Eseċiel 37 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXXVII. Fioġair aiṫ‐ḃeóġaḋ Israel, agus eiseirġe na marḃa: 15 le áonḋaċt Israel agus Iudah. 1 Do ḃí láṁ an TIĠEARNA orumsa, agus ṫug sé amaċ mé a spíoraid an TIĠEARNA, agus do ṡuiġiḋ sé síos mé a lár an ġleanna noċ do ḃí lán do ċnáṁuiḃ, 2 Agus ṫug sé orum gaḃáil re na ttáoḃ timċioll fa ccuáirt: agus féuċ, do ḃí ro ṁórán annsa ṁaċaire lom; agus féuċ, do ḃádar ro ṫirim. 3 Agus a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, an ḃféaduid na cnáṁaso ḃeiṫ béo? Agus do ḟreagair misi, A Ṫiġearna DIA, is agadsa atá a ḟios. 4 A duḃairt sé riom a rís, Tairrġirsi air na cnáṁaiḃsi, agus abair riú, Siḃsi a ċnáṁa tiorma, éistiġ bríaṫar an TIĠEARNA. 5 Is marso a deir an Tiġearna DIA ris na cnáṁuiḃsi: Féuċ, cuirfe mé anál ionnuiḃ, agus mairfiḋe: 6 Agus cuirfe mé féiṫeaċ oruiḃ, agus do ḃéara mé feóil súas oruiḃ, agus foileoċa mé siḃ lé croicionn, agus cúirfe mé anál ionnuiḃ, agus beiṫí béo; agus biáiḋ a ḟios aguiḃ gur misi an TIĠEARNA. 7 Marsin do ṫairrġir misi mar do háiṫniġeaḋ ḋíom: agus mar do ṫairrġir mé, do ḃí tormán ann, agus féuċ crioṫ, agus ṫangadar na cnáṁa ċum a ċéile, cnáiṁ ċum a ċnáṁa. 8 Agus an tan daṁarc mé, féuċ, ṫangadar na féiṫeaċ agus a nfeóil súas orra: agus dfoluiġ an croicionn íad ós a ccionn: aċt ní raiḃ anál ionta. 9 Ann sin a dúḃairt seision riomsa, Tairrġir ċum na gáoiṫe, tairrġir, a ṁic an duine, agus abair ris an ngaóiṫ, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Tárr ó na ceiṫre gáoṫaiḃ, a anál, agus séid ar na marḃuiḃsi, ċor go mbéid beó. 10 Marsin do ṫairrġir mé mar do aiṫin sé ḋíom, agus ṫáinic a nanál ionta, agus do ḃádar béo, agus do ṡeasadar ar a ccosaiḃ, slúaġ ró aḋḃulṁór. 11 Annsin a dúḃairt sé riomsa, A ṁic an duine, isíad na cnáṁaso tiġ Israel go hiomlán: féuċ, a deirid síad, Do tiormuiġeaḋ ar ccnáṁa, agus do cailleaḋ ar ndóṫċus: air ar soinne do gearraḋ amaċ sinn. 12 Uimesin tairrġir agus abair ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, mo ṗobal, foisceola misi ḃur nuáiġe, agus do ḃéara mé oruiḃ teaċt a níos as ḃur nuáiġiḃ, agus do ḃéara mé siḃ go tír Israel. 13 Agus aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA, an tan ḟoisceolus mé ḃur nuáiġe, mo ṗobal, agus ḃéarus mé a níos as ḃur nuáiġiḃ siḃ, 14 Agus ċúirfios mé mo spiorad ionnuiḃ, agus ḃeiṫi beó, agus ṡuiġḋeoċas mé ion ḃur ndúṫaiġ féin siḃ: ann sin aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA do laḃair é, agus do ċoiṁlíon é, a deir an TIĠEARNA. 15 ¶ Ṫáinic focal an TIĠEARNA ċugam a rís, ag ráḋ, 16 Tuilleaṁ fós, ṫusa a ṁic an duine, glac ċugad aonṁaide, agus scríoḃ air, Ar son Iúdah, agus ar son ċloinne Israel a ċompánaċa: annsin glac maide oile, agus scríoḃ air, Ar son Ióseṗ, maide Eṗraim, agus ar son uile ṫiġe Israel a ċompánaċa: 17 Agus ceangail dá ċéile íad a náonṁaide; agus biáiḋ na náon ṁaide ann do láiṁ. 18 Agus an tan laḃeoruid clann do ḋaóine leaċd, ag ráḋ, Naċ ttaisbéanfa tú ḋúinn cred ís cíall duit annso? 19 Abairsi ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, glacfa mé maide Ióseṗ, noċ atá a láiṁ Eṗraim, agus tréaḃṫa Israel a ċompánaċa, agus cuirfiḋ mé íadsan maille ris, eaḋon lé maide Iúdah, agus do ḋéana mé áonṁaide ḋíoḃ, agus béid na náon ann mo láiṁ. 20 Agus biáiḋ na maideaḋa air a scríoḃann tú ann do láiṁ as coinne a súl. 21 ¶ Agus abair ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA: Féuċ, do ḃéara mé clann Israel ó ḃeiṫ a measc na ngeinteaḋ, mar a ndeaċadar, agus cruinneoċa mé air gaċ áontaóiḃ íad, agus do ḃéara mé dá ttír féin íad: 22 Agus do ḋéana mé áoinċineaḋ aṁáin díoḃ annsa dúṫaiġ ar ṡleiḃtiḃ Israel; agus buḋ aóinríġ aṁáin ḃus ríġ orra uile: agus ní ḃiáid na ndá ċineaḋ ní is mó, ní mó rannfuiġear an ndá rioġaċd íad ní is mó air aónċor: 23 Ní mó ṡaileoċuid íad féin le na nioḋaluiḃ ní sa ṁó, nó lé na neiṫiḃ gráineaṁla, nó lé coir ar bioṫ dá ccoirṫiḃ: aċt táirṫeoċa misi íad as a nuile áitiḃ coṁnuiḋe, ann ar ṗeacuiġeadar, agus glanfa mé íad: marsin buḋ íadsan mo ṗobalsa, agus misi a Ndíasan. 24 Agus biáiḋ Dáiḃi mo ṡeirḃíseaċ na ríġ ós a ccionn; agus biáiḋ aontréaduiġe aca uile: siuḃolúid fós ann mo ḃreiṫeaṁnusaiḃse, agus coiṁéadfuid mo státúide, agus do ḋéanuid íad. 25 Agus áitreoḃuid annsa ḃfearann noċ ṫug mé do Iácob mo ṡeirḃíseaċ, mar ar ċoṁnuiġeadar ḃur naiṫre, agus áiteoċuid annsin, íad féin, agus a cclann, agus clann a ccloinne go bráṫ: agus buḋ é mo ṡeirḃíseaċ Dáiḃi a bprionnsa go bráṫ. 26 Tuilleaṁ oile do ḋéana mé cunnraḋ síoṫċána ríu; biáiḋ sé na ċunnraḋ ṡíorruiḋe aca: agus áiteoċa mé íad, agus foirlíonfa mé íad, agus suiġeoċa mé mo ṡanctóir iona lár go bráṫ. 27 Biáiḋ fós mó ṫabernacuil maille ríu: fós, buḋ misi a Ndía, agus buḋ íadsan mo ṗobalsa. 28 Agus biáiḋ a ḟios aig na geintiḃ gur misi an TIĠEARNA náoṁas Israel, an tan ḃías mo ṡanctóir iona lár go bráṫ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society