Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eseċiel 29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXIX. Biaiḋ an Egipte fós folaṁ; fa ċáis beiṫ mealltaċ do ṫiġ Israel.

1 Annsa deaċṁaḋ blíaḋain, annsa deaċṁaḋ mí, an dara lá, déug don ṁí, ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ,

2 A ṁic an duine, suiġiḋ haġaiḋ a naḋuiġ Ṗárao ríġ na Hégipte, agus tairrġir na aġaiḋsion, agus a naġaiḋ na Hégipte uile:

3 Laḃair, agus abair, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, atáimsi ad aġaiḋ, a Ṗarao a ríġ na Hégipte, an dragún mór luiġios a lár a aiḃneaḋ, noċ a duḃairt, Is liom féin mo ṡruṫ, agus do rinne mé ḋaṁ féin é.

4 Aċt cuirfe misi duḃáin ann do ġíalluiḃ, agus do ḃéara mé air íasc haiḃneaḋ seasaṁ air do lannuiḃ, agus do ḃéara mé a níos ṫú as lár haiḃneaḋ, agus greamoċuid uile íasc haiḃneaḋ dot lannuiḃ.

5 Agus fúigfe mé ṫú ann sa ḃfásaċ, ṫú féin agus uile íasc haiḃneaḋ: tuitfiḋ tú air na maċairiġiḃ loma; ní ṫiuḃarṫar a ccionn a ċéile, agus ní ċruinneoċṫar ṫú: ṫug mé ṫú mar ḃíaḋ do ḃeaṫaċaiḃ an ṁaċaire agus déunlaiṫ neiṁe.

6 Agus aiṫeonuid uile áitreaḃṫuiġ na Hégipte gur misi an TIĠEARNA, do ḃríġ go raḃadar na maide giolcuiḋe do ṫiġ Israel.

7 A nuáir rugadar greim ortsa ar láiṁ, do ḃris tú, agus do réub tú a ngúala uile: agus an tan do luiġeadar ort, do ḃris tú, agus ṫug tú ar a leasraċuiḃ uile seasaṁ.

8 ¶ Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, do ḃéara misi cloiḋioṁ ort, agus gearrfa mé amaċ idir dbuine agus ḃeaṫaċ asad.

9 Agus biáiḋ críoċ na Hégipte áonránaċ agus bán; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA: do ḃríġ go nduḃairt sé, Is liomsa a naḃuinn, agus is mé do rinne é.

10 Féuċ, uimesin atáimsi ad aġaiḋsi, agus a naġaiḋ do ṡroṫa, agus do ḋéana mé talaṁ na Hégipte ṫríd amaċ na ḟásaċ agus úaigneaċ ó ṫor Siene go himiol na Hetiópia.

11 Ní géaḃa cos duine ar biṫ ṫríd, ní mó raċus cos ḃeaṫuiḋ ṫríd, ní mó ḃías áitreaḃṫa go ceann ċeaṫraċad blíaḋan.

12 Agus do ḋéana mé talaṁ na Hégipte uaigneaċ a lár na ttíorṫann atá fásḟolaṁ, agus a ccaiṫreaċa a measc na ccaiṫreaċ atá na ḃfásaċ béid áonránaċ ceaṫraċad ḃlíaḋan: agus cráoḃsgaólfiḋ mé na Hégiptiġ a measc na ccineaḋaċ, agus scabfa mé íad ṫríd na tíorṫaiḃ.

13 Ṫairis sin is marso a deir an Tiġearna DIA; A ccionn ċeaṫraċad bliaḋan cruinneoċa mé na Hégiptiġ ón bpobal ann ar ṡreaṫnuiḋ mé íad:

14 Agus do ḃéara mé liom a rís braiġdionas na Hégipte, agus do ḃéara mé orra filleaḋ go fearann Patros, go dúṫaiġ a náitreiḃe; agus biáid ann sin na ríoġaċt uirisil.

15 A sí ḃus uirísle do na rioġaċtaiḃ; ní mó áirdeoċus sí í féin ní sa ṁó ós cionn na ccineaḋaċ: óir laiġdeoċa misi íad, iondus naċ ríaġloċuid ní sa ṁó ós cionn na gcineaḋaċ.

16 Agus ní ḃíaiḋ ní sa ṁóna dóṫċus ag tiġ Israel, noċ do ḃeir a néigceart ċum cúiṁne, an tan ḟéuċfuid iona ndiaiġ: aċt aiṫeonuid gur misi an Tiġearna DIA.

17 ¶ Agus tárla annsa seaċtṁaḋ bliaḋain ḟiṫċiod, annsa ċéidṁí, an ċéad lá don ṁí, go ttáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ,

18 A ṁic an duine, ṫug Nebuċadressar ríġ na Babilóine air a ṡlúaġ seirḃís ṁór do ḋéanaṁ a náġaiḋ Tírus: do rinneaḋ a nuile ċeann máol, agus do lomaḋ gaċ uile ġúala: giḋeaḋ ní ḃfuáir sé túarustal ar biṫ, nó a ṡluáġ, ar son Ṫírus, ar son na seirḃíse do rinne sé na haġaiḋ:

19 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, do ḃéara misi críoċ na Hégipte do Nebuċadressar ríġ na Babilóine; agus géaḃuiḋ sé a hiómaid, agus géaḃuiḋ sé a héadáil, agus glacfa sé a creaċ; agus biáiḋ sin na ṫúarasdtal agá ṡlúaġ.

20 Ṫug mé ḋó críoċ na Hégipte ar son a ṡáoṫair ler oibriġ sé na haġaiḋ, do ḃríġ gur oibriġeadar ar mo ṡonsa, a deir an Tiġearna DIA.

21 ¶ Annsa ló sin do ḃéara mé air aḋairc ṫiġe Israel scinneaḋ amaċ, agus do ḃeara mé ḋuitsi oscla an ḃéil ann a lár; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan