Eseċiel 30 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXX. Neartuiġṫear láṁ Ḃabilon do ḃriseaḋ neart na Hégipte, agus a luċt cuidiġe. 1 Ṫainic bríaṫar an TIĠEARNA ċugam a rís, ag ráḋ, 2 A ṁic an duine tairrġir agus abair, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Núalluiġsi, A ṁairg don lá! 3 Oír is fogus an lá, eaḋon atá lá an TIĠEARNA a ccoṁḟogus, lá néullaċ; buḋ í sin uáir na ngeinteaḋ. 4 Agus tiucfuiḋ an cloiḋeaṁ air a Négipt, agus biáiḋ pían ṁór san Netíopia, an tan ṫuitfid na mairḃ san Négipt, agus ḃéaruid léo a hiomadaṁlaċt, agus ḃristiġear síos a bunáite. 5 Agus tuitfiḋ a Netíopia, agus Líbia, agus Lídia, agus an pobal cumaisce uile, agus Ċub, agus daóine ṫíre an ċunnarṫa, léosan leis an ccloiḋioṁ. 6 Is marso a deir an TIĠEARNA; Tuitfiḋ fos an drong ċongṁus súas an Négipt; tiucfuiḋ úaḃar a cuṁaċt a núas; tiutfid síad innte leis an ccloiḋeaṁ ó ṫor Siene, a deir an Tiġearna DIA. 7 Agus béid síad áonránaċ a lár na ttíorṫann atá uáigneaċ, agus biáiḋ a caiṫreaċa a meaḋon na ccaiṫreaċ atá ná ḃfásaċ. 8 Agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA, an tan ċuirfios mé téine san Négipt, agus a nuáir scriosfuiġear a huile luċt cuidiġṫe. 9 Annsa ló sin raċaid teaċta uáimsi amaċ a longaiḃ do ċur eagla air na Hetiópiḃ, neiṁċurumaċ, agus tiucfa pian ṁór orra, aṁail a ló na Hégipte: óir, féuċ, atá sé ag teaċt. 10 Is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃéara mé air iomadaṁlaċd na Hégipte cosg le láiṁ Nebuċadressar ríġ na Babiloine. 11 E féin agus a ḋaóine maille ris, béarṫar an drong is úaṫḃásuiġe do ná cineaḋaċaiḃ, do scrios na tíre: agus taireonguid a ccloiḋṁṫe a naġaiḋ na Hégipte, agus líonfuiḋ an talaṁ do ṁarḃuiḃ. 12 Agus do ḋéana misi a naiḃne tirm, agus reacfad an fearann a láiṁ na cciontaċ: agus do ḋéana mé an tír na fásaċ, agus gaċ a ḃfuil ann, lé láiṁ na ccoiṁṫiġeaċ: misi an TIĠEARNA do laḃair é. 13 Is marso a deir an Tiġearna DIA; Scriosfa mé fós na hioḋail, agus do ḃéara mé air a níoṁáiġiḃ cosg amaċ as Noṗ; agus ní ḃiáiḋ feasda prionnsa air ṫalaṁ na Hégipte: agus cuirfiḋ mé eagla a ccríċ na Hégipte. 14 Agus do ḋéana mé Patros uáigneaċ, agus cuirfe mé teine ann Soan, agus do ḃéara mé breaṫa ann No. 15 Agus dóirtfiḋ mé mo ḋioġaltas ar Sin, neart na Hégipte; agus géarrfa mé amaċ iomadaṁlaċt No. 16 Agus cuirfe mé teine san Negipt: do ġéaḃa Sin pían mór, agus sgaóilfíġear No ó ċéile, agus biáiḋ donus air Noṗ go laéṫeaṁuil. 17 Tuitfid daóine óga Aḃen agus Ṗibeset leis an ccloiḋeaṁ: agus raċfuid na caiṫreaċaso a mbraiġdionas. 18 Dorċoċṫar fós an lá ann Tehaṗnehes, an tan ḃrisfios mé annsin cungalaċ na Hégipte: agus stadfas poimp a neirt innte: ar a sonsa, foileoċa néull í, agus raċfuid a hinġeana a mbraiġdionas. 19 Marso do ḋéana mé breiṫeaṁnuis annsa Négipt: agus aiṫeonuid gur mé an TIĠEARNA. 20 ¶ Agus tárla san náonṁaḋ blíaḋain déag, annsa ċéid ṁí, annsa seaċtṁaḋ lá don ṁi, go ttáinic focal an TIĠEARNA ċugam, ag ráḋ. 21 A ṁic an duine, Do ḃrís mé láṁ Ṗárao ríġ na Hégipte; agus, féuċ, ní ceangoltar súas í dá leiġios, do ċur creasa uirre dá ceangal, dá déanaṁ láidir do ċongṁáil an ċloiḋiṁ. 22 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, atáim a naġaiḋ Ṗárao ríġ na Hégipte, agus brisfiḋ mé a ruiġṫeaċ, noċ do ḃí laidir, agus do briseaḋ; agus do ḃéara mé air an ccloiḋeaṁ tuitim as a láiṁ. 23 Agus scaóilfiḋ mé na Hégiptiġ a measc na ccineaḋaċ, agus cráoḃscaóilfiḋ mé íad ar feaḋ na ttíorṫann. 24 Agus neirṫeoċa mé láṁa ríġ na Babilóine, agus cuirfe mé mo ċloiḋioṁ iona láiṁsion: aċt brisfiḋ mé ruiġṫeaċ Ṗárao, agus do ḋéanuiḋ sé osnaḋ da laṫair lé hosnaḋuiḃ marḃṫuiġ duine ċneaḋuiġ. 25 Aċt neirteoċa mé ruiġṫeaċ ríġ na Babilóine, agus tuitfid láṁa Ṗárao síos; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA; an tan ċuirfios mé mo ċloiḋeaṁ a láiṁ ríġ na Babilóine, agus sinfiḋ sé amaċ é ar ċríċ na Hégipte. 26 Agus díoṫsgaóilfiḋ mé na Hégiptiġ a measc na ccineaḋaċ, agus scabfa mé íad a measc na ttíorṫann; agus aiṫeonuid gur mé an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society