Eseċiel 28 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXVIII. An smaċt ṫiucfas ar ṗrionnsa Ṫíruis arson a anúaḃar, 20 agus breiṫeaṁnus Ṡidon. 1 Ṫainic bríaṫar an TIĠEARNA ċugam a rís, ag ráḋ, 2 A ṁic an duine, abair re prionnsa Ṫírus, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ gur tógḃaḋ súas do ċroiḋe, agus go nduḃairt tú, Is Día misi, suiġim a nionad Dé, a lár na ḃfairgeaḋ; giḋeaḋ is duine ṫú, agus ní Día, gioḋ go suiġionn tú do ċroiḋe aṁuil croiḋe Dé. 3 Féuċ, is glioca ṫú ná Daniel; ní ḃfuil secréid ḟéaduid do ċeilt ort. 4 Led ġliocus agus led ṫuicsin fuáir tú do ṡaiḋḃrios, agus fuáir tú ór agus airgiod ann hionnṁusaiḃ: 5 Led eagna ṁóir agus led ċeannuiġeaċt do ṁéaduiġ tú do ṡaiḋḃrios, agus atá do ċroiḋe ar na ṫógḃáil súas do ḃríġ do ṡaiḋḃriosa: 6 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ gur ṡuiġiḋ tú do ċroiḋe mar ċroiḋe Dé; 7 Féuċ, ar a naḋḃarsin do ḃéara misi coiṁṫiġiḋ ort, an drong is úaṫḃásuiḋe do na cineaḋaċaiḃ: agús tairreonguid an cloiḋeaṁ a naġaiḋ sgéiṁe do ġliocuis, agus saileoċuid síad do ḋealraḋ. 8 Do ḃéaruid síad síos ċum na huáiġe ṫú, agus éugfa tú bás na druinge atá marḃ a lár na ḃfairgeaḋ. 9 A naibéora tú fós a laṫair an té ṁarḃus ṫú, Is mé Dia; aċt biáiḋ tú ad ḋuine, agus ní Día ar bíṫ ṫú, a láiṁ an té ṁarḃus ṫú. 10 Eugfa tú bás na neiṁṫimċillġeárrṫa lé láiṁ an ċoiṁṫiġiḋ: oir do laḃair misi é, a déir an Tiġearna DIA. 11 ¶ Tuilleaṁ fós ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ, 12 A ṁic an duine, tóig súas golġáir air ríġ Tirus, agus abair ris, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Séaluiġ tú súas an tiomlán, lán do ġliocus, agus iomlán a sgéiṁ. 13 Do ḃí tú ann Eden gáirdín Dé, buḋ é ṫfolaċ gaċ uile ċloċ ṁórluáiġ, an sardius, an topas, agus an diamond, an ḃeril, an tónics, agus an iasper, an saṗir, a nemerald, agus an carbuccail, agus an tór: do gléasaḋ ccardaċt do ṫiompán agus do ṗíob ionnad annsa lá ar cruṫuiġeaḋ ṫú. 14 Is tú an ċerub ungṫa ḟolċas; agus do ṡuiġiḋ misi marsin ṫú: do ḃi tú air ṡliaḃ náoṁṫa Dé, do ṡiuḃail tú a meaḋon na leac tteineaḋ. 15 Do ḃí tú iomlán ann do ṡliġṫiḃ, ón ló far crúṫúiġeaḋ ṫú, nó gur fríṫ éigceart ionnad. 16 Maille lehiomad do ċeannuiġeaċta do líonadar do lár lé foiréigion, agus do ṗeacuiḋ tú: uimesin teilgfiḋ misi ṫú aṁuil neiṁḋíaḋa amaċ as slíaḃ Dé: agus scriosfa mé ṫú, a ċerub ḟoluiġ, ó lár na leac tteineaḋ. 17 Do tógḃaḋ súas do ċroiḋe do ḃríġ do sgéiṁe, do ṫruailliġ tú heagna do ḃríġ do ḋéalruiġṫe: teilgfiḋ misi ċum talṁan ṫú, a ḃfíaḋnuise ríoġ, ċor go ḃféuċfuid ort. 18 Do ṡaluiġ tú do ṡanctóir lé híomadaṁlaċt héigceart, lé éigceart do ċeannuiġeaċta; uimesin do ḃéara misi teine amaċ as do lár, loisgfiḋ sí ṫú, agus do ḃéara mé ad lúaiṫreaḋ ṫú ċum na talṁan a raḋarc a nuile ḋuine do ċí ṫú. 19 Biáiḋ úaṫḃas aig a nuile ḋuine dá naiṫniġionn ṫú a measc na ndaóine ionnad: biáiḋ tú ad úaṁan, ní mó ḃías tú ann go braṫ ní sa ṁó. 20 ¶ A rís ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugam, ag ráḋ, 21 A ṁic an duine, cuir haġuiḋ a naġaiḋ Sídon, agus tairrġir na haġaiḋ, 22 Agus abair, Is marso an deir an Tiġearna DIA; Féuċ, a táimse ad aġáiḋsi, a Ṡídon; agus biáiḋ mé ar mo ġlóruġaḋ ann do lár: agus aiṫeonuid gur mé an TIĠEARNA, an tan ḃéarus mé breaṫa innte, agus ḃías mé ar mo náoṁuġaḋ innte. 23 Oír cuirfe mé pláiġ innte, agus fuil iona sráidiḃ; agus béarṫar breíṫeaṁnus air an ccréaċtaċ iona lár leis an ccloiḋeaṁ uirre air gaċ aontaóiḃ; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA. 24 ¶ Agus ní ḃíaiḋ dreas deilgne ann ní sa ṁó do ṫiġ Israel, nó dosán ar biṫ gortuiġṫeaċ do na huile ahaóinibá ná ttimċioll, ṫarcuisniġios iad; agus biáiḋ a ḟios aca gur misi an Tiġearna DIA. 25 Is marso a deir an Tiġearna DIA; An tan ċruinneoċus mé tiġ Israel as na daóiniḃ a measc a ḃfuilid sreaṫnuiġṫe, agus ḃías mé ar mo náoṁaḋ ionta a raḋarc na ngeinteaḋ, annsin áitreoḃuid síad iona ndúṫaiġ ṫug mé dom ṡeirḃíseaċ Iácob. 26 Agus do ḋéanuid síad coṁnuiḋe ḋaingion innte, agus do ḋéanuid tiġṫe, agus plainndeoċuid gárraḋa fíneaṁna; aseaḋ fós, áiteoċuid maille ré dánaċt, an tan ḃéarus misi breiṫeaṁnus orrasan ṫarcuisniġios íad fa ccuáirt na ttimċioll; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA a Ndía. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society