Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eseċiel 39 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXIX. Déis do Ġog Israel déigniuġaḋ, éigneoċṫar é féin.

1 Uimesin, ṫusa a ṁic an duine, tairrġir a naġaiḋ Ġog, agus abair, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, atáimsi ad aġaiḋsi, a Ġog, a áirdṗrionnsa Meseċ agus Túbal:

2 Agus fillfiḋ mé ar hais ṫú, agus ní ḟúigfiḋ mé aċt an seiseaḋ cuid díot, agus do ḃéara mé ort teaċt a níos ó na hairdiḃ buḋ ṫuáiġ, agus do ḃéarad ar ṡléiḃtiḃ Israel ṫú:

3 Agus buáilfiḋ mé do ḃóġa as do láiṁ ċlé, agus do ḃéara mé áir do ṡoiġdiḃ tuitim as do láiṁ ḋeis.

4 Tuitfiḋ tú ar ṡléiḃtiḃ Israel, ṫú féin, agus do ḃannaḋa uile, agus na daóine atá leat: do ḃéara mé déunuiḃ cíocraċa do nuile ṡórt, agus do ḃeaṫaċaiḃ an ṁaċaire dot ṡlugaḋ ṫú.

5 Tuitfiḋ tú air an ṁaċaire lom: óir do laḃair misi é, a deir an Tiġearna DIA.

6 Agus cuirfiḋ mé teine ar Ṁagog, agus a measc na ndáoine ċoṁnuiġios go neaṁċúramaċ annsna hoiléanuiḃ: agus aiṫeonuid síad gur misi an TIĠEARNA.

7 Marsin do ḋéana mé mainm náoṁṫa aiṫnid a lár mo ṗobail Israel; agus ní léigfiḋ mé ḋóiḃ mainm náoṁṫa do ṫruáilleaḋ ní as mó: agus aiṫeonuid na geinte gur misi an TIĠEARNA, Aon Náoṁṫa Israel.

8 ¶ Féuċ, ṫainic sé, agus do rinneaḋ é, a deir an Tiġearna DIA; ase so an lá air ar laḃair mé.

9 Agus raċfuiḋ an drong ċoṁnuiġios a ccaiṫreaċaiḃ Israel amaċ, agus cuirfid tré ṫeine agus loisgfid na hairm, na scíaṫa ar áon agus na buicléir, na boġa agus na soiġde, agus na láṁṁaideaḋa, agus na gáeṫe, agus loisgfid lé teine íad seaċt mblíaḋna:

10 Iondus naċ mbearuid síad coill ar bioṫ as an maċaire, naċ mó ġéarrfuid crann ar bioṫ as na foraoisiḃ; loisgfid na hairm lé teine: agus creaċfuid síad an luċt do ċreaċ íad, agus sladfuid an drong do ṡlad íad, a deir an Tiġearna DIA.

11 ¶ Agus tiucfuiḋ a ccríċ annsa ló sin, go ttiuḃra mé do Ġog ionad annsin ċum úaiġeaḋ a Nísrael, gleann an luċd siuḃail don taóiḃ ṡoir do nfairge: agus stopfuiḋ sin sróna na druinge ġaḃus ṫairis, agus aḋlaicfid Gog annsin agus a ṡluáġ uile: agus goirfid síad de, Gleann Hamon‐ġog:

12 Agus biáiḋ tiġ Israel da naḋlacaḋ seaċt mí, ċor go nglanfuid an fearann.

13 Aseaḋ, aḋlaicfiḋ uile ḋaóine na tíre íad, agus biáiḋ na ċlú ḋóiḃ annsa ló a nglóirfiġear misi, a deir an Tiġearna DIA.

14 Agus deileoċuid síad amaċ daóine ḃías do ġnáṫ gnoṫuiġeaċ, ag dul ṫríd ann ttir ag aḋlacaḋ leis an luċd siuḃail an drong nar haḋlacaḋ air aġaiḋ na talṁan, ċum a ġlanta: spíonfuid síad íar ccríoċnuġaḋ seaċt míos.

15 Agus an luċd siuḃail imṫiġios ṫríd an ttír, an tan do ċífiḋ duine ar bioṫ cnáiṁ ḋuine, annsin cuirfiḋ sé coṁarṫa súas láiṁ ris, ċor go naḋlaicid an luċt aḋluicṫe é a ngleann Hamon‐ġog.

16 Agus fós isé ḃus ainm don ċaṫruiġ Hámonah. Marso ġlanfuid síad an fearann.

17 ¶ Agus, ṫusa á ṁic an duine, is marso a déir an Tiġearna DIA; Laḃair ris a nuile éun sciaṫanaċ, agus ré huile ḃeaṫaċ an ṁaċaire, Cruinniġiḋ siḃ féin, agus tigiḋ; cruinniġiḋ siḃ air gaċ uile ṫáoḃ ċum mo íoḋbarṫasa do ním dofráil air ḃur son, eaḋon íoḋbairt ṁór ar ṡléiḃtiḃ Israel, iondus go níostaói feóil, agus go nioḃṫaói fuil.

18 Iostaói feóil na neartṁar, agus ioḃṫaói fuil ṗrionnsaḋa na talṁan, reiṫeaḋ, úan, agus ġaḃar, agus ḃulóg, íad uile ar na mbíaṫaḋ a Mbasan.

19 Agus íostaói méuṫas no go raḃṫaói lán, agus ioḃṫaói fuil nó go raḃṫaói ar meisce, dom íoḋbarṫaiḃsi noċ do íoḋbair mé ar ḃur son.

20 Marso líonfuiġear siḃ ar mo ḃórdsa lé heaċaiḃ agus lé carbaduiḃ, lé daoiniḃ cuṁaċtaċa, agus le na huile ḟearuiḃ cogaiḋ, a deir an Tiġearna DIA.

21 ¶ Agus suiḋeoċa mé mo ġlóir a measc na ngeinteaḋ, agus do ċífid na geinte uile mo ḃreiṫeaṁnus rug mé, agus mo láṁ do leag mé orra.

22 Marsin biáiḋ a ḟíos aig tiġ Israel gur misi an Tiġearna DIA on lásin agus ó sin amaċ.

23 Agus aiṫeonuid na geinte gurob ar son a néigceart do ċuáiḋ tiġ Israel a ndaóirsine: do ḃríġ gur ċiontuiġeadar am aġaiḋsi, uimesin dfoluiġ mé maġaiḋ úaṫa, agus ṫug mé a láiṁ a náṁad íad: marsin do ṫuitiodar uile leis an ccloiḋeaṁ.

24 Do réir a neaṁġloine agus do réir a bpeacaḋ do rinne mé ríu, agus dfoluiġ mé mo ġnúis úaṫa.

25 ¶ Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Anois do ḃéara mé liom a rís braiġdionas Iácob, agus do ḋéana mé trócaire air ṫiġ Israel go híomlán, agus biáiḋ éud orum ar son manma náoṁṫa;

26 Tar éis a náire diómċar ḋóiḃ, agus a ccionta uile lér ċiontuiġeadar am aġaiḋsi, an tan do ċoṁnuiġeadar daingean iona ndúṫaiġ, agus nár ċuir duine ar bioṫ eagla orra.

27 An tan ḃéaras mé ó na cineaḋaċuiḃ a rís íad, agus ċruinneoċus mé íad as tíorṫaiḃ a náṁad, agus ḃías mé náoṁṫa ionta a raḋarc ṁóráin cineaḋaċ;

28 Annsin aiṫeonuid síad gur misi an TIĠEARNA a Ndía, noċ ṫug fa deara a mbreiṫ a láiṁ ameasc na ngeinteaḋ: aċt do ċruinniġ mé dá ttír féin íad, agus níor ḟág mé áon díoḃ ní as mó annsin.

29 Ní mó ċeilfios mé maġaiḋ orra ní is mó: oir do ḋóirt mé amaċ mo spíorad air ṫiġ Israel, a deir an Tiġearna DIA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan