Esra 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IV. Do ċuireadar cosc ar ṫogḃala an teampuill. 1 Anois a núair do ċúaladar easccáirde Iúdah agus Ḃeniamin go raḃadar clann na ndaóirsineaċ ag cur teampuill súas don TIĠEARNA Día Israel; 2 Annsin ṫangadar go Serubbabel, agus go toġa na naiṫreaḋ, agus a duḃradar ríu, Léigiḋ ḋúinne congnaṁ riḃ: óir íarramaoid ḃur Ndía, mar íarrṫaóise; agus do nímid ioḋbuirt dó ó aimsir Esarhaddon ríġ Assur, noċ ṫug annso a níos sinn. 3 Aċt a duḃairt Serubbabel, agus Iessua, agus an ċuid oile do ṫoġa aiṫreaḋ Israel ríu, Ní ḃfuil buáin aguiḃ rinne as a ndéanaḋ siḃ tiġ dar Ndía; aċt sinn féin le ċéile do ḋéanam é don TIĠEARNA Día Israel, mar do ḟuagair Círus ríġ na Persia ḋuinn, 4 Annsin do laguiġeadar muinntir na tíre láṁa ṗobail Iúdah, agus do ṫoirmiosgadar íad iona nobair, 5 Agus do ḟostóiġeadar coṁairliġ na naġaiḋ, do ḃacaḋ a ttionnscanta, ar feaḋ ṡáoġail Ċirus ríġ na Persia, nó go ttáinic Dárius ríġ na Persia a ríġe. 6 Agus a ríġe Ahasuerus, a ttosaċ a ríġe, do scríoḃadar casaóid ċuige a naġaiḋ ṁuinntire Iúdah agus Ierusalem. 7 ¶ Agus a naimsir Artacsercses do scríoḃ Bíslam, Mitridat, Tabeel, agus an ċuid oile dá ccumpánaċaiḃ, go Hartacsercses ríġ na Persia; agus annsa teanguiḋ Ṡírianuiġ do ḃí scríḃinn na litre scríoḃṫa, agus do míniuġaḋ annsa teanguiḋ Ṡírianuiġ í. 8 Do scríoḃ Rehum an Saiṁseler agus Simsai an scriḃneóir litir a naġaiḋ Ierusalem go Hartacsercses an ríġ ar an moḋsa: 9 Annsin do scríoḃ Rehum an saiṁseler, agus Simsai an scriḃneóir, agus an ċuid oile dá ccompanaċaiḃ; na Dinaitiġ, agus na Haṗarsatċitiġ, na Tarpelitiġ, na Haṗarsitiġ, na Harċeḃitiġ, na Babilónianuiġ, na Susanċitiġ, na Dehaḃitiġ, agus na Helamitiġ, 10 Agus an ċuid oile do na cineaḋaċaiḃ noċ ṫug Asnappar mór úasal a nall, agus do ṡuiġiḋ a ccaiṫreaċaiḃ Ṡamária, agus an ċuid oile atá don taóiḃsi do naḃuinn, agus iona leiṫeidso daimsir. 11 ¶ Sí so cóib na litreaċ do ċuireadar ċuige, eaḋon go Hartácsercses an ríġ; Do ṡerḃisiġ don taóiḃ so don naḃuinn, agus iona leiṫeidso daimsir. 12 Bíoḋ a ḟios ag an ríġ, na Iúduiġe ṫáinic uáitsi a níos ċuguinne go ttangadar go Hierusalem, ag cur súas na droċċaiṫreaċ eassurrumaiġ, agus gur ċuireadar a ballaḋa súas, agus gur ċeangladar ḋá ċéile a bunáite. 13 Bíoḋ a ḟios a nois ag an ríġ, má cuirṫear an ċaṫairsi súas, agus na ballaḋa do ċur súas a rís, annsin naċ díolfuid siád cáin, cíos, nó custum, marsin laiġdeoċus tusa cíos na ríoġ. 14 Anois do ḃríġ go ḃfuil túarusdal aguinne as palás an ríġ, agus nar ḃiomċuḃuiḋ ḋúinn easonóir an ríġ dfaícsin, uimesin do ċuireamar uáinn agus do ḋeiṁniġeamar so don ríġ; 15 Ionnus go ndéantaoi cúartuġaḋ a leaḃar cuiṁniġṫeaċ haiṫreaḋ: marsin do ġeaḃa tú a leaḃar na cuiṁne, agus aiṫeonus tú gur caṫair ceannairceaċ an ċaṫairsi, agus dioġḃalaċ do ríġṫiḃ agus do ṫíorṫuiḃ, agus gur ṫógḃadar ceannairc a stiġ innte san tseanaimsir: arson na cúise sin do scriosaḋ an ċaṫairsi. 16 Dearḃamaoid don ríġ, má cuirṫear an ċaṫairsi súas a ris, agus a ballaḋa do ċur súas, dá ḃríġ so naċ biáiḋ cuid agad don taoiḃsi do naḃuinn. 17 ¶ Do ċuir an ríġ freagra go Rehum an Saiṁselér, agus go Simsai an scriḃneóir, agus gus an ccuid oile dá ccompanaċaiḃ áitreaḃus a Samária, agus ċum na coda oile táoḃ ṫall do naḃuinn, Síoṫċáin, agus iona leiṫeid sin daimsir. 18 An litir do ċuireaḃair ċuguinn do léiġeaḋ go soilléir am laṫair í. 19 Agus dfúagair misi, agus do rinneaḋ spíonaḋ, agus do friṫ go ndéarnuiḋ an ċaṫairsi imreasan a naġaiḋ ríoġ annsa tseanaimsir, agus go ndéarnaḋ cogaḋ agus buaiḋreaḋ ínnte. 20 Do ḃádar riġṫe cuṁaċtaċa mar an ccéadna ós cionn Ierusalem, noċ do ríaġluiḋ ós cionn a niomláin táoḃ ṫall daḃuinn; agus do híocaḋ cíos, cáin, agus cusṫum ríu. 21 Tugaiḋsi a nois fúagra uáiḃ dá ṫaḃairt ar an muinntirsi cosc, agus gan an ċaṫairsi do ċur súas, nó go ttugṫar aiṫne uaimsi. 22 Tugaiḋ dá ḃur naire a nois gan failliġe ris so do ḋéanaṁ: cred as a ḃfásfaḋ díoġḃail do ḋeanaṁ doċair do na ríġṫiḃ? 23 ¶ A nois an tan do léiġeaḋ cóib litreaċ Artacsercses a ḃfiaġnuise Rehum, agus Ṡimsai an scriḃneóir, agus a ccompánaċ, do ċúadar súas go deifreaċ go Hierusalem ċum na Iúduiġeaḋ, agus ṫugadar orra scúr le neart agus lé coṁaċduiḃ. 24 Annsin do ċoisc obair ṫiġe Dé noċ atá ann Ierusalem. Marsin do scuir gus an dara blíaḋuin do ríġe Darius ríġ na Persia. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society