Eseċiel 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Do ċuir Día meisneaċ fo Eseciel, agus tug fior riaġail na faiġeadoireaċt, ḋó. 1 Tuilleaṁ oile a duḃairt sé riomsa, A ṁic an duine, iṫ an ní do ġeiḃ tú; iṫ an rolaso, agus éiriġ laḃair ré tiġ Israel. 2 Annsin dfoscail mé mo ḃéul, agus ṫug sé orum an rola diṫe. 3 Agus a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, taḃair air do ḃolg iṫe, agus líon do ṁionaċ leis an rolaso ḃeirimsi ḋuit. Annsin a dúaiġ mé é; agus do ḃí sé ann mo ḃéul mar ṁil ar ṁillsi. 4 ¶ Agus a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, imṫiġ, éiriġ go tiġ Israel, agus laḃair lem ḃríaṫruiḃsi ríu. 5 Oír ní curṫar ṫú a ccionn daóine do ġlór ċoiṁṫiġeaċ agus do ṫeanga ċruáiḋ, aċt ċum tiġe Israel; 6 Ní ċum móráin daóine do ġlór ċoiṁṫiġeaċ agus do ṫeanga ċruáiḋ, naċ féidir ḋuit a mbríaṫra do ṫuicsin. Go deiṁin dá ccuirinn ċuca sin ṫú, déistfidís riot. 7 Aċt ní éistfiḋ tiġ Israel riot; óir ní éistfiḋ síad riomsa: óir atá tiġ Israel uile míonáireaċ agus crúaḋċroiḋeaċ. 8 Feuċ, do rinne mé haġaiḋ láidir a naġaiḋ a ngnúise, agus headan láidir a naġaiḋ a néadansan. 9 Aṁuil adamant is cruáiḋe ná cloċ ṫineaḋ do rinne mé héadan: ná himeagluiḋ íad, agus ná hanḃfainniġ le na ḃféuċanaiḃ, mátá go ḃfuilid na ttiġ easuṁal. 10 Tuilleaṁ oile a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, gáḃ ann do ċroiḋe, mo ḃriaṫrasa uile noċ laiḃeorus mé riot, agus cluin lé do ċlúasaiḃ. 11 Agus éiriġ, imṫiġ mar a ḃfuilid luċt na bruide, ċum do ḋaóine féin, agus laḃair ríu, agus innis dóiḃ, Is marso a deir an Tiġearna DIA, má éistid, nó má sguirid. 12 Annsin do ṫóg an spiorad súas mé, agus do ċúala mé am ḋiáiġ gúṫ tormáin ṁóir, ag raḋ, Go maḋ beannuiġṫe glóir an TIĠEARNA ó na áit. 13 Do ċúalaiḋ mé fós fuáim sciaṫán na mbeaṫaċ do ḃean re ċéile, agus tormán na roṫaḋ ós a ccuinne ṫall, agus tormán fuáime móire. 14 Annsin do ṫóg an spiorad súas mé, agus rug sé leis mé, agus do ġlúais mé a searḃus, a tteas mo spioraide; aċt do ḃí láṁ an TIĠEARNA láidir orum. 15 ¶ Annsin ṫáinic mé gus na bráiġdiḃ go Tel‐abib, noċ do ċoṁnuiġ láiṁ ré haḃuinn Ċebar, agus do ṡuiḋ mé mar ar ṡuiġeadarsan, agus dfan mé anusin úaṫḃásaċ na measg seaċt lá. 16 Agus tárla a ccionn na seaċt lá, go ttáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugam, ag ráḋ, 17 A ṁic an duine, do rinne mé fear faire ḋíot do ṫiġ Israel: nimesin éist an ḃríaṫar óm ḃéul, agus taḃair raḃaḋ ḋóiḃ uáimsi. 18 An tan a déara misi ris an cciontaċ, Do ġeaḃa tú go deiṁin bás; agus naċ ttiuḃra tusa raḃaḋ ḋó, agus naċ laiḃeora tú do ṫaḃairt raḃaiḋ don ċiontaċ fá na droiċṡliġe, do ṡáḃáil a ánma; éugfuiḋ an droċḋuine sin iona éigceart féin; aċt íarrfa misi a ḟuil as do láiṁsi. 19 Giḋeaḋ má ṫugann tusa raḃaḋ don ċiontaċ, agus naċ ḃfillfiḋ ó na ċiontuiḃ, nó ó na ḋroiċṡliġe, éugfa sé iona éigceart; aċt do ṡáor tusa hanam féin. 20 A rís, A nuáir ḟillfios duine fíréunta ó na ḟíréantaċd, agus do ḋéana sé peacaḋ, agus ċuirfeas misi ceap tuisliġ roiṁe, do ġeaḃa sé bás: do ḃríġ naċ ttug tusa raḃaḋ ḋó, ġeaḃa sé bás iona ṗeacaḋ, agus ní cuiṁneoċṫar a ḟiréantaċt noċ do rinne sé; aċt íarrfa mé a ḟuil as do láiṁse. 21 Giḋeaḋ má ḃeir tú raḃaḋ don duine ḟíreunta, ionnas naċ bpeacoċuiḋ an firéun, agus naċ déana sé peacaḋ, go deiṁin mairfiḋ sé, do ḃríġ go ḃfuáir sé raḃaḋ; mar an ccéadna do ṡáor tusa hanam féin. 22 ¶ Agus do ḃí láṁ an TIĠEARNA annsin orum; agus a duḃairt sé riom, Eiriġ, imṫiġ amaċ annsa réiteaċ, agus laiḃeora misi riot annsin. 23 Annsin déiriġ misi, agus do ċúaiḋ amaċ san reiġteaċ: agus, féuċ, do ṡeas glóir an TIĠEARNA annsin, mar an nglóir do ċonnairc mé ag sruṫ Ċebar: agus do ṫuit misi ar maġaiḋ. 24 Annsin do ċuáiḋ an spiorad ionnam, agus do ṡuiġiḋ sé ar mo ċosaiḃ mé, agus do laḃair sé riom, agus a duḃairt riom, Eiriġ, druid ṫú féin a stiġ ann do ṫiġ. 25 Aċt ṫusa, a ṁic an duine, feuċ, cuirfid síad cuiḃreaċ ort, agus ceangoluiḋ síad ṫú maille ríu, agus ní raċa tú amaċ iona measg: 26 Agus do ḃéara misi air do ṫeangaiḋ ceangal do ċarbad do ḃéil, ċor go mbía tú balḃ, agus naċ biáiḋ tú ad ḟear imḋeargṫa: óir is tiġ easuṁal íad. 27 Aċt an tan laiḃéorus misi riot, foisceola mé do ḃéul, agus a déara tú ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA; An té ċluineas, cluineaḋ sé; agus an té sguirios, sguireaḋ se; óir is tiġ easuṁal íad. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society