Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eseċiel 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil V. Fa ḟioġair ḃearraḋ ġruáig Ieremiah, taisbeantar díoġla Ierusalem arson a heasuṁlaċt.

1 Agus ṫusa a ṁíc an duine, glac ċugad scían ġéur, glac ċugad scían ḃéarṫa ḃearbóir, agus taḃair uirre siuḃal air do ċeann agus air ṫféasóig: annsin glac meaḋa an toṁais, agus roinn an ġrúag.

2 Loiscfiḋ tú lé teine an treas cuid a lár na caiṫreaċ, an tan ċoiṁlíontar láeṫe an ċampa: agus glacfa tú an treas cuid, agus buáil iona ṫimċioll lé scín: agus sreaṫneċa tú trían leis an gaóiṫ; agus tairreonga misi cloiḋeaṁ amaċ na ndíaiġsin.

3 Glacfa tú mar an céadna beagán díoḃ a nuiḃir, agus ceangola tú íad ann do sciortuiġiḃ.

4 Annsin glac ḋíoḃ sin a rís, agus teilg a lár na teineaḋ íad, agus loisg íad annsa teine; óir is as sin ṫiucfas teine amaċ go tiġ Israel uile.

5 ¶ Is marso a deir an Tiġearna DIA; Sí so Ierusalem: do ṡuiġiḋ mé í a meaḋon na ccineaḋaċ agus na ttíorṫann atá na timċioll fa ccuáirt.

6 Agus dáṫruiġ sí mo ḃreiṫeaṁnus a núrċóid ní sa ṁó náid na cineaḋaċa, agus mo reaċta ní sa ṁó náid na tíorṫa atá na timċioll: óír do ḋíultadar mo ḃreiṫeaṁnuis agus mo reaċda, níor ṡiuḃluiġeadar ionnta.

7 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ gur ṁéaduiġeaḃairsi ní as mó náid na cineaḋaċa atá ḃur ttimċioll, agus nar ṡiuḃaileaḃair ann mo reaċtaiḃ, ní mo do ċuṁduiġeaḃair mo ḃreiṫeaṁnuis, naċ mó do rinneaḃair do reir breiṫeaṁnus na ccineaḋaċ atá ḃur ttimċioll fa ccuáirt;

8 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA, Féuċ, Misi, Misi fein ad aġaiḋ, agus do ḃéara mé breaṫ ann do lár a raḋarc na ccineaḋaċ.

9 Agus do ḋéana mé ionnad an ní naċ déarna mé, agus naċ déana mé a leiṫéid ní sa ṁó, do ḃríġ huile ġráineaṁlaċtsa.

10 Ar a naḋḃarsin íosfuid na haiṫre na mic ann do lár, agus íosfuid na mic na haiṫre; agus béara mé breaṫa ionnad, agus spréiḋfiḋ mé iomlán ṫfuiġill annsna buile ġáoṫaiḃ.

11 Uimesin, fa mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA; Go deiṁin, do ḃríġ gur ṡaluiġ tú mó ṡanctóir led uile neiṫiḃ aḋḟúaṫṁara, agus led uile ġráineaṁlaċtaiḃ, ar a naḋḃarsin laiġdeoċa misi ṫú mar an ccéadna; agus ní ċoigeola mo ṡúil, agus ní ḃiáiḋ truáiġe air biṫ agam.

12 ¶ Eúgfuiḋ trían diot leis an bpláiġ, agus le gorta muirfiġear íad ann do lár: agus tuitfiḋ trían leís an ccloiḋeaṁ ad ṫimċioll fa ccuáirt; agus sgaóilfe mé trían annsna uile ġáoṫaiḃ, agus tairreonga mé cloiḋeaṁ amaċ na ndiáiġ.

13 Is marso ċoiṁlíonfuiġear mfearg, agus do ḃéara mé air mo lasan fuireaċ orra, agus biáiḋ sólás agam: agus biáiḋ a ḟios aca gur misi an TIĠEARNA do laḃair é ann mo éud, an tan ċoiṁlionfas mé mo ḋiḃḟearg ionta san.

14 Tuilleaṁ oile do ḋéana mé ad ḟasaċ ṫú, agus ad ṁasla a measc na ccineaḋaċ atá ad ṫimċioll fa ccuáirt, a raḋarc gaċ a ngaḃann ṫort.

15 Marsin biáiḋ sé na scannail agus na ṁagaḋ, na ṫeagasc agus na úaṫḃás do na cineaḋaċaiḃ atá ad ṫimċioll fa ccuáirt, a nuáir do ḋéanad breiṫeaṁnus ionnad a ḃfeirg agus a ccuṫaċ, agus a niomaiṫḃioruiḃ fíoċṁara. Misi an TIĠEARNA a duḃairt é.

16 A nuáir ċuirfeas mé orra droċṡoiġde na gorta, noċ ḃías na sgrios, noċ ċuirfios mé dá ḃur milleaḋ: agus méideoċa mé an ġorta oruiḃ, agus brisfe mé ḃur maide aráin:

17 Marsin cuirfe mé gorta oruiḃ agus droiċḃeaṫuiġ, agus do ḋéanaid nireasḃaċ ṫú; agus raċfuiḋ pláiġ agus fuil ṫríod, agus do ḃéara misi an cloiḋeaṁ ort. Misi an TIĠEARNA do laḃair é.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan