Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eseċiel 33 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXIII. Coṁarṫa an deaġḟir‐ḟaire, agus an droċ ḃuaċaill; 17 agus coṁṫrom Dé ina uile ṡliġe.

1 Aris ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ,

2 A ṁic an duine, laḃair ré clann do ḋaóine, agus abair riu, An tan do ḃeára misi an cloiḋeaṁ air ṫír, má ġlacuid luċt na tíre duine da ttír féin, agus a ċur na ḟear faire ḋóiḃ.

3 Má ṡéidioun sé an stoc, an tan do ċífe sé an ccloiḋeaṁ ag teaċd air an ttír, agus an pobal do ċur ar a ccoiṁead;

4 Annsin giḋ bé ċluinfios gúṫ an stuic, agus naċ géaḃa raḃaḋ; má ṫíg an cloiḋeaṁ, agus a ḃreiṫ leis, biáiḋ a ḟuil air a ċeann féin.

5 Do ċúaluiḋ sé gúṫ an stuic, agus níor ġaḃ raḃaḋ; biáiḋ a ḟuil air féin. Aċd an té ġéuḃas raḃaḋ saorfuiḋ sé a anum.

6 Aċt má ċí an fear faire an cloiḋeaṁ ag teaċt, agus naċ séidfiḋ sé an stoc, agus naċ ttiuḃarṫar raḃaḋ don ṗobal; má ṫig an cloiḋeaṁ, agus go mbéara pearsa ar biṫ leis as a measc, do rugaḋ ar siuḃal é íona éicceart; aċt iarrfa mé a ḟuil as láiṁ a nfir faire.

7 Marsin ṫusa, a ṁic an duine, do ċuir mé ṫú mar ḟear faire ċum tiġe Israel; uimesin éistfiḋ tú an ḃríaṫar ó mo ḃéulsa, agus taḃair fúagra ḋóiḃ uáimsi.

8 An tan déaras mé ris an cciontaċ, A ḋroċ ḋuine, do ġeabba tú bás go deiṁin; muna laḃra tusa do ṫoirmiosg an ċiontuiġ ó na ṡliġe, do ġeaḃa an ciontaċ sin bás iona éigceart; aċt iarrfa misi a ḟuil as do láiṁsi.

9 Ṫairis sin, ma ṫoirmisgionn tusa an ciontaċ ó na ṡliġe dá ḟilleaḋ uáiṫe; muna ḃfilliḋ sé ó na ṡliġe, do ġeaḃa sé bás iona ċoir féin; aċt do ṡáor tusa hanam.

10 ¶ Uimesin, ṫusa a ṁic an duine, laḃair ré tiġ Israel; Is marso laḃarṫaoi, ag ráḋ, Má ḃíd ar sáruiġṫe agus ar bpeacuiġe oruinne, agus go néugfam ionta, ciondus do ḃeiṫmís beó marsin?

11 Abair ríu, Mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA, ní ḃfuil sólas ar biṫ agamsa a mbás an ċiontuiġ; aċt go ḃfilleaḋ an ciontaċ ó na ṡliġe agus go mairiḋ sé: filliḋse, filliḋse ó ḃur ndroiċṡliġṫiḃ; óir cred as a néugfaḋ siḃ, a ṫiġ Israel?

12 Uimesin, abairsi, a ṁic an duine, ré cloinn do ḋaóine, Ní ṡáorfuid fíréantaċt a nfíréin é a ló a ṗeacaiḋ: ar son uilc an ċiontuiġ, ní ṫuitfiḋ sé leis san ló iompoċus sé ó na ċiontaiḃ; ní mó ḟéadfas an fíréun mairṫiun ar son a ḟíréantaċd an lá ṗeacoċus sé.

13 An tan a déara misi ris an ḃfíréun, go mairfiḋ sé go deiṁin; má ṫáoḃann se re na ḟíréuntaċt féin, agus cionta do ḋéanaṁ, ní cuiṁneoċṫar a uile ionnracus; aċt do ġeaḃa sé bás ar son an ṗeacuiḋ, do rinne sé.

14 A rís, an tan a déara mé ris an cciontaċ, Eugfa tú go deiṁin; má ḟillionn sé ó na ṗeacaḋ, agus go ndéan an ní is dliġṫeaċ agus is ceart;

15 Má aisigionn an ciontaċ an geall, agus go ttiuḃruiḋ úaḋ an ní do ṡlad sé, agus go siuḃoluiḋ sé a reaċtuiḃ na beaṫa, gan déanaṁ uilc; mairfiḋ sé go deiṁin, ní éugfa sé.

16 Ní cuiṁneoċṫar peacaḋ ar biṫ dá ndéarna sé ḋó: do rinne sé an ní is dlistionaċ agus is ceart; mairfiḋ sé go deiṁin.

17 ¶ Giḋeaḋ a deirid clann do ḋaóine, Ni coṁṫrom sliġe an Tiġearna: aċt ar a sonsan, ní coṁṫrom a sliġe.

18 An tan iompoċus an fíréun ó na ionracus, agus ṗeacoċus sé, do ġeaḃa sé bás dá ḃríġ sin.

19 Aċt má ḟillionn an ciontaċ óna ṗeacuiġiḃ, agus an ní is dlistionaċ agus is ceart do ḋéanaṁ, mairfiḋ sé ṫríd.

20 Giḋeaḋ a dearṫaóise, Ní coṁṫrom sliġe an Tíġearna. Siḃsi a ṫiġ Israel, do ḃéara misi breaṫ oruiḃ air gaċ uile ḋuine do réir a ṡliġṫeaċ.

21 ¶ Agus tárla annsa dara bliaḋain déag dar ndaoirsine, annsa deaċṁaḋ mí, an cúigeaḋ lá don ṁí, go ttáinic áon dó ċuáiḋ as amaċ as Ierusalem ċugamsa, ag ráḋ, Do buáileaḋ an ċaṫair.

22 Anois do ḃí láṁ an TIĠEARNA orum tráṫnóna, suil ṫamic an té sin do ċuáiḋ as; agus dfoscuil sí mo ḃéul, nó go ttáinic sé ċugam ar maidin, agus do hosclaḋ mo ḃéul, agus ní raḃus balḃ ní sa ṁó.

23 Annsin ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ,

24 A ṁic an duine, laḃruiḋ an drong áitreaḃas na háite fasuiġsi ṫire Israel, ag ráḋ, Do ḃí Abraham na aónar, agus do ġaḃ sé oiġreaċt na dúiṫċe: aċt atámáoidne mórán; tugaḋ an tír ḋúinn mar oiġreaċt.

25 Uimesin abair ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Iṫiḋsi maille ris an ḃfuil, agus tógṫaói ḃur súile súas ċum ḃur nioḋal, agus dóirtiġe fuil: agus an sealḃoċuiḋese an fearann?

26 Seastaoi ar ḃur ccloiḋeaṁ, do níṫí gráineaṁlaċd, agus truáilliḋe gaċ áon duine aguiḃ bean a ċoṁarsan: agus an sealḃoċṫaóise an tír?

27 Abairsi ríu marso, Is marso a deir an Tiġearna DIA, Mar ṁairim, go deiṁin tuitfiḋ an luċt atá san ḃfásaċ leis an ccloiḋeaṁ, agus do ḃéara mé an té atá annsa maċaire lom do ḃeaṫaċaiḃ re na iṫe, agus éugfuid an drong ḃías annsna daingniḃ agus annsna húaṁuiḃ don ṗláiġ.

28 Oír fúigfiḋ mé an fearann ro áonránaċ, agus coísgfiḋ poimp a neirt; agus biáiḋ sléiḃte Israel uáigneaċ, iondus naċ raċaiḋ duine ar biṫ ṫríoṫaḋ.

29 Annsin aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA, an tan ḟúigfios mé an tír ro áonránaċ do ḃríġ a nuile ġráineaṁlaċt dá ndeárnadar.

30 ¶ Mar an ccéadna, ṫusa a ṁic an duine, atáid clann do ḋaóine a ccoṁnuiḋe ag caint ort láiṁ ris na ballaḋuiḃ agus a ndóirsiḃ na ttiġṫeaḋ, laḃruid gaċ áon ré ċéile, gaċ áon ré na ḋearḃraṫair, ag ráḋ, Tarr, íarruim daṫċuinge ort, agus éist cred an ḃríaṫar ṫig ón TTIĠEARNA.

31 Agus tigid síad ad ċoinne mar ṫigid an pobal, agus suiġid dot laṫair mar mo ḋaóinesi, agus cluinid do ḃríaṫra, aċt ní háill léo a ndéanaṁ: óir taisbeanuid síad mórán gráḋa le na mbéul, agus téid a ccroiḋe do réir a sainte.

32 Agus, Féuċ, atá tusa ḋóiḃ aṁuil aḃrán ro ṫaitneaṁaċ ḋuine agá mbí guṫ binn, agus ṡinnios go maiṫ ar aḋḃuiḋ ċiúil: óir éistid do ḃríaṫra, aċt ní ḋéanuid íad:

33 Agus an tan ṫiucfas so a ccríċ (feuċ, tiucfa se) ann sin aíṫeonuid síad go raiḃ fáiġ iona measc.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan