Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eseċiel 46 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XLVI. Náoṁ‐reaċd an teampuill, arson an ṗrionnsa, 9 agus an ṗobaill.

1 Is marso a deir an Tiġearna DIA; Druidfiġear geata na cuirte is faide a steaċ ḟéuċus leaṫ ṡoir na sé lá oibre; aċd oisceoltar é annsa tsabbóid, agus a ló na rae nuáiḋe biaiḋ se ossuilte.

2 Agus raċaiḋ an prionnsa a steaċ a sliġe ṗóirse an ġeata táoḃ amuiġ, agus seasfaide sé ag posta an'ġeata, agus uillṁeoċuiḋ an sagart a ofráil loisge agus a ofráil ṡíoḋċána, agus do ḋéana sé aḋra ag tairsiġ an ġeata: annsin raċa sé amaċ; aċt ní druidfiġear an geata go nóin.

3 Mar an ccéadna aḋoruid muinntir na tíre go dorus an ġeata so a ḃfíaġnuise an TIĠEARNA annsna sábboidiḃ agus annsna raeiḃ núaḋ.

4 Agus buḋ í ofráil loisge ofrálas an prionnsa don TIĠEARNA a ló na sábbóide sé huáin gan ċáiḋe, agus reiṫe gan toiḃeim.

5 Agus buḋ eṗah a nofráil bíḋ do reiṫe, agus a nofráil bíḋ do na húanuiḃ mar is féidir leis do ṫaḃairt úaḋ, agus hin ola leis an eṗah,

6 Agus a ló na gealuiḋe nuáiḋe bulóg óg gan toiḃéim, agus sé huáin, agus reiṫe: béid síad gan ċáiḋe.

7 Agus uillṁeoċa sé ofráil bíḋ, eṗah do gaċ bulóig, agus eṗah do gaċ reiṫe, agus do na húanaiḃ aṁuil roiṫeaċus a láiṁ ċuige, agus hin ola leis an eṗah.

8 Agus an tan raċus an prionnsa a steaċ, raċaiḋ sé a steaċ a sliġe ṗóirse an ġeata, agus raċaiḋ sé amaċ iona ṡliġesion.

9 ¶ Aċt a nuáir ṫiucfuid muinntir na tíre a láṫair an TIĠEARNA annsna féustuiḃ sollamanta, an té raċus a steaċ san tsliġe ṫuáiġ san ġeata daḋraḋ raċaiḋ sé amaċ a sliġe an ġeata ṫeas; agus an té raċus a steaċ a sliġe an ġeata ṫeas raċuiḋ sé amaċ a sliġe an ġeata ṫuáiġ: ní ḟillfe sé a sliġe an ġeata a ttáinic sé a steaċ, aċt raċaiḋ sé amaċ annsa ġeata as a ċoinne.

10 Agus an prionnsa iona meaḋon, a nuáir raċuid siad a steaċ, raċuiḋ seision a steaċ; agus an tan raċuid síad amaċ, raċuiḋ seision amaċ.

11 Agus annsna féustuiḃ agus annsna sollamontaiḃ buḋ eṗah a nofráil bíḋ leis an mbulóig, agus eṗah leis an reiṫe, agus do na húaniḃ mar is feidir ris ṫáḃairt, agus hin ola leis an eṗah.

12 Anois an tan uillṁeoċus an prionnsa ofráil loisge ṫoileaṁuil nó ofráil ṡíoṫċána go toileaṁuil don TIĠEARNA, oisceoluiḋ áon annsin dó an geata ḟéuċus don leaṫ ṡoir, agus gléasfa sé a ofráil loisge agus a ofrála sioṫċána, aṁuil do rinne sé a ló na sábboide: annsin imeoċuiḋ sé roiṁe; agus tar éis a ḋula amaċ druidfiḋ duine an geata.

13 Gléusfuiḋ tú go láeṫeaṁuil ofráil loisce don TIĠEARNA dúan don ċéidḃlíaḋuin gan ċáiḋe: gléusfa tú é gaċ aonṁaidin.

14 Agus gléusfa tú ofráil ḃíḋ dó gaċ aonṁaidin, an seiseaḋ cuid do eṗah, agus an treas cuid do hin ola, do ċumasc leis an bplur mín; ofráil ḃíḋ a coṁnuiḋe maille re hórduġaḋ síorruiḋe don TIĠEARNA.

15 Marso ġléusfuid síad an túan, agus a nofráil ḃíḋ, agus a nola, gaċ áonṁaidin mar ofráil gnáṫuiḋ loisge.

16 ¶ Is marso a deir an Tiġearna DIA; Má ḃeir an prionnsa bronnaḋ ar biṫ dáon da ṁacaiḃ, biáiḋ a oiġreaċt sin agá ṁacaiḃ; buḋ é sin a sealḃ ré hoiġreaċt.

17 Aċt má ḃeir sé tioḋlacaḋ dáon da ṡeirḃíseaċaiḃ ḋá oiġreaċt, annsin buḋ leis e go blíaḋuin na saóirse; na ḋiáiġsin fillfiḋ se ċum an ṗrionnsa: aċd biáiḋ a oiġreaċt da ṁacaiḃ ḋóiḃ féin.

18 Tuilleaṁ oile ní ḃeanfa an prionnsa cuid doiġreaċt na ndaóine ḋioḃ re héigion, da ndibirt amaċ as a seilḃ; aċt do ḃéara sé oiġreaċt dá mbacaiḃ as a ṡeilḃ féin: ionnus naċ dioṫsgaoiltear mo ṗobal gaċ áoaduine as a ṡeilḃ féin.

19 ¶ Na ḋiáiġ sin ṫug se ṫríd an dul a steaċ mé, noċ do ḃí aig taóiḃ an ġeata, go seomraḋuiḃ náoṁṫa na sagart, noċ dtéuċ leaṫ ṫuáiġ: agus, féuċ, do ḃí áit annsin air an da ṫaóiḃ leaṫ ṡíar.

20 Annsin a duḃairt seision riomsa, Sí so a náit a mbruiṫfid na sagairt ofráil an tsáruiġṫe agus a nofráil ṗeacaiḋ, iona mbacalfuid a nofráil bíḋ; iondus naċ béuruid síad amaċ íud san ċúirt táoiḃ amuiġ, do náoṁaḋ an ṗobail.

21 Annsin ṫug sé amaċ mé don ċúirt dob ḟaide amaċ, agus ṫug sé orum gaḃáil láṁ re ceiṫre corruiḃ na cúirte, agus, féuċ, do ḃí cuirt ann gaċ coirnéal don ċúirt.

22 Do ḃádar cúirte a cceiṫre coirnéuluiḃ na cúirte ceangailte ḋi do ċeaṫraċad cuḃad ar fad agus tríoċad ar leiṫead: do ḃádar na ceiṫre coirnéilse daoinmbiosúr.

23 Agus do ḃí cóursa dóbair timċioll fá ccuáirt ionta, timċioll fa ccuáirt an ċeaṫrairsin, agus do rinneaḋ é go náitiḃ bruiṫe faoi na péirsiġiḃ timċioll fa ccuáirt.

24 Annsin a duḃairt sé riom, Isíad so áite na druinge ḃruiṫios, mar a mbruiṫfid seirḃísiġ an tiġe íoḋbuirt an ṗobail.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan