ríu, Cia daiṫin daóiḃse an tiġse do ċur súas, agus an ballaso do ḋéanaṁ?

4 Annsin a duḃramairne ríu ar an moḋso, Cá hainm an ṁuinntir do ní a nobairsi?

5 Aċt do ḃí súil a Ndé ar ṡeanoiriḃ na Niuduiġeaḋ, go nar ḟéadadar taḃairt orra scur, nó go ttáiníc an ċúis go Dárius: agus annsin dfilleadar freagra le litir a ttáoḃ na cúisesi.

6 ¶ Cóib na litreaċ do ċuir Tatnai ríaġlaiṫeóir don taóiḃse do naḃuinn, agus Setar‐bosnai, agus a ċompanuiġ na Haṗarsaċitiġ, noċ do ḃí ar an ttaóiḃsi do naḃuinn, go Dárius an ríġ:

7 Do ċuireadar litir ċuige, iona raiḃ scríoḃṫa marso; Go Dárius an ríġ, a nuile ṡíoṫċáin.

8 Bíoḋ a ḟios ag an ríġ, go ndeaċamairne go cúigeaḋ Iudeáh, go tiġ an Dé ṁóir, noċ do rinneaḋ le cloċaiḃ móra, agus do leagaḋ aḋmad ar na ballaḋuiḃ, agus atá a nobairsi ag dul ar a haġaiḋ go lúaṫ, agus atá sí ag éirġe léo.

9 Ann sin dfíafruiġeamairne do na seanóiriḃ sin, agus a duḃramar ríu marso, Cía daiṫin díḃsi an tiġ se do ḋéanaṁ, agus na ballaḋaso do ċur súas?

10 Dfíafruiġeamar a nanmanna mar an ccéadna, da ninnisin dúitse, go scríoḃṫamóis anmanna na ndáoine do bféarr ḋíoḃ.

11 Agus is marso do ḟreagradar sinn, ġa raḋ, Is sinne serḃísiġ Dé niṁe agus talṁan, agus atámuid ag cur súas an tiġe do rinneaḋ mórán bliaḋan ó ṡin, noċ do rinne ríġ mór Disrael agus do ċúir súas é.

12 Aċt tar éis ar naiṫreaḋ do ḃrostuġaḋ Dé neiṁe ċum feirge, ṫug sé a láiṁ Nebuċadnesar ríġ na Babilóine, an Caldéanaċ íad, noċ do scrios an tiġse, agus rug na daóine leís don Ḃabilóin.

13 Aċt annsa ċéidḃliaḋuin do Ċirus ríġ na Babilóine ṫug an ríġ céadna sin Círus fúagra an tiġse Dé do ḋéanaṁ.

14 Agus mar an ccéadna soiṫiġe óir agus airgid ṫiġe Dé, noċ rug Nebuċadnesar as an tteampall do ḃí ann Ierusalem, agus rug íad go teampall na Baibilóine, ṫug Cirus an ríġ íad sin amaċ as teampall na Babilóine, agus tugaḋ dáon íad, dar ḃainm Sesbassar, dá ndéarna seision úaċdarán;

15 Agus a duḃairt sé ris, Glac na soiṫiġe, imṫiġ, beir leaċd íad gus an teampall atá ann Ierusalem, agus cuirṫear tiġ Dé súas iona áit féin.

16 Annsin ṫáinic an Sesbassar sin, agus do ṡuiġiḋ bunáit ṫiġe Dé noċ atá ann Ierusalem: agus ó namsin go nuige a nuairsi atá sé agá ċur súas, agus ní ḃfuil sé crioċnuiġṫe fós.

17 A nois ar a naḋḃarsin, mas toil leis an ríġ é, déantar cúartuġaḋ a ttiġ ionṁuis an ríġ, noċ atá annsin san Ḃabilóin, dá ḟéuċuin an marsin atá, go ttug an ríġ Círus fúagra an tiġse Dé do ḋéanaṁ ann Ierusalem, agus cuireaḋ an ríġ a ṫoil ċuguinne a ttaoḃ na cúisesi.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan