Eseċiel 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VI. Tairrġir ar smaċt Israel arson aḋraḋ na nioḋal. 1 Agus ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ, 2 A ṁic an duine, suiġiḋ haġaiḋ leaṫ ré sléiḃṫiḃ Israel, agus tairrġir na naġaiḋ, 3 Agus abair, Siḃsi a ṡléiḃte Israel, éistiġ bríaṫar an Tiġearna DIA, Is marso a deir an Tiġearna DIA ris na sléiḃtiḃ, agus ris na cnocaiḃ, ris na sroṫaiḃ, agus ris na gleantuiḃ; Féuċ, do ḃéara Misi, Misi fein, cloiḋeaṁ oruiḃ, agus millfiḋ mé ḃur náite árda. 4 Agus béid ḃur naltóra áonranaċ, agus béid ḃur níoṁáiġṫe briste: agus teilgfiḋ me síos ḃur mairḃ as coinne ḃur nioḋal. 5 Agus leagfuiḋ mé cuirp ṁarḃa ċloinne Israel a ḃfíaḋnuise a nioḋal; agus díosgaóilfe mé ḃur ccnáṁa ó ċéile timċioll ḃur naltóraċ. 6 Ann ḃur nuile áitíḃ coṁnuiḋe do ḋéantar na caiṫreaċa na ḃfásaċ, agus béid na háite árda uáigneaċ; iondus go mbéid ḃur naltóraċa na ḃfásaċ agus uáigneaċ, agus go mbrisfiġear ḃur nioḋail agus go scuirfid, agus go ngearrfuiġear síos ḃur níoṁáiġṫe, agus go ccuirfiġear ar ccúl ḃur noibreaċa. 7 Agus tuitfid na mairḃ ann ḃur lár, agus biáiḋ a ḟios agaiḃ gur misi an TIĠEARNA. 8 ¶ Ṫairis sin fúigfiḋ mé fuiġioll, ċor go mbiáiḋ cuid agaiḃ raċus ón ccloiḋeaṁ a measg na ccineaḋaċ, an tan ḋíoscaoilfiġear siḃ a measg na ttíorṫann. 9 Agus cuiṁneoċuid an ṁéid raċus as díḃ misi a measc na ccineaḋaċ mar a mbéarṫar a láiṁ íad, do ḃríġ gur briseaḋ mé le na ccroiḋe stríopaṁuil, noċ do ḋealuiġ riomsa, agus lé na súiliḃ, noċ ṫéid do stríopaċus a ndíaiġ a nioḋal: agus gráinfid íad féin do ḃríġ na nolc do rinneadar iona nuile ġráineaṁlaċdaiḃ. 10 Agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA, agus naċ go dioṁaóin a duḃairt mé go ndéanuinn an tolcso ḋóiḃ. 11 ¶ Is marso a déir an Tiġearna DIA; Buáil lé do láiṁ, agus preab led ċois, agus abair, Mo ṫruáiġe ar son uile ḋroiċġráineaṁlaċta ṫiġe Israel! óir tuitfid ris an ccloiḋeaṁ, leis an gorta, agus leis an bpláiġ. 12 An té atá a nimċéin éugfuiḋ sé don ṗláiġ; agus an té atá a bfogus tuitfiḋ sé leis an ccloiḋeaṁ; agus na té ṁairfios agus ionnsuiġeoċṫar éugfa sé leis an ngorta: marso ċoiṁlíonfus mé mo ḋíḃḟearg orra. 13 Annsin aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA, an tán ḃéid a ndaoine marḃa a measc a nioḋal timċioll fa ccuáirt a naltóraċ, air gaċ aon ċnoc árd, a mulluiġiḃ na slíaḃ uile, agus faói gaċ crann glas, agus faói gaċ daruiġ ḋuilleaḃairiġ, agus a náit ar ofráladar bolaḋ cuṁra dá nioḋaluiḃ uile. 14 Marsin ṡínfios misi mo láṁ amaċ orra, agus do ḋéana mé an fearann na ḟásaċ, aseaḋ, ní is uáigniḋe ná fásaċ Ḋiblat, iona náitreaḃṫaċaiḃ uile: agus aiṫeonuid síad gur misi an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society