Eseċiel 36 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXXVI. Sáoraḋ ó naiṁdiḃ, 26 Croiḋ núaḋ, 33 agus gairm na ccineaḋaċ, ar na ngeallaṁuinn ó Ḋía. 1 Mar an ccéadna, ṫusa a ṁic an duine, tairrġir do ṡléiḃtiḃ Israel, agus abair, Eistiġsi a ṡléiḃte Israel, bríaṫar an TIĠEARNA: 2 Is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ go ndúḃairt an náṁuid ḃar naġaiḋsí, Aha, linne na seanáite árda a seilḃ: 3 Uimesin tairrġir agus abair, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ go ndéarnadar uáigneaċ siḃ, agus gur ṡluigiodar súas siḃ air gaċ áontaóiḃ, iondus go mbeiṫí ḃur seilḃ ag fuiġíoll na ngeinteaḋ, agus gur tógḃaḋ súas siḃ a mbéuluiḃ na niṫiomráiḋteaċ, agus go ḃfuiltí míoċlúiteaċ ag an bpobal: 4 Uimesin, a ṡléiḃte Israel, éistiġ bríaṫar an Tiġearna DIA; Is marso a deir an Tiġearna DIA ris na sléiḃtiḃ, agus ris na cnocaiḃ, ris na haiḃniḃ, agus ris na gleantaiḃ, ris na fásuiġiḃ uáigneaċa, agus ris na caiṫreaċaiḃ do tréigeaḋ, noċ do ḃí na ccreiċ agus na magaḋ don ċuid oile do na geintiḃ noċ atá iona ttimċioll fa ccuáirt; 5 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Go deiṁin a tteine méuda do laḃair misi a naġaiḋ ar ṁair do na geintiḃ, agus a naġaiḋ Idumea uile, noċ dórduiġ mo ḋúṫaiġ na seilḃ maille ré gáirdeaċus a nuile ċroiḋe, maille ré hinntin aingiḋe, dá ṫeilgion amaċ mar‐ċreiċ. 6 Ar a naḋḃarsin tairrġir a ttáoḃ ṫíre Israel, agus abair ris na sléiḃtiḃ, agus ris na cnocaiḃ, ris na haiḃniḃ, agus ris na gleantuiḃ, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Feuċ, do laḃair mé ann méud agus ann mainteas, do ḃríġ gur iomċraḃair náire na ngeinteaḋ: 7 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ṫóig mé súas mo láṁ, ag mionnuġaḋ, Go deiṁin iomċóruid na geinteaḋ atá air gaċ táoiḃ ḋíḃ, a náire féin. 8 Aċt siḃsi, a ṡléiḃte Israel, cuirfiḋe amaċ ḃur ngéaga, agus do ḃéarṫaói ḃur toraḋ dom ṗobal Israel; óir atáid do laṫair ag teaċt. 9 Oír, Féuċ, atáimsi ar ḃur son, agus fillfiḋ mé ċugaiḃ, agus treaḃoċṫar agus síolfuiġṫear siḃ: 10 Agus méideoċa mé daóine oruiḃ, tiġ Israel uile, go hiomlán: agus áiteoċṫar na caiṫreaċa, agus cuirfiġear na báinseaċa súas: 11 Agus líonfa mé duine agus beaṫaċ oruiḃ; agus fásfuid agus do ḃéaruid toraḋ: agus súiġeoċuiḋ me do ráoir ḃur sean oiġreaċtiḃ siḃ, agus do ḋéana mé ní is féarr siḃ ná ann ḃur ttosuiġiḃ: agus aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA. 12 Do ḃéara mé fós, air ḋaóiniḃ siuḃal oruiḃ, eaḋon mo ṗobal Israel; agus sealḃóċuid síad ṫú, agus biáiḋ tú ad oiġreaċt aca, agus ní scoiṫfiḋ tú as a ndaóiniḃ íad ní is mó ó so amaċ. 13 Is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ go nabruid síad riḃ, Ṫusa a ḟearuinn do ṡluig tú súas daóine, agus do scoiṫ tú do ċineaḋaċa; 14 Uimesin ní ṡluigfiḋ tú daóine ní sa ṁó, ní mó ḃéaras tú air do ċineaḋaċaiḃ tuitim ní is mó, a deir an Tiġearna DIA. 15 Ni mó ḃéaras misi air ḋaóiniḃ náire na ngeinteaḋ do ċluinsion ionnad ní is mó, ni mo iomċuras tú tárcuisneáċd na ndaoine ni is mo, ní mó ḃéaras tusa air na cineaḋaċaiḃ tuitim ní is mó, a deir an Tiġearna DIA. 16 ¶ Tuilleaṁ oile ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ, 17 A ṁic an duine, an tan do ċóṁnuiġ tiġ Israel ann a ndúṫaiġ féin, do ṡalċadar é lé na sliġe féin, agus le na ngníoṁuiḃ: do ḃí a sliġe dom laṫairsi aṁuil neaṁġloine ṁná áṫruiġṫe. 18 Ar a naḋḃarsin do ḋóirt misi mo ḋioġaltas orra ar son na fola do ḋóirteadar air an ḃfearann, agus ar son a nioḋail ler ṫruáilleadar é: 19 Agus deidearscar mé íad a measc na ngeinteaḋ, agus do ḃádar cráoḃscaóilte air feaḋ na ttíorṫann: agus do réir a sliġeaḋ agus do réir a ngníoṁarṫa do rug misi breaṫ orra. 20 Agus an tan ċúadar a steaċ ċum na ngeinteaḋ, mar a ndeaċadar, do ṁíoṁoḋadar mainm náoṁṫa, an tan a dúḃradar ríu, Is íadso pobal an TIĠEARNA, agus do ċúadar amaċ as a ḋúṫaiġ. 21 Aċt do rinne misi truáiġe ḋóiḃ ar son manma náoṁṫa, noċ do ṫarcuisniġ tiġ Israel a measg na ngeinteaḋ, mar a ndeaċadar. 22 Uimesin abair re tiġ Israel, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Ní ar ḃur sonsa do ním so, a ṫiġ Israel, aċt ar son manma náoṁṫa féin, noċ do ṫruáilleaḃairsi a measc na ngeinteaḋ, mar a ndeaċaḃair. 23 Agus náoṁṫoċa mé mainm mór féin, noċ do heasonóruiġeaḋ a measg na ngeinteaḋ, noċ do ṫruailleaḃairsi iona lársan, agus aiṫeonuid na geinte gur misi an TIĠEARNA, a deir an Tiġearna DIA, an tan náoṁṫaċṫar misi ionnuiḃsí as coinne a súl. 24 Oír do ḃéara mé as measc na ngeinteaḋ siḃ, agus cruinneoċa mé ó nuile ṫír siḃ, agus do ḃéara mé da ḃur ttír féin siḃ. 25 Annsin croiṫfiḋ mé uisge glan oruiḃ, agus beiṫí glan: ó ḃur nuile ṡalċar, agus ó ḃur nuile ioḋaluiḃ, sgagfa mé siḃ. 26 Do ḃéara mé fós croiḋe núaḋ ḋiḃ, cuirfiḋ mé spiorad núaḋ a stiġ ionnuiḃ: agus beanfa mé an croiḋe cloċaṁail amaċ as ḃur ḃfeóil, agus do ḃéara mé croiḋe féola ḋiḃ. 27 Agus cuirfe mé mo spíorad ionnuiḃ a stiġ, agus do ḃéara mé oruiḃ siuḃal ann mo reaċtaiḃ, agus coiṁéadfuiḋe mo reaċta, agus do ḋéantaoi íad. 28 Agus áitréoċṫaói annsa ḃfearann ṫug mé da ḃur naiṫriḃ; agus buḋ siḃsi mo ṗobalsa, agus buḋ misi ḃur Ndíasa. 29 Fós táirṫeoċa mé siḃ ó ḃur nuile ṡalċar: agus goirfiḋ mé air a narḃar, agus méideoċa mé é, agus ní ċuirfiod gorta ar biṫ oruiḃ. 30 Agus méideoċa mé toraḋ an ċroinn, agus biseaċ an ṁaċaire, ċor naċ ḃfaġṫaoi ní is mó do ṁasla gorta a measg na ngeinteaḋ. 31 Annsin cuiṁneoċṫaói ḃur ndroiċsliġṫe féin, agus fúaṫeoċuiḋ siḃ féin ion ḃur raḋarc féin, do ḃríġ ḃur néigceart agus do ḃríġ ḃur ngráineaṁlaċda. 32 Ní ar ḃur sonsa do ním so, a deir an Tiġearna DIA, bioḋ a ḟios agaiḃ: bíṫí náireaċ agus claóiḋte ar son ḃur sliġṫeaċ féin, a ṫiġ Israel. 33 Is marso a deir an Tiġearna DIA; Annsa ló a nglanfa mé siḃ ó ḃur nuile ṗeacaḋ do ḃéara mé oruiḃ fós coṁnuiġe annsna caiṫreaċaiḃ, agus cuirfiġear na báinseaċa súas. 34 Agus treaḃoċṫar an fearann fásuiġ, a náit ar luiġ sé uáigneaċ a raḋarc gaċ ar ġaḃ láiṁ ris. 35 Agus a déaruid siad, Atá an dúṫaiġsi do ḃí bán aṁuil gáirdín Eden; agus atáid na caiṫreaċa fásuiġ agus aonránaċ agus scriosta dangion, agus áitreiḃṫe. 36 Annsin aiṫeonuid na geinteaḋ do fágḃáḋ air gaċ taóiḃ ḋíḃ fa ccuáirt gur misi an TIĠEARNA ċuirios súas na háite scriosta, agus ṗlanndas a náit do ḃí uáigneaċ: misi an TIĠEARNA do laḃair é, agus ḋéanad é. 37 Is marso a deir an Tiġearna DIA; Ceistneoċṫar riofn fós ar a ṡon so le tiġ Israel, do ḋéanaṁ air a son; méideoċa mé íad lé dáoiniḃ aṁuil tréud. 38 Aṁuil an tréad náoṁṫa, aṁuil tréud Ierusalem iona féustuiḃ sollamonta; marsin líonfuiġear na caiṫreaċa fásuiġ lé tréaduiḃ daóine: agus biáiḋ a ḟios aca gur misi an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society