Eseċiel 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VII. Bagra áiḋṁilleaḋ roḋoilġe doṫcaċt ar Israel. 1 Tuilleaṁ oile ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ, 2 A ṁic an duine, fós, is marso a deir an Tiġearna DIA ré tír Israel; Ṫáinic deireaḋ, deireaḋ air ċeiṫre coirnéuluiḃ na tíre. 3 Anois ṫáinic an críoċnuġaḋ ortsa, agus cuirfiḋ misi mfearg ort, agus do ḃéarad breaṫ ort do réir ṡliġṫeaċ, agus cuirfiḋ mé luáiġeaċt do ġráineaṁlaċta uile ort. 4 Agus ní ċoigeola mo ṡúil ṫú, ní mó ḃías truáiġe agum: aċt cúiteoċa mé do ṡliġṫe riot, agus béid do ġraineaṁlaċda ann do lár: agus biáiḋ a ḟios aguiḃ gur misi an TIĠEARNA. 5 Is marso a deir an Tiġearna DIA; Olc, féuċ, ṫáinic, áonolc aṁáin. 6 Ṫáinic an ċríoċ, ṫáinic an ċríoċ: atá sé dot ḟaire; féuċ, ṫáinic sé. 7 Ṫáinic an ṁaidin ort, ṫusa áitreaḃus annsa tír: ṫáinic an tam, atá lá na buáiḋearṫa a ngar, agus ní hé fuáim na slíaḃ a rís. 8 Anois go goirid dóirtfe mé mo ḋíḃḟearg ortsa, agus ċoíṁlíonfa mé mfearg ort: agus do ḋéana mé breiṫeaṁnus ort do réir do ṡliġṫeaċ, agus cúiteoċa mé riot ar son haḋḟúaṫṁaireaċt uile. 9 Agus ní ċoigeoluid mo ṡúile, ní mó ḃías truáiġ agum: cúiteoċa mé riot do réir do ṡliġṫeaċ agus on ġráineaṁlaċta atá ann do lár; agus aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA noċ ḃuáilios siḃ. 10 Féuċ an lá, féuċ, ṫáinic sé: do ċuáiḋ an ṁáidin amaċ; ṫáinic bláṫ air an tslait, do ġin an túaḃar. 11 Déiriġ an foiréigion súas go slait a nuilc: ní ṁairfiḋ áon díoḃ, nó dá niomadaṁlaċt, nó dá ccoṁḋáil: ní mo ḃías cuṁa ar a son. 12 Ṫáinic an tam, atáid na láeṫe ag teaċt a ḃfogus: ná gáirdiġéaḋ an ceannuiġe, ná caóiġeaḋ an reacaire: óir atá fearg air a iomadaṁlaċt uile. 13 Oír ní ḟillfiḋ an racaire ar an ní racṫar, gioḋ go mbeidís fós béo: óir is a ttáoḃ a niomuid uile naċ bfillfiḋ, atá a nfis; ní mó neartoċus duine ar biṫ é féin a néigceart a ḃeaṫa. 14 Do ṡéideadar an stoc, eaḋon do ḋéanaṁ a nuile ní réiḋ; aċt ní ṫéid duine ar biṫ ċum an ċaṫa: óir atá mfeargsa air a niomlán uile. 15 Atá an cloiḋeaṁ amuiġ, agus an ṗláiġ agus an ġorta a stiġ: agus éugfuiḋ an té ḃías annsa maċaire leis an ccloiḋeaṁ, agus muirfiḋ gorta agus pláiġ, an té atá san ccaṫruiġ. 16 ¶ Aċt an ṁéid raċus as díoḃ raċaid as, agus béid ar na sléiḃtiḃ aṁuil coluim na ngleann, íad uile ag caoi, gaċ áon ar son a ṗeacaiḋ. 17 Bráiḋ a nuile láṁ lag, agus a nuile ġlún anḃfann aṁuil uisge. 18 Criosloċuid íad féin lé saicéadaċ, agus foileoċuiḋ úaṫḃás íad; agus biáiḋ náire air na huile aiġṫiḃ, agus maóile air a cceannuiḃ. 19 Teilgfid siad a nairgiod annsna sráidiḃ, agus áṫroċar a nór: ní ḟéadfuiḋ a nairgiod nó a nór a sáoraḋ a ló ḟeirge an TIĠEARNA: ní ṡáiseoċuid síad a nanmauna, ní líonfuid a nionaṫar: do ḃríġ gur bé ceap tuisliġ a néigceart é. 20 ¶ Ar son ḃréaġḋaċt a ċóiriġṫe, do ṡuiġiḋ sé a morḋact é: aċt do rinneadar íoṁaiġe a neiṫe aḋḟúaṫṁara agus graineaṁlaċa ionta: uimesin do ċuir misi é a ḃfad úaṫa. 21 Agus do ḃéara mé é a láṁuiḃ na ccoiṁiġṫeaċ mar ċreiċ, do ċionntaċaiḃ na talṁan mar éadáil; agus saileoċuid síad é. 22 Fille mé fós maġaiḋ úaṫa, agus saileoċuid síad máit ṡeicréideaċ: óir raċfuid na sladṁóiriḋe ann a steaċ, agus saileoċuid é. 23 ¶ Déana slaḃraḋ: óir atá an tír lán do ċoirṫiḃ fuilteaċa, atá an ċaṫair lán dfoiréigion. 24 Uimesin do ḃéara misi díoġa na ngeinteaḋ, agus sealḃoċuid síad a ttiġṫe: do ḃéara mé fós air ṗoimp na neartṁar scur; agus truáillfiġear a náite náoṁṫa. 25 Tiucfuiḋ an taiḋṁilleaḋ; agus íarrfuid síad síoṫċáin, agus ní ḃía sí ar fáġáil. 26 Tiucfuiḋ urċóid ar urċóid, agus biáiḋ iomráḋ air iomráḋ; annsin iarrfuid síad fios air an ḃfáiġ; aċt muġoċuiḋ an dliġeaḋ on tsagart, agus coṁairle ó na sinnsiorruiḃ. 27 Caóifiḋ an riġ, agus biáiḋ an prionnsa ar na éaduġaḋ lé háonránaċt, agus buáiḋeorṫar láṁa ḋaoine na tíre: do ḋeana mé ríu do réir a sliġe, agus do réir a tuillṁe do ḋéana me breiṫeaṁnus orra; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society