Eseċiel 47 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XLVII. Na huisgeaḋa, agus ranna na tíre, ag cialluġaḋ fairsinge ġrása De, fa ntiomna núaiḋ. 1 Na ḋiáiġsin ṫug sé a rís mé go dorus an tiġe; agus, féuċ, ṫangadar uisceaḋa amaċ ó faói ṫáirsiġ an tiġe leaṫ soir: óir do ṡeas éadan tosuiġ an tiġe leaṫ soir, agus ṫangadar na huisceaḋa núas ó ṫáoḃ deas an tiġe, don taóiḃ ó ḋeas do naltóir. 2 Annsin ṫug sé me as sliġe an ġeata buḋ ṫuáiḋ, agus rug sé leis mé annsa tsliġe amuiġ gus an ngeata amuiġ annsa tslíġe ḟéuċus leaṫ soir; agus, féuċ, do rioṫadar uisgeaḋa air an ttaóiḃ deas amaċ. 3 Agus an tan do ċuáiḋ an té agá raiḃ an doruḃa iona láiṁ amaċ leaṫ soir, do ṫoṁais sé míle cuḃad, agus ṫug sé misi ṫríd na huisgeaḋuiḃ; da ḃádar na huisgeaḋa go nuige na muġarláin daṁ. 4 A ris do ṫoṁais sé míle cuḃad; agus ṫug sé misi ṫríd na huisgeaḋuiḃ; do ḃádar na huisgeaḋa gus na glúiniḃ. A rís do ṫoṁais sé míle, agus ṫug sé misi ṫríd; do ḃádar na huisgeaḋa gus na leasraċaiḃ. 5 Na ḋiáiġsin do ṫoṁais sé míle; agus do ḃí na ṡruṫ naċ ar ḟéud mé dul ṫairis; óir déirġeadar na huisgeaḋa, uisgeaḋa do ṡnáṁ ionta, aḃuinn nár ḃféidir dul ṫairse. 6 ¶ Agus a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, an ḃfaca tú so? Annsin rug sé leis mé, agus ṫug sé orum filleaḋ go brúaċ na haḃann. 7 Anois an tan dfill mé, féuċ, do ḃádar ro ṁórán crann air ḃrúaċ na haḃann air an ttaóiḃsi agus air an ttaóiḃ oile. 8 Annsin a duḃairt seision riomsa, Silid na huisgeaḋa so amaċ leiṫ ris an ttír ṡoir, agus téid síos annsa díoṫraṁ, agus téid gus an ḃfairge: air na ttaḃairt amaċ ċum na fairge, léiġeostar na huisgeaḋa. 9 Agus tiucfuiḋ a ccríċ, go mairfiḋ gaċ aoinní beó, dá ccorruiġionn, gioḋ bé ar bioḋ táoḃ a rioṫuid na huisgeaḋa: agus biáiḋ iomad roṁór éisg ionta, do ḃríġ go ttiucfuid na huisgeaḋa annsin: óir béid slán; agus mairfiḋ gaċ uile ní mar a ttiucfa an sruṫ. 10 Agus tiucfa a ccriċ, go seasfuid na híascairiḋe air ó En‐gedi go Hen‐eglaim; béid na náit leaṫnuiġṫe líon amaċ; béid a néisg do réir a ccinéil, aṁuil éisc na fairge móire, ro iomadaṁuil. 11 Aċt ní leiġeostar a áite lábáin sin agus a áite uisgeaṁla; do ḃéarṫar do ḋéanaṁ ṡalainn íad. 12 Agus fásfuiḋ láiṁ ris a naḃuinn air a brúaċ, air an táoiḃsi agus air an taoiḃ oile, a nuile ċrann ċum bíḋ, naċ ccríonfa a ḋuille, nó naċ ccaiṫfiġear a ṫoraḋ: do ḃéara amaċ toraḋ núaḋ do réir a ṁíos, do ḃríġ gur ġeiniodar a nuisgeaḋa amaċ ón tsanctóir: agus biáiḋ a ṫoraḋ mar ḃíaḋ, agus a ḋuille ċum leiġis. 13 ¶ Is marso a deir an Tiġearna DIA; Búḋ í so an teora, lé ngéaḃṫaoi oiġreaċt na tíre do réir ḋa ṫreaḃ ḋéag Israel: do ġeaḃa Ióseṗ ḋa ċuid ranna. 14 Agus ġeaḃṫaóise a oiġreaċt, áon coṁmaiṫ ré ċéile: noċ ar ṫóg misi mo láṁ súas da ṫáoḃ dá ṫaḃairt da ḃur naiṫriḃse: agus tuitfiḋ an fearann oruiḃ mar oiġreaċt. 15 Agus buḋ í so teóra a nfearuinn leaṫ rís an ttáoḃ ṫuáiġ, ón ḃfairge móir, a sliġe Hetlon, mar ṫéid daoine go Sédad; 16 Hamat, Berotah, Sibraim, noċ atá idir ṫéoruinn Damascus agus téora Hamat; Hasar‐hatticon, noċ atá láiṁ ré cósta Haḃran. 17 Agus buḋ í an téora ón ḃfairge Hasar‐enan, téora Ḋamascus, agus an tuáisceart buḋ ṫuáiġ, agus téora Hamat. Agus isí so an taoiḃ ó ṫuáiġ. 18 Agus toiṁeostáoi an táoḃ ṡoir ó Haḃrann, ó Ḋamascus, agus ó Ġílead, agus ó ṫír Israel laiṁ ré Iordan, ón tteóruinn gus an ḃfairge ṡoir. Agus isí so an taóiḃ soir. 19 Agus an taóiḃ ó ḋeas buḋ ḋeas, ó Ṫamar go huisgeaḋuiḃ na ceannairge a Ccades, an sruṫ gus an ḃfairge ṁóir. Agus isí so an táoḃ ó ḋeas buḋ ḋeas. 20 An táoḃ ṡíar mar an ccéadna buḋ í a nfairge ṁor ón ttéoruinn, nó go ttí duine a nall as coinne Hamat. Isí so an táoḃ ṡíar. 21 Marsin roinnfiḋe an fearann so ḋiḃ féin do réir ṫreaḃ Israel. 22 ¶ Agus ttiucfa a ccriċ, go roinnfiḋe é le crannċair mar oiġreaċt díḃ féin, agus do na coiṁiġṫeaċaiḃ ḃíos ar ccuairt ḃur measc, noċ dá mbéarṫar clann ann ḃur measg: agus béid daóiḃsi mar ḋaómiḃ ḃearṫar annsa tír a measg ċloinne Israel; do ġeaḃuid síad oiġreaċd aguiḃ a measg ṫreaḃ Israel. 23 Agus tiucfuiġ a ccríċ, giḋ bé tréaḃ iona ccoiṁneoċuiḋ an coiṁṫiġeaċ, garob annsin do ḃéarṫaoi oiġreaċd dó, a deir an Tiġearna DIA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society