Eseċiel 34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXXIV. Géur‐aċṁusan na naóḋaireaḋ, 4 ċionn ḃeiṫ neaṁ‐aireaċ um an tréud. 1 Agus ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ, 2 A ṁic an duine, tairrġir a naġaiḋ áoḋaireaḋa Israel, tairrġir, agus abair ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA ris na háoḋairiġiḃ; A ṁairg dáoḋairiġiḃ Israel ḃeaṫuiġios íad féin! naċ ar ċóir do na háoḋairiġiḃ an tréud do ḃeaṫugaḋ? 3 Iṫí féin an méuṫus, agus éaduiġṫí siḃ féin leis a noluinn, marḃṫaoi an ṁéid bíaṫtar: aċt ní ḃeaṫuiġṫí an tréud. 4 Níor neartuiġeaḃair an teaslán, ní mo do leiġisioḃair an tinn, ní mó do ċeanglaḃair súas an ní do ḃí briste, ní mo ṫugaḃair tar ais an ní do cuireaḋ as a ṡliġe, ní mó díarraḃair an ní do ċuáiḋ a muġa; aċd lé heigion agus lé héattrócaire do ríaġlaḃair íad. 5 Agus do ṡreaṫnuiġeaḋ íad do ḋíṫ aoḋaire: agus do ḃadár na mbía ḋag uile ḃeaṫaċaiḃ an ṁaċaire, an tan do cráoḃscaóileaḋ íad. 6 Do ṡeaċránadar mo ċaoiriġ ṫríd na huile ṡléiḃtiḃ, agus air a nuile ċnoc árd: do scáinreaḋ fós, mo ṫréad ar ġnúis na talṁan uile, agus níor lorgair agus níor íarr duine ar biṫ na ndiáiġ. 7 ¶ Uimesin, a áoḋaireaḋa, éistiġ bríaṫar an TIĠEARNA; 8 Mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA, go deiṁin do ḃríġ go ḃfuil mo ṫréud na ċreiċ, agus go ndéarnaḋ bíaḋ dom ṫréud uile ḃeaṫaċaiḃ an ṁaġa, do ḃríġ naċ raiḃ aoḋaire ar biṫ ann, ní mó do ċúartuiġeadar mo áoḋaireaḋa díarruiḋ mo ṫréuda, aċt do ḃíaṫadar na háoḋaireaḋa íad féin, agus níor ḃíaṫadar mo ṫréadaso; 9 Uimesin, a áoḋaireaḋa, éistiġ bríaṫar an TIĠEARNA; 10 Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, atáimse a naḋuiġ na náoḋaireaḋ; agus íarrfa mé mo ṫréud as a láiṁ, agus ḃéara mé orra cosg do ḃíaṫaḋ an tréada; ní mó ḃiaṫfuid na háoḋaireaḋa íad féin ní sa ṁó; óir táirṫeoċa misi mo ṫréud as e mbéul, iondus naċ béid na mbíaḋ ḋóiḃ. 11 ¶ Oír is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, Misi, Misi féin, loirgeoruiḋ mé fós mo ċaóiriġ, agus iarrfaid íad. 12 Aṁuil lórgairios áoḋaire a ṫréud annsa lo a mbí sé a measc a ċáoraċ ṫéid ar seaċrán; marsin lóirgeoradsa mo ċáoiriġ, agus sáorfa mé íad as na huile áitiḃ ionar scánnruiġeaḋ íad annsa ló néullaċ ḋorċa. 13 Agus do ḃéara mé amaċ ó na daóiniḃ íad, agus cruinneoċa mé íad as na críoċaiḃ, agus do ḃéara mé da ndúṫaiġ féin íad, agus beaṫoċa mé íad ar ṡléiḃtiḃ Israel láiṁ ris na haiḃniḃ, agus a nuile áitiḃ aitriġṫe na tíre. 14 Beaṫoċa mé íad a ninḃior ṁaiṫ, agus biáiḋ a máinreaċ air ṡléiḃtiḃ árda Israel: annsin béid síad a mánruiġ ṁaiṫ, agus ar inḃear ṁéuṫ biaḋfuid síad ar ṡléiḃtiḃ Israel. 15 Beaṫoċa mé mo ṫréud, agus do ḃéara mé orra luiġe síos, a deir an Tiġearna DIA. 16 Iarrfa mé an ní do ċuáiḋ a muġa, agus do ḃéara mé liom a rís an ní do díbreaḋ, agus ceangola mé súas an ní do briseaḋ, agus neartoċa mé an ní do ḃí tinn: aċt scriosfa mé an méuṫ agus an láidir; beaṫoċad íad le breiṫeaṁnus. 17 Agus air ḃur sonsa, mo ṫréud, is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, do ḃeirim breaṫ idir áirnéis agus áirnéis, idir na reiṫiġiḃ agus na gaḃair ḟirionna. 18 An ní beag dar liḃsi an tinnḃior maiṫ diṫe súas, aċt caiṫfiḋe an ċuid oile dá ḃur ninnḃearuiḃ do ṡaltairt síos lé ḃur ccosaiḃ? agus iḃe do na huisceaḋuiḃ doiṁne, aċt gur mían liḃ an ċuid éile do ṡalċaḋ le ḃur ccosuiḃ? 19 Agus ar son mo ṫréadasa, iṫid an ní do ṡaltraḃairsi fa ḃur ccosaiḃ; agus iḃid an ní do ṡalċaḃair fa ḃur ccosaiḃ. 20 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA ríu; Féuċ, Misi, Misi féin, do ḃéara mé breaṫ idir a náirneis ṁéiṫ agus a náirneis ṫrúaiġ. 21 Do ḃríġ gur ṡaiṫeaḃair le táoḃ agus lé slinnéun, agus gur ċnagaḃair na heasláin uile lé ḃur naḋarcaiḃ, nó gur scáinnreaḃair ó ċéile amaċ íad; 22 Uimesin dídéonuiġ misi mo ṫréud, agus ní ḃéid na ccreiċ ní sa ṁó; agus do ḃéara mé breaṫ idir eallaċ agus eallaċ. 23 Agus cuirfe mé súas áon áoḋaire aṁáin ós a ccionn, agus beaṫoċa sé íad, eaḋon mo ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi; beaṫoċa sé íad, agus biáiḋ na áoḋaire aca. 24 Agus biáiḋ misi an TIĠEARNA am Ḋía aca, agus biáiḋ mo ṡeirḃíseaċ Dáiḃi na ṗrionnsa aca; misi an TIĠEARNA do laḃair é. 25 Agus do ḋéana mé cunnraḋ síoṫċána ríu, agus do ḃéara mé air na droiċḃeaṫuiġiḃ cosc as an ttír: agus áitreoḃuid go daingion annsa ḃfásaċ, agus coideoluid annsna coilltiḃ. 26 Agus do ḋéana mé beannuġaḋ ḋíoḃsan agus do na háitiḃ timċioll fa ccúairt mo ċnuic; agus do ḃéara mé ar an ccioṫ ṫeaċt a núas iona am; biáiḋ ceaṫa beannaċda ann. 27 Agus do ḃéara crann an ṁaċaire a ṫoraḋ, agus dó ḃéara an talaṁ a ḃiseaċ, agus béid go sáor iona ttalaṁ, agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA, an tan ḃrisfios mé cuiḃriġe a ccuinge, agus ṫáirṫeoċus mé íad as láiṁ na druinge do ḃain a ṡeirḃís féin asta. 28 Agus ní ḃéid ní is mó na ccreiċ ag na geintiḃ, ní mó ṡluigfid beaṫuiġe an ṁaġa íad; aċd coiṁneoċuid gan ḟaitċios, agus ní ċuirfiḋ duine ar bioṫ eagla orra. 29 Agus tóigfe mé súas dóiḃ plannda clúiteaċ, agus ní muirfiġear ní is mó íad lé gorta annsa tír, ní mó iomċoruid náire na ngeinteaḋ ní is faide. 30 Marso aiṫeonuid síad go ḃfuilimsi an TIĠEARNA a Ndía maille ríu, agus gurob íadsan, eaḋon tiġ Israel, mo ṗobal, a deir an Tiġearna DIA. 31 Agus siḃsi mo ṫréud, eaḋon tréud minnḃir, is daóine siḃ, agus misi ḃur Ndía, a deir an Tiġearna DIA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society