Eseċiel 40 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XL. Cuma misdicṫe a ṫeampuill, ar na ṫosuġaḋ. 1 Annsa ċúigeaḋ blíaḋain fiṫċiod dar ndaóirsine, a ttosaċ na blíaḋna, an deaċṁaḋ lá don ṁí, annsa ċeaṫraṁaḋ blíaḋain déag tar éis na caiṫreaċa do ḃúalaḋ, annsa ló ċeadnasin do ḃí lámb an TIĠEARNA orum, agus rug annsin mé. 2 A ḃfidiḃ Dé rug sé leis mé go tír Israel, agus do ṡuiġiḋ sé mé air ṡliaḃ ro árd, láiṁ lé a raiḃ aṁuil cuma caiṫreaċ buḋ ḋeas. 3 Agus ṫug sé annsin mé, agus, féuċ, do ḃí duine ann, ag ar cosṁuil a ṫaisbéanaḋ ré taisbéanaḋ práis, go ndoruḃa lín iona láiṁ, agus slat ṫoṁais; agus do ṡeas sé annsa ġeata. 4 Agus a duḃairt an duine riomsa, A ṁic an duine faic lead ṡúiliḃ, agus cluin led ċlúasaiḃ, agus suiġiḋ do ċroiḋe air a nuile ní ṫaisbéanfas misi ḋúit; óir is ċum go ttaisbéanfuinn duit íad tugaḋ annso ṫú: foillsiġ do ṫiġ Israel a nuile ní do ċíḋ tú. 5 Agus féuċ balla don taóiḃ amuiġ don tiġ timċioll fa ccuáirt, agus a láiṁ an duine slat ṫoṁais sé cuḃaid ar fad, leis an ccnáṁruiġeaḋ, agus leiṫead bais: marsin do ṫoṁais sé leiṫne an tiġe, áon slat; agus a áirde, áon slat. 6 ¶ Annsin ṫáinic sé ċum an ġeata noċ ḟéuċus don leaṫ ṡoir, agus do ċuáiḋ sé súas iona staiġriġiḃ, agus do ṫombais sé tairseaċ an ġeata, áon slat ar leiṫead; agus an tairseaċ oile ḋe, áon slat ar leiṫead. 7 Agus gaċ séomra beag áon slat ar fad, agus áon slat ar leiṫead: agus cúig cuḃaid idir na seomraḋuiḃ beaga; agus buḋ áon slat tairseaċ an ġeata ag póirse an ġeata táoḃ a stiġ. 8 Do ṫoṁais sé fós póirse an ġeata a stiġ, áonslat. 9 Annsin do ṫoṁais sé póirse an ġeata, oċt ccuḃaid; agus a ṗostaḋa, ḋá ċuḃad, agus do ḃí póirse an ġeata taóiḃ a stiġ. 10 Agus seomraḋa beaga an ġeata ṡoir bá trí íad don taoiḃsi, agus a trí don taóiḃ oile; do ḃádar na ttríur daoinṁiosúr: agus do ḃí áon ṁiosúr ag na postaḋuiḃ don táoiḃsi agus don taóiḃ oile. 11 Agus do ṫoṁais sé leiṫead ḋula a steaċ an ġeata, deiċ ccuḃaid; agus dob é fad an ġeata, trí cuḃaid déag. 12 Do buḋ aon ċuḃad an spás do ḃí idir na seomraḋuiḃ beaga, agus an spás don taóiḃ oile áon ċuḃad: agus na seomraḋa beaga sé ċuḃaid don ttaóiḃsi, agus sé ċuḃaid don taoiḃ oile. 13 Do ṫoṁais sé annsin an geata ó ṁullaċ aóinscomra ḃig go mullaċ seomra oile: do buḋ cúig cuḃaid ḟiṫċiod a leiṫead, dorus ar aġaiḋ ḋoruis. 14 Do rinne sé fós postaḋa ṫrí ḃfiṫċid cuḃad, eáḋon go posta na cúirte timċioli fá ccuáirt an ġeata. 15 Agus do ḃí caógad ċuḃad ó aġaiḋ ġeata an dula a steaċ go haġaiḋ ṗóirse an ġeata a stiġ. 16 Agus do ḃádar fuinnéoga cuṁga ris na seomraḋuiḃ beaga, agus ré na bpostuiġiḃ táoḃ a stiġ don ġeata timċioll fa ccuairt, agus mar an ccéadna ris na háirsiġiḃ: agus do ḃádar fuinnéoga timċioll fa ccuairt táoḃ a stiġ: agus ar gaċáon ṗosta do ḃí crann pailme. 17 Annsin rug sé mé don ċúirt amuiġ, agus, féuċ, do ḃádar seomraḋa, agus páḃáil déunta don ċúirt timċioll fa ccuáirt: agus do ḃí tríoċad seomra air an bpáḃáil. 18 Agus on ṗáḃáil ré taóiḃ na ngeataḋṫall as coinne leiṫne na ngeataḋ do bí sin an páḃáil íoċtaraċ. 19 Annsin do ṫoṁais sé a leiṫead ó aġaiḋ ṫosaiġ an ġeata íoċtair go nuige aġaiḋ ṫosaiġ na cúirte dob ḟaide a steaċ táoḃ amuiġ, céad cúḃad leaṫ ṡoir agus leaṫ ṫuáiġ. 20 ¶ Agus do ṫoṁais sé geata na cúirte amuiġ, noċ ḟéaċus leaṫ ṫúaiġ, a ḟad, agus a leiṫead. 21 Agus do buḋ a trí a ṡeomraḋa beaga air an ttaóiḃsi agus a trí air an ttaóiḃ oile; agus do ḃí a ṗostaḋa agus a áirseaḋa do réir ṫóṁais an ċéidġeata: do bé a ḟad cáogad cuḃad, agus a leiṫead cúig cuḃaid ḟiṫċiod. 22 Agus do ḃádar a ḃfuinnéoga, agus a náirsioḋa, agus a ccrainn pailme, do réir ṫoṁais an ġeata noċ ḟéuċus leaṫ soir; agus do ċúadar súas ċuige lé seaċt ccoiscéime; agus do ḃádar a áirsiḋe as a ccoinne. 23 Agus do ḃí geata na cúirte a stiġ ṫáll as coinne an ġeata atá leaṫ ṫuáiġ, agus leaṫ ṡoir; agus do ṫoṁais sé ó ġeata go geata céad cuḃad. 24 ¶ Tar éis sin ṫug sé mé don leaṫ ṫeas, agus féuċ geata leaṫ ṫeas: agus do ṫoṁais sé a ṗostaḋa agus a áirsiġe do réir na ttoṁas so. 25 Agus do ḃádar fuinnéoga ann agus iona áirsiġiḃ timċioll fa ccúairt, cosṁuil ris ná fuinnéogaiḃ sin: buḋ cáogad cuḃad a ḃfad, agus a leiṫead cúig cuḃaid ḟiṫċiod. 26 Agus do ḃádar seaċt ccoiscéime do ḋul súas ċuige, agus do ḃádar a áirsiġe as a ccoinne sin: agus do ḃádar crainn ṗailme ann, áon air an ttáoḃsi, agus áon air an ttaoiḃ oile, air a ṗostaḋuiḃ. 27 ¶ Agus do ḃí geata annsa ċúirt a stiġ leaṫ ris an ttaóiḃ ṫeas: agus do ṫoṁais sé ó ġeata go geata leaṫ ṫeas céud cuḃad. 28 Agus ṫug sé misi don ċúirt a stiġ leaṫ ris an ngeata ṫeas: agus do ṫoṁais sé an geata ṫeas do reir na ttoṁas so; 29 Agus a ṡeomraḋa beagasan, agus a ṗostaḋa, agus a áirsiġe, do réir na ttoṁas so: agus do ḃádar fuinneóga ann agus íona áirsiġiḃ timċioll fa ccuáirt: cáogad cuḃad air fad, agus cúig cuḃaid ḟiṫċiod air leiṫead. 30 Agus do ḃádar na háirseaḋa timċioll fa ccúairt cúig cuḃaid ḟiṫċiod ar fad, agus cúig cuḃaid ar leiṫead. 31 Agus do ḃádar a áirsiġe leaṫ ris an ccúirt amuiġ; agus cráinn pailme air a ṗostaḋaiḃ: agus oċt ccoiscéime iona ḋul súas. 32 ¶ Agus ṫug sé mé gus an ccúirt dob ḟaide a steaċ leaṫ ṡoir: agus do ṫoṁais sé an geata do réir na ttoṁas so. 33 Agus do ḃádar a ṡeomraḋa beaga, agus a ṗostáḋa, agus a áirsiġe, do réir na ttoṁas so: agus do ḃádar fuinneóga ann agus iona áirsiġiḃ timċioll fa ccuáirt: cáogad cuḃaid a ḟad, agus cúig cuḃaid ḟiṫċiod a leiṫead. 34 Agus do ḃádar a áirsiġe leaṫ ris an ccúirt amuiġ; agus crainn pailme air a ṗostaḋuiḃ, air an ttáoiḃsi, agus air an ttaoiḃ oile: agus oċt ccoiscéime iona ḋul súas. 35 ¶ Agus ṫug sé don ġeata ṫúaiġ mé, agus do ṫoṁais sé é do réir na ttoṁasso; 36 Agus a ṡeomraḋa beaga, a ṗostaḋa, agus a áirsiġe, agus na fuinneóga ris timċioll fa ccuairt: cáogad cuḃad air ḟad, agus cúig cuḃaid ḟiṫċiod air leiṫead. 37 Agus do ḃádar a ṗostaḋa leaṫ ris an ccúirt amuiġ; agus crainn pailme air a ṗostaḋuiḃ: air an ttaóiḃsi, agus air an ttaoiḃ oile, agus oċt ccoiscéime ag a ḋul súas. 38 Agus do ḃádar a ṡeomraḋa agus a ḋula a steaċ láiṁ ré postaḋaiḃ na ngeataḋ, ann ar níġiodar a nofráil loisge. 39 ¶ Agus do ḃí a bpóirse an ġeata ḋa ċlár don táoiḃse, agus ḋa ċlár don taóiḃ oile, do ṁarḃaḋ na hofrála loisge orra agus na hofrála peacuiḋ agus na hofrála sáruiġṫe. 40 Agus ag an ttáoḃ amuiġ, mar ṫéid duine súas ag dul a steaċ an ġeata ṫúaiġ, do ḃádar ḋá ḃórd; agus ar an ttaóiḃ oile, noċ do ḃí ag póirse an ġeata, ḋa ḃórd. 41 Do ḃádar ceiṫre buird air na ttáoḃsi, agus ceiṫre buird don táoiḃ oile, lé taóiḃ an ġeata; oċt mbuird, air a marḃaidís a níoḋbarṫa. 42 Agus do ċloċaiḃ snoiġte na ceiṫre buird ċum na hofrala loisge, cuḃad go leiṫ ar fad, agus cuḃad go leiṫ air leiṫead íad, agus áon ċuḃad air áirde; air a leagaidís mar an ccéadna na hionstrumente le marḃaidís a nofráil agus a níoḋbairt loisge. 43 Agus do ḃádar crúcaiḋ, do leiṫead baise, taóiḃ a stiġ ar na ndainguiuġaḋ timċioll fa ccuáirt: agus do ḃí feóil na hofrála air na bórduiḃ. 44 ¶ Agus taóiḃ a muiġ don ġeata a stiġ do ḃádar séomraḋa an luċd ceóil annsa ċúirt dob ḟaide a steaċ, noċ do ḃí ré taóiḃ an ġeata ṫuáiġ; agus do ḃí a raḋarc leaṫ ris an deisceart: áon ar ṫáoḃ an ġeata ṡoir agus do ḃí a raḋarc buḋ ṫuáiġ. 45 Agus a duḃairt sé riom, An seomraso, a ḃfuil a raḋarc leaṫ ris an deiscert, is leis na sagartaiḃ é, luċt coiṁeada ċúraim an tiġe. 46 Agus is leis na sagartaiḃ an séomra a ḃfuil a raḋarc leaṫ ris an ttuáisceart, luċt coiṁéada ċúraim na haltóra: isíad sin mic Ṡadoc a measc ṁac Léḃi, noċ ṫig a ngar don TIĠEARNA do ṁimostralaċt dó. 47 Marsin do ṫoṁais sé an ċúirt, céad cuḃad air fad, agus céad cuḃad ar leiṫead, ceaṫairḃeannaċ; agus a naltóir as coinne an tiġe. 48 ¶ Agus ṫug sé misi go póirsi an tiġe, agus do ṫoṁais sé gaċ posta don ṗóirsi, cúig cuḃaid air an ttaóiḃsi, agus cúig cuḃaid air an ttaóiḃ oile: agus do bé leiṫead an ġeata trí cuḃaid don taóiḃsi, agus trí cuḃaid don taóiḃ oile. 49 Buḋ é fad an ṗóirse fiṫċe cuḃad, agus a leiṫead áon ċuḃad déag; agus ṫug sé misi gus na coiscéimiḃ iona ndeaċadar súas ċuige: agus do ḃádar piléir ag na postuiḃ, áon don táoḃsi, agus áon don táoiḃ oile. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society