Eseċiel 31 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXXI. Ṗárao coiṁmeas re Assur ann ardan, tuitfid siad ṫríd sin le ċéile. 1 Agus tárla san náonṁaḋ blíaḋain déag, annsa treas mí, an ċéad lá don ṁí, go ttáinic focal an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ, 2 A ṁic an duine, laḃair re Ṗárao ríġ na Hégipte, agus re na iomadaṁlaċt; Ciá ré ar cosṁuil ṫusa ann do ṁórḋaċt? 3 Féuċ, do ḃí an Tassírianaċ na ṡedar ann Lebanon maílle ré geagan sgiaṁaċ, agus re scaile foluiġeaċ, maille ré áirde ṁóir, agus do ḃí a ḃárr a measc na mbeangán tiuġ. 4 Do rinneadar na huisgeaḋa mór é, doil an taigéan súas go hárd é tré na sroṫuiḃ ag rioṫ timċioll a ṗlanndaḋ, agus do ċuir a haiḃne beaga amaċ ċum na nuile ċrann annsa ṁaċaire. 5 Uimesin do hárduiġeaḋ a áirde ós cionn uile ċrann an ṁaġa, agus do líonadar a ḃeangáin, agus dfásadar a ġéaga go fada do ḃríġ iomaid na nuisgeaḋ, an tan do ċuir sé amaċ íad. 6 Do neadadar uile éunlaiṫ neiṁe iona ġéaguiḃ, agus faói na ċraoḃuiḃ rug uile ḃeaṫuiġ an ṁaċaire an óga, agus faói na scáile dáitreaḃadar na huile ċineaḋaċa móra. 7 Marso do ḃí sé breáġa iona ṁórḋaċt, a ḃfad a ḃeangán: óir do ḃí a ḟréaṁ láiṁ ré huisgeaḋuiḃ móra. 8 Níor ḟéadadar na cedair a ngáirdin Dé a ċeilt: níor ċosṁuil na crainn ġiuṁuis lé na ġéaguiḃ, níor ċosṁuil crainn na ccastáiniġ le na ḃeangánuiḃ; níor ċosṁuil crann ar bioṫ a ngáirdín Dé leis iona scéiṁ. 9 Do rinne misi breáġa é lé hiomad a ġéag: iondus gur ṫnúṫuiġeadar uile ċrainn Eden, dá raiḃ a ngáirdin Dé ris. 10 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ gur ṫóig tú súas ṫú féin a náirde, agus gur ċuir sé súas a ṁullaċ a measc na ngéug tiuġ, agus gur ṫóig a ċroiḋe súas ann a áirde; 11 Do ṡeaċuid misi uimesin é a láiṁ a naóin ċuṁaċtaiġ na ngeinteaḋ; go deiṁin do ḋéana sé ris mar do ṫuill sé: do ḋíbir mé amaċ é ar son a ċionta. 12 Agus coiṁṫiġiḋ, an drong is úaṫḃásuiġe do na cineaḋaċaiḃ, do ġearradar amaċ é, agus dfágḃadar é: annsna sléiḃtiḃ agus annsna huile ġleantaiḃ do ṫuitiodar a ḃeangáin, agus do briseaḋ a ċráoḃa lé huile ṡroṫaiḃ na tíre; agus dimṫiġeadar uile ḋaóine na talṁan síos ó na scáile, agus dfágḃadar é. 13 Aitréoḃuid uile éunlaiṫ neiṁe air a scrios, agus biáid uile ḃeaṫuiġe an ṁaġa air a ḃeangánuiḃ. 14 Iondus naċ áirdeoċaḋ crann ar bioṫ do ċrannuiḃ na nuisgeaḋ íad féin ar son a náirde, naċ mó do ṫeilgfeidís súas a mullaċ a measc na mbeangán tiuġ, naċ mó ṡeasfuidís a ccrainn súas iona náirde, gaċ a niḃionn uisge: óir do seaċadaḋ uile ċum báis íad, do rannaiḃ íoċtair na talṁan, a lár ċloinne na ndaóine, maille ris an ndroing ṫéid sios annsa log. 15 Is marso a deir an Tiġearna DIA; Ṫug mé golġáir annsa ló a ndéaċuiḋ sé síos annsa nuáiġ: dfoluiġ mé an taigeun dósan, agus do ṫoirmisc mé a ṫuilte, agus do stopaḋ na huisgeaḋa móra: agus ṫug mé air Léabanon cuṁa do ḋéanaṁ ar a ṡon, agus do anḃfainḃeadar uile ċrainn an ṁaġa ṫríd. 16 Ṫug mé air na cineaḋaċaiḃ erioṫ lé fúaim a leagṫa, an tan do ṫeilg mé síos é go hifrionn maille ris an luċt ṫéid síos annsa ṗoll: agus coṁḟurtaċtfuiġear uile ċrainn Eden, toġa agus roġa Lebanon, gaċ a niḃionn uisge a rannaiḃ íoċtair na talṁan. 17 Do ċúadar síos mar an ccéadna go hifrionn maille ris don ndroing atá marḃ leis an ccloiḋeaṁ; agus a ruiġ, agus do rinneadar coṁnuiḋe fana ḋíon a meaḋón na ccineaḋaċ. 18 ¶ Cía ré ar cosṁuil ṫusa marso a nglóir agus a mórḋaċt a measc ċrann Eden? giḋeaḋ do ḃéarṫar síos ṫú maille re crannuiḃ Eden go háitiḃ íoċtaraċa na talṁan: luiġfiḋ tú a meaḋón na neiṁṫimċillġéarrṫa a ḃfoċair an luċta marḃṫar leis an ccloiḋeaṁ. Isé so Ṗárao, agus a uile iomadaṁlaċt, a deir an Tiġearna DIA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society