Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eseċiel 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VIII. Ceiṫear taisbeanta, a ttimċioll ġráineaṁlaċt na Niúduiġeaḋ.

1 Agus tárla annsa seiseaḋ blíaḋain, annsa seiseaḋ mí, an cúigead lá don ṁí, mar do ṡuiġ mé ann mo ṫiġ, agus do ṡuiġeadar sinnsir Iúdah as mo ċoinne, gur ṫuit láṁ an Tiġearna DIA annsin orum.

2 Annsin daṁairc mé, agus féuċ cosaṁlaċt aṁuil taisbeanaḋ teineaḋ: eaḋon ó ṫaisbeanaḋ a leasruiġ síos, teine; agus ó na leasraċ súas, aṁuil taisbeanaḋ déalruiġṫe, mar ḋaṫ omra.

3 Agus do ċuir sé cuma láiṁe amaċ, agus do ġlac misi ar ḋlaói dom ġruáig; agus do ṫóig an spiorad súas mé idir ṫalaṁ agus neaṁ, agus ṫug leis mé a ḃfisiḃ Dé go Hierusalem, go dorus an ġeata as faide a steaċ noċ ḟéuċus leaṫ ris an ttuáiscceart; mar a raiḃ áit íoṁáiġe a néuda, noċ ḃrostuiġios ċum éuda.

4 Agus, féuċ, do ḃí glóir Dé Israel annsin, do réir na fise do ċonnairc mé annsa réiteaċ.

5 ¶ Annsin a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, tóig súas do ṡúile anois leaṫ ris an ttuáisceart. Marsin do ṫóig mé súas mo ṡúile leaṫ ré sliġe an tuáisceirt, agus féuċ don leaṫ ṫuáiġ ag geata na haltóra a nioṁáiġse a néuda annsa dul a steaċ.

6 A duḃairt sé riom tuilleaṁ oile, A ṁic an duine, an ḃfaicionn tú cred do nid síad? eaḋon na gráineaṁlaċda móra do nid tiġ Israel annsa náitsi, go ndeaċuinsi a ḃfád óm ṡanctóra? aċt fill fós a ris, agus do ċifiḋ tú gráineaṁlaċda is mó.

7 ¶ Agus ṫug sé go dorus na cúirte mé; agus an tan do ċonnairc mé, féuċ poll annsa ḃalla.

8 Annsin a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, toċuil anois annsa ḃalla: agus a nuáir do ṫoċuil mé annsa ḃalla, féuċ dorus.

9 Agus a duḃáirt sé riom, Imṫiġ a steaċ, agus féuċ na droċ ġráineaṁlaċda do níd síad annso.

10 Mar sin do ċuáiḋ mé a steaċ agus dféuċ mé; agus do ċonnáirc mé cuma gaċ uile neiṫe ṡnáiḋios, agus ḃeaṫaċ naḋḟuaṫṁar, agus uile ioḋail ṫiġe Israel, ar na ttarruing air an mballa timċioll fá ccuáirt.

11 Agus do ṡeasadar as a ccoinne seaċtṁoġad fear do ṡinnsioruiḃ ṫiġe Israel, agus iona lár do ṡeas Iaasaniah ṁac Saṗan, gaċ aonduine maille re túiseóir ann a láiṁ; agus do ċuáiḋ néull ṫiuġ túise súas.

12 Annsin a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, an ḃfaca tú cred do níd sinnsir ṫiġe Israel annsa dorċadus, gaċ uile ḋuine a seómra a íoṁáiġeaḋ féin? oir a deiríd síad, Ní ḟaicionn an TIĠEARNA sinn; do ṫréig an TIĠEARNA an talaṁ.

13 ¶ A duḃairt sé riom mar an ccéadna, Fill ṫort fós a rís, agus do ċífiḋ tú gráineaṁlaċta is mó ná íadso do níd síad.

14 Annsin ṫug sé mé go dorus ġeata ṫiġe an TIĠEARNA noċ do ḃí leaṫ ris an ttuáisceart; agus, féuċ, do ṡuiġeadarmná ann sin ag gul ar son Ṫammuis.

15 Annsin a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, An ḃfaca tú so? iompóiġ ṫort fós a ris, agus do ċífiḋ tú gráineaṁlaċda ís mó ná íadso.

16 ¶ Agus ṫug sé a steaċ mé don ċúirt is faide asteaċ do ṫiġ an TIĠEARNA, agus, féuċ, do ḃádar timċioll cúigir ar ḟiṫċid ag dorus ṫeampuill an TIĠEARNA, idir an bpóirsi agus a naltóir, gun a ndromannuiḃ leaṫ ré teampall an TIĠEARNA, agus a naiġṫe don táoḃ ṡoir: agus daḋradar an ġrían leaṫ ris a noirṫear.

17 ¶ Annsin a duḃairt sé riom, An ḃfaca tú so, a ṁic an duine? An ní éattrom ag tiġ Iúdah na gráineaṁlaċta do ḋéanaṁ noċ do níd annso? óir do líonadar an tír dfoiréigion, agus dfilleadar dom ḃrostuġaḋsa ċum feirge: agus, féuċ, do ċuireadar an ċráoḃ ċum a srona.

18 Uimesin do ḋéana misi mar an cceadna ann mfeirg: ní ċoigeola mo ṡúil, ní mó ḃías truáiġe agum: agus bíoḋ go néiġfid am ċlúasaiḃ lé guṫ árd, ṫairis sin ní ċluinfiḋ mé íad.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan