Eseċiel 43 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XLIII. Náoṁuiġiḋ fiaġnaise lonnraċa Dé, a ṫeampull féin gu bráṫ. 1 Na ḋiáiġ sin ṫug se ċum an ġeata mé, an geata ḟéuċus leaṫ soir: 2 Agus, féuċ, ṫáinic glóir Dé Israel as an tsliġe a noir: agus do ḃí a ḟuáim aṁuil fuáim ṁóráin uisceaḋ: agus do loinnriġ an talaṁ le na ġlóir. 3 Agus do ḃí do réir ṫaisbéanta na fise do ċonnairc me, eaḋon do réir na fise do ċonairc mé an tan ṫáinic mé do scrios na caiṫreaċ: agus bá cosṁuil na fise ris an ḃfis do ċonnairc me ag sruṫ Ċebar; agus do ṫuit mé air maġáiḋ. 4 Agus ṫáinic glóir an TIĠEARNA don tiġ a sliġe an ġeata a ḃfail a raḋarc don leaṫ ṡoir. 5 Marsin do ṫóig an spiorad súas mé, agus ṫug don ċúirt dob ḟaide a steaċ mé; agus, féuċ, do líon glóir an TIĠEARNA an tiġ. 6 Agus do ċúalaiḋ mé é ag laḃairt riom amaċ as an ttiġ; agus do ṡeas an duine láiṁ riom. 7 ¶ Agus a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, áit mó ċaṫaóire ríoġa, agus áit ḃonn mo ċos iona náitreoċa mé a lár ċloinne Israel go bráṫ, agus mainm náoṁṫa, ní ṡaileoċuiḋ tiġ Israel ní as mó, neaċtar ḋíoḃ, nó a riġṫe le na stríopaċus, nó le conablaċaiḃ a ríoġ iona náitiḃ árda. 8 A suíġiuġaḋ a ttairseaċ ag mo ṫáirseaċaiḃsi, agus a bpostaḋ ag mo ṗostaḋuiḃsi, agus an ḃalla eadrum féin agus íad, do ṫruáilliodar ċeana mainm náoṁṫa le na ngráineaṁlaċdaiḃ do rinneadar: uimesin do ḋíoṫlaiṫriġ mé íad ann mfeirg. 9 Anois cuirdís úaṫa a stríopaċus, agus conablaċa a ríoġ, a ḃfad uáim, agus do ḋéana mé coṁnuiġe iona lár go bráṫ. 10 ¶ A ṁic an duine, taisbéin an tiġ do ṫiġ Israel, iondus go mbía náire a bpeacaḋ orra: toiṁsidís an sompla. 11 Agus má ḃíd náireaċ fa nuile ní dá ndéarnadar, taisbéin cuma an tiġe ḋóiḃ, agus a ġleus, agus a ḋul amaċ, agus a ṫeaċt a steaċ, agus a uile ḟoirm, agus a uile órduiġṫe, agus a uile ċuma, agus a uile ḋliġṫe: agus scrioḃ iona raḋarc é, ċor go ccoiṁéadfuid síad a uile ḟoirm, agus a órduiġṫe uile, agus go ndéanuid síad íad. 12 Isé so dliġeaḋ an tiġe; Air ṁullaċ an tsléiḃe biáiḋ a ṫéoruinn iomlán fa ccuáirt ro náoṁṫa. Féuċ, isé so dliġeaḋ an tíġe. 13 ¶ Agus síad so toṁais na haltóra do réir na ccuḃad: Is cuḃad agus leiṫiod baise an cuḃad; eaḋon buḋ cuḃad a íoċtar, agus a leiṫne cuḃad, agus buḋ réise a imeal agá ḃrúaċaiḃ timċioll fa ccuáirt: agus buḋ í so cuid is áirde do naltóir. 14 Agus biáiḋ ḋá ċuḃad ó níoċtar ar an ttalaṁ go nuige an suiġiuġaḋ íoċtaraċ, agus áonċuḃad a leiṫne; agus ón tsuíġiuġaḋ is lúġa gus an tsuíġiuġaḋ is mó ceiṫre cuḃaid, agus a leiṫne áonċuḃad. 15 Marsin buḋ ceiṫre cuḃaid a naltóir; agus ó naltóir agus ós a ċionn biáiḋ ceiṫre beanna. 16 Biáiḋ a naltóir ḋá cuḃad déag air fad, a dó ḋéag ar leiṫne, ceaṫairḃeannaċ iona ceiṫre ceaṫraṁnuiḃ. 17 Agus biáiḋ an suíġeaċaḋ ceiṫre cuḃáid déag air fad agus a ceaṫairdéag air leiṫead ann a ċoirneuluiḃ; agus buḋ leaṫ ċuḃád a hiomiol fa ccuairt; agus buḋ cuḃad fa ccuairt a hioċtar; agus féuċfuid a staíġreaḋa leaṫ ṡoir. 18 ¶ Agus a duḃairt sé riomsa, A ṁic an duine, is marso a deir an Tiġearna DIA; Isíadso órduiġṫe na haltóra annsa ló a ndéanuid í, dofrail íoḋbarṫa loisge uirre, agus do ċroṫaḋ fola uirre. 19 Agus do ḃéara tú do na sagartaiḃ na Leḃítiġ ḃíos do ṡíol Ṡadoc, noċ ṫig a ngar ḋaṁsa, do ṁiniostralaċt daṁ, a deir an Tiġearna DIA, bulóg óg mar ofráil ṗeacaiḋ. 20 Agus glacfuiḋ tú dá ḟuil sin, agus cuirfe tú air a ċeiṫre ḃeannuiḃ, agus air ċeiṫre coirnéuluiḃ an tsuiḋeaċaḋ, agus air a nimiol timċioll fa ccuáirt: is marso ġlanfas tú agus scagfas tú é. 21 Glacfa tú fós bulóg na hofrála peacaiḋ, agus loisgfiḋ tú annsa náit orduiġṫe é don tiġ, táoḃ amuiġ don tsanctóir. 22 Agus air an dara lá ofráilfiḋ tú meannán do na gaḃruiḃ gan ċáiḋe mar ofráil ṗeacaiḋ; agus glanfuid a naltóir, mar do ġlanadar í leis an mbulóig. 23 An tan ċríoċnoċus tú a glanaḋ: ofráilfiḃ tú bulóg óg gan ċáiḋe, agus reiṫe as an ttréad gan toiḃéim. 24 Agus ofráilfiḋ tú íad a laṫair an TIĠEARNA, agus teilgfid na sagairt salaun orra, agus ofrálfuid súas íad mar ofrail loisge don TIĠEARNA. 25 Seaċt lá ġléasfás tú gaċ aon lá gaḃar mar ofráil ṗeacaiḋ: gléasfuid síadsan fós bulóg óg, agus reiṫe as an ttréud, gan ċáiḋe. 26 Glanfuid síad a naltóir seaċt lá agus firníaṁfuid í; agus beinnoċuid íad féin. 27 Agus an tan ċríoċnoċṫar na láeṫesi, aseaḋ ḃías air, a noċtṁaḋ lá, agus mar sin súas, go ndéanuid na ságairt ḃur nofrála loisge air a naltóir, agus ḃur nofrála síoṫċána; agus géaḃa misi siḃsi, a deir an Tiġearna DIA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society