Esra 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Cúram an ṗobail serḃise Dé do ċur súas. 1 Agus a núair ṫáinic an seaċtṁaḋ mí, agus do ḃádar clann Israel annsna caiṫreaċaiḃ, do ċruinniġeadar an pobal íad féin a gcionn a ċeile aṁuil aonduine go Hierusalem. 2 Annsin déiriġ Iessua ṁac Iosadac, agus a ḋearḃráiṫre na sagairt, agus Serubbabel ṁac Sealtiel, agus a ḋearḃráiṫre, agus do ċuireadar súas altóir De Israel, dofráil íodnearṫa loisg uirre, mar atá scríoḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaoise óglaiċ Dé. 3 Agus do ṡuiġeadar a naltóir air a fuileanguiḃ; (óir do ḃí eagla orra do ḃríġ ḋáoine na ccríoċ sin): agus dofráladar íoḋbarṫa loisge uirre don TIĠEARNA, eaḋon ofrála loisge maidne agus tráṫanóna. 4 ¶ Do ċuṁduiġeadar mar an ccéadna féusta na ttabernaclaċ, mar atá scrioḃṫa, agus dofrátadar na híoḋbarṫa loisge laéṫeaṁla maille re na nuiḃir, do réir an ġuáṫa, mar díarr oifig gaċ áonlaé; 5 Agus na ḋiaiġsin dofráladar a níoḋbuirt ġuáṫaċ loisge, na ngealaċ núaḋ fós, agus na nuile ḟéustaḋ cinnte an TIĠEARNA noċ do coisreagaḋ, agus ó gaċ áon dar ofráil go toileaṁuil íoḋbuirt áoutuiġeaċ don TIĠEARNA. 6 On ccéad lá don tseaċdṁaḋ mí do ṫosuiġeadar ofrála loisge don TIĠEARNA. Aċt nior suiġeaḋ bunait teampuill an TIĠEARNA fos. 7 ¶ Ṫugadar fós airgiod do na saoruiḃ cloiċe, agus croinn; agus bíaḋ, agus deoċ, agus ola, do ṁuinntir Ṡídon agus Tior, do ṫaḃairt crann cédair ó Lebanon go fairge Ioppa, do réir an ċeada fúaradar ó Ċirus ríġ na Persia. 8 ¶ Anois annsa dara ḃlíaḋain ar tteaċt dóiḃ go tiġ Dé ann Ierusalem, air an dara mí do tosuiġ Serubbabel ṁac Sealtiel, agus Iessua ṁac Iosadac, agus ar ṁair dá ndearḃráiṫriḃ na sagairt agus na Lebítiġ, agus a nuile ḋuine dá ttáinic as a ndaoirsine go Hierusalem; agus dórduiġeadar na Leḃítiġ, ó fiṫċid bliaḋam daóis agus ós a ċionn, do ċur oibre ṫiġe an TIĠEARNA ar a haġaiḋ. 9 Annsin do ṡeas Iessua súas gon a ṁacai h agus gon a ḋearḃráiṫriḃ, Cadmiel agus a ṁic, mic Iudah, a ḃfoċair a ċeile, do ḃrostuġaḋ an luċda oibre a ttiġ Dé: mic Henadad, gon a macaiḃ agus gon a ndearḃráiṫriḃ na Leḃitiġ. 10 Agus a nuáir do ṡuiġeadar na saóir bunáit ṫeampuil an TIĠEARNA, do ċuireadar na sagairt iona cculaḋuiḃ maille re stocuiḃ, agus na Leḃítiġ mic Asaṗ maille re cimbaluiḃ, do ṁolaḋ an TIĠEARNA, do réir órduiġ Ḋáiḃi ríġ Israel. 11 Agus do ċanadar le ċéile fa seaċ ag molaḋ agus ag taḃairt buiḋeaċuis don TIĠEARNA; do ḃriġ go ḃfuil sé maiṫ, agus go mairionn a ṫrócaire Disrael go bráṫ. Agus do ġáireadar an pobal uile lé gáir ṁoir, a nuáir do ṁoladar an TIĠEARNA, do ḃríġ gur ṡuiġeadar bunáit ṫiġe an TIĠEARNA. 12 Aċt do ġuileadar ós áird, mórán do na sagartuiḃ agus do na Leḃitiḃ agus toġa na naiṫreaḋ, do ḃí na ndaoiniḃ áosta, noċ do ċonnairc an ċédṫiġ, a núair do suiġeaḋ bunáit an tiġe as coinne a súl; agus do ġáir mórán lé lúaṫġair: 13 Ionnus nar ṫuigeadar an pobal fuáim gáire ná luaṫġáire tár ḟúaim ġola an ṗobail: óir do ġáireadar na daóine do ġuṫ árd, agus do clos a ngáir a nimċian. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society