Esra 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil X. A nseilḃ aiṫreaċus, 6 (tar eis iartas Esra) 12 do ċuireadar úaṫa na mná ċoigcriġe. 1 Anois an tan do ġuiḋ Esra, agus a núair do adṁuiṁ sé, ag gul agus da ṫeilgion féin ar lár a ḃfiaġnuise ṫiġe Dé, do ċruinniġ ċuige as Israel coiṁṫionól roṁór fear agus ban agus leanaḃ: óir do ċaóiḋeadar an pobal go ro ġéar. 2 Agus do ḟreagair Seċaniah ṁac Iehiel, áon do ṁacaiḃ Elam, agus a duḃairt re Hesra, Do ċiontuiġeamar a naġaiḋ ar Ndé, agus ṫugamar mná coigcríċṫe do ḋaoiniḃ na talṁan: giḋeaḋ fós atá a nois dóiġ ann Israel a ttaóiḃ an neiṫesi. 3 Anois ar a naḋḃarsin déanam cunnraḋ re ar Ndía, na mná uile agus an ṁéid do rugadar, do ċuir uáinn do réir ċoṁairle mo ṫiġearna, agus na méide ċrioṫnuiġios re haiṫne ar Ndé, agus déantar é do réir an dliġe. 4 Eiriġ; óir beanaiḋ ḋuitsi an ċúisesi: bíaiḋ sinne ar áon leaċd: bíoḋ meisnéaċ ṁaiṫ agad, agus déan. 5 Annsin déiriġ Esra, agus ṫug mionna ar na hárdṡagartuiḃ, agus ar na Leḃítiḃ, agus ar Israel uile, go ndéanaidís do réir a nfocailsi. Agus ṫugadar a mionna ris sin. 6 ¶ Annsin déiriġ Esra súas ó laṫair ṫiġe Dé, agus do ċuáiḋ sé go séomra Iohanan ṁic Eliasib: agus a núair ṫáinic sé annsin, níor iṫ sé aran, agus níor iḃ sé uisge: óir do ċaói sé ar son ṡáruiġṫe na druinge noċ rugaḋ ar siuḃal. 7 Agus ṫugadar fúagra ar feaḋ Iúdah agus Ierusalem do ċloinn na daóirsine uile, íad féin do ċruinniuġaḋ a ccionn a ċéile a Nierusalem; 8 Agus giḋ bé naċ ttiucfaḋ fá ċeann ṫrí lá do réir ċoṁairle na bprionsaḋ agus na sinnsior, go ttoigfiḋ a ṁaóin uile, agus go ndeileoċuiḋ é féin as comċruinniuġaḋ na druinge rugaḋ ar siuḃal. 9 ¶ Annsin do ċruinniġeadar fir Ḃeniamin agus Iúdah íad féin a ccionn a ċéile go Hierusalem táoḃ a stiġ do ṫrí lá. Do bí sin an náoiṁaḋ mí, agus an fiṫċead lá don ṁí; agus do ṡuiġ an pobal úile a sráid ṫiġe Dé, ar criṫ ar son na cúisesi, agus na fearṫanna ṁóire. 10 Agus do ṡeas Esra an sagart suás, agus a duḃairt riú, Do ṗeacuiġeaḃair, agus ṫugaḃair mna coiṁiġṫeaċa, do ṁéuduġaḋ peacuiḋ Israel. 11 Anois ar a naḋḃarsin déanuiḋ faóisidin don TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ, agus déanuiḋ a ṫoil: agus dealuiġiḋ siḃ féin ré muinntir na tíresi, agus ó na ṁnáiḃ coiṁiġṫeaċa. 12 Ann sin do ḟreagair an coṁċruinniuġaḋ uile, agus a duḃradar do ġuṫ árd, Mar a duḃairt tusa, is marsin do ḋéanaimne. 13 Aċt is iomḋa na daóine, agus is aimsir roḋoineanta í, agus ní ḟéudmaoid seasaṁ amuiġ, ní mó is obair láe no ḋá lá so: óir is iomḋa ḋínn do ċiontuiġ san níse. 14 Seasaidis anois ar núaċdaráin an ċoṁċruinniġ uile, agus tigeaḋ gaċa a ttug mná coiṁiġṫeaċa dar ccaṫruiġ a naimsir ċinte, agus sinnsir gaċ aon ċaiṫreaċ maille ríu, agus a mbreiṫeaṁuin, nó go ḃfilltear diḃfeirg Dé fán ccás so uáinn. 15 Do cuireaḋ Ionatan ṁac Asahel agus Iahasiah ṁac Ticḃah aṁáin timċioll na cúisesi: agus Messullam agus Sabbetai an Leḃíteaċ ag cungnaṁ ḋóiḃ. 16 Agus do rinneadar clann na daóirsine sin. Agus Esra an sagart, maille re cuid áiriġ do ṫoġa na naiṫreaḋ, do réir ṫiġe a naiṫreaḋ, agus do dealuiġeaḋ uile íad, tre na nanmanna, agus do ṡuiġeadar ar an ccéad la don deaċṁaḋ mí, do spíonaḋ na cúise. 17 Agus do críoċnuiġeadar re gaċ áonduine da ttug mná coiṁiġṫeaċa fan ccéad lá don ċéaidṁí. 18 ¶ Agus do fríṫ a measg ṁac na sagart ṫug mná coiṁiġṫeaċa: eaḋon, do ṁacaiḃ Iessua ṁic Iosadac, agus dá ḋearḃráiṫriḃ; Maaseiah, agus Elieser, agus Iarib, agus Gedaliah. 19 Agus ṫugadar a láṁa go ccuirfidís a mná úaṫa; agus íar mbeiṫ ciontaċ, dofráladar reiṫe don tréud ar son a bpeacuiḋ. 20 Agus do ṁacaiḃ Immer; Hanáni, agus Sebadiah. 21 Agus do ṁacaiḃ Haarim; Maaseíah, Ehiah, agus Semaiah, agus Iehiél, agus Ussiah. 22 Agus do ṁacaiḃ Passur; Elioenai, Maaseiah, Ismael, Netaneel, Iosabad, agus Elasah. 23 Mar an ccéadna do na Leḃítiḃ; Iosabad, agus Semei, agus Celaiah (sé sin féin Celita), Petahia, Iúdah, agus Elieser. 24 Do na cantairiġiḃ mar ann ccéadna; Eliasib: agus do na doirseóiriġiḃ; Sallum, agus Telem, agus Uri. 25 Tuilleaṁ fós Disrael: do ṁacaiḃ Pares; Ramiah, agus Iesiah, agus Malċiah, agus Miamin, agus Eliasar, agus Malċiiah, agus Benaiah. 26 Agus do ṁacaiḃ Elam; Mattaniah, agus Seċariah, agus Iehiel, agus Abdi, agus Ieremot, agus Eliah. 27 Agus do ṁacaiḃ Sattu; Elioenai, Eliassib, Mattaniah, agus Ieremot, agus Sabad, agus Asisa. 28 Do ṁacaiḃ Bebai fós; Iehohanan, Hananiah, Sabbai, agus Atlai. 29 Agus do ṁacaiḃ Báni; Mesullam, Malluċ, agus Adaiah, Iassub, agus Seal, agus Ramot. 30 Do ṁacaiḃ Pahat‐moab; Adna, agus Ċelal, Benaiah, Maaseiah, Mattaniah, Besaleel, agus Binnui, agus Manasseh. 31 Agus do ṁacaiḃ Hárim; Elieser, Issiiah, Malċiah, Semaiah, Simeon. 32 Beniamin, Malluċ, Semariah. 33 Do ṁacuiḃ Hassum; Mattenai, Mattatah, Sabad, Eliṗelet, Ieremai, Manasseh, agus Símei. 34 Do ṁacuiḃ Báni; Maadai, Amram, agus Uel, 35 Benaiah, Bedeiah, Ċelluh, 36 Ḃaniah, Merímot, Eliassib, 37 Mattaniah, Mattenai, agus Iaasau, 38 Agus Bani, agus Binnui, Simei. 39 Agus Selemiah, agus Natán, agus Adaiah. 40 Maċnadebai, Sassai, Sarai, 41 Asareel, agus Selemiah, agus Semariah. 42 Sallum, Amariah, agus Ioseṗ. 43 Do ṁacaiḃ Nebo; Iéhiel, Mattitiah, Sábad, Sébina, Iadau, agus Ioel, Benaiah. 44 Ṫugadar so uile mná coiṁíġṫeaċa: agus do ḃí mná ag cuid ḋíoḃ le a raiḃ clann aca. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society