Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Esra 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I. Do ḟuagair Ċírus (ó ḃéul Dé) teampull Iarúsalem do ṫogḃail.

1 Anois annsa ċédḃlíaḋain do Ċírus ríġ na Persia, (ċor go ccoiṁlíontaoi bríaṫar an TIĠEARNA le béul Ieremiah), do ċorruiġ an TIĠEARNA súas spiorad Ċírus ríġ na Persia, go ttug fúagra ar feaḋ a rioġaċta, agus gur ċuir fós a scríḃinn é, ġa ráḋ,

2 Is marso a deir Círus ríġ na Persia, Ṫug an TIĠEARNA Día niṁe ḋaṁsa uile rioġaċta na talṁan; agus do ċur sé do ċúram orm tiġ do ḋéanaṁ ḋó ann Ierusalem, noċ atá an Iúdah.

3 Cía atá eadruiḃse uile dá ḋáoiniḃ uíle? bioḋ a Ḋía maille ris, agus imṫiġeaḋ sé súas go Ierusalem, noċ atá ann Iúdah, agus cuireaḋ sé súas tiġ an TIĠEARNA Día Israel, (isé sin an Día,) noċ atá ann Ierusalem.

4 Agus gíḋ bé ar biṫ ċoṁnuiġios a náonḃall mar a ḃfuil sé air cúairt, tugaidís daóine na ccríoċsin cungnaṁ ḋo a nairgiod, agus a nór, agus a maoin, agus a nainṁintiḃ, táoḃ amuiġ do nofráil áontaḋuiġ ċum tiġe Dé atá ann Ierusalem.

5 ¶ Annsin déirġeadar roiġne aiṫreaḋ Iúdah agus Ḃeniamin na seasaṁ, agus na sagairt, agus na Leḃitiġ, maille ris a nuile ḋuine dar ṫóg Día a spiorad, do ḋul súas do ḋéanaṁ tiġe an TIĠEARNA atá ann Ierusalem.

6 Agus an ṁéid do ḃí gaċ táoḃ ḋíoḃ ṫugadar cungnaṁ ḋóiḃ do ṡoiṫiġiḃ dairgiod, agus dór, agus do ṁaoin, agus dáirnéis, agus do neiṫiḃ mórlúaiġ, táoḃ amuiġ do nuile ní dar tioḋlaiceaḋ go toileaṁuil.

7 ¶ Mar an ccéadna ṫug Círus an ríġ amaċ soiṫiġe ṫiġe an TIĠEARNA, noċ ṫug Nebuċadnessar amaċ as Ierusalem, agus do ċuir sé a ttiġ a ḋé íad;

8 Iad sin féin ṫug Círus ríġ na Persia amaċ le láiṁ Ṁitredat an oirċisdéoir, agus do áiriṁ sé íad ċum Sesbassar, prionnsa Iúdah.

9 Agus isí so a núiḃir: tríoċad mías óir, míle mías airgid, náoi sceana fiṫċiod,

10 Trioċad báisín óir, báisíniġ airgid don dara sórt ceiṫre ċéud agus a deiċ, agus do ṡoiṫiġiḃ oile míle.

11 Na soiṫiġe uilé dór agus dairgiod bá cúig ṁíle agus ceiṫre ċéud íad. Ṫug Sesbassar íadso uile leis súas maille ris na bráiġdiḃ noċ rugaḋ súas ón Ḃabilon go Hierusalem.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan