Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eseċiel 27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXVII. Saiḋḃrios agus luċt friṫeoilte Ṫíruis. 26 Ré na mion‐ḃriseaḋ ar so a miṁeas ar Israel.

1 Ṫainic bríaṫar an TIĠEARNA ċugam a rís, ag ráḋ,

2 Annois, ṫusa a ṁic an duine, tóig súas golġáir ar son Tírus;

3 Agus abair ré Tírus; Ṫusa atá suiġiḋṫe á ndul a steaċ na fairge, noċ atá ad ċeannuiġe an ṗobuil do ṁórán oiléun, Is marso a deir an Tiġearna DIA; A Ṫírus, a duḃairt tusa, Atáim ro sgíaṁaċ.

4 Atáid himil a lár na fairge, do iomlánadar do ṡaóir do sgíaṁ.

5 Do rinneadar huile ċlára do ċrannuiḃ ginṁuis Senir: ṫugadar cedair ó Lebanon do ḋéanaṁ crann seoil duit.

6 Do rinneadar do ráṁaḋ do ḋairiḃ Basán; do rinne cuideaċta na Nasuríteaċ do ṫáoḃáin do iṁóig, as oileanuiḃ Ċittim.

7 Do buḋ línéaḋaċ mín maille ré hobair ḃróidnéireaċda ó Négipt do leaṫnuiġ tú amaċ do ḃeiṫ na ṡeól agad; an ní dfoluiġ tú ba gorm agus dearg é ó oiléanuiḃ Elisah.

8 Dob íad áitreaḃṫuiġ Sidon agus Arḃad do ṁáirneuluiġ: dob íad do ḋaóine críonna, do ḃí ionnad a Ṫírus, do loingseoiriḋe.

9 Dob íad sinnsir Ġebal agus a daoine glioca do ḃí ionnad luċt do neartuiġṫe: do ḃádar loingios na fairge uile maille re na máirneulaċaiḃ ionnad do ḋéanaṁ do ċeannuiġeaċda.

10 Dob íad muinntir na Persia agus Lud agus Ṗut ann do ṡlúaġ, do luċt cogaiḋ: do ċroċaidís an sgíaṫ agus an ċinnḃeart ionnad; do ċuiredís do ḃreáḋaċt ós áird.

11 Do ḃí fir Arḃad maille red ṡlúaġsa air do ḃallaḋuiḃ timċioll fa ccuáirt, agus do ḃadar na Gammadimiḃ ann do ṫuir: agus do ċroċaidís a scíaṫ air do ḃallaḋuiḃ timċioll fa ccuáirt; do rinneadar do sciaṁ iomlán.

12 Do bí Tarsis do ċeannuiġe do ḃríġ iomadaṁlaċd a nuile ṡórt saiḋḃrios; maille re hairgiod, íarann, stán, agus luáiḋe, do iomlataidís ann háonuiġiḃ.

13 Dob íad do ċeannuiġṫe láḃan, Tubal, agus Meseċ: do reacaidís pearsanna daóine agus soiġṫiġe práis air do ṁarguiġiḃ.

14 Do ṁalartaidís muinntir Ṫogarmah ann háonuiġiḃ lé heaċaiḃ agus lé marcṡlúaġ agus lé múilliġiḃ.

15 Do ḃádar fir Dédan na cceannuiġiḃ agad; do ḃí morán oilean na cceannuiġeaḋ fád láiṁ: do ḃeirdís ċugad mar ḃronta aḋarca iḃori agus ebeni.

16 Do bí Síria do ċeannuiġe do ḃríġ iomuid earraḋ dot ḋéanaṁsa: do ġnáṫuiġedís ann do ṁarguiḋiḃ lé heméralduiḃ, purpair, agus obair ḃróidnéireaċda, agus línéadaċ breaḋa, agus croiḃeal, agus Agat.

17 Dob íad do ċeannuiġṫe, Iúdah, agus tír Israel: do reacaidís air do ṁargaḋ cruiṫneaċt Ṁinit, agus Pannag, agus mil, agus ola, agus íce.

18 Do ḃí Damascus na ceannuiġe agad a niomad na nearraḋ do niṫeá, do ḃríġ iomadaṁlaċt do nuile ṡaiḋḃrios; a ḃfíon Helbon, agus a noluinn ḃáin.

19 Do ḃí Dan fós agus Iaḃán ag teaċt agus ag imṫeaċt gnoṫuiġeaċ ann háonuiġiḃ: do ḃí íarrán loínnreaċ, cassia, agus calamus, ann do ṁargaḋ.

20 Do ḃí Dedan na ċeannuiġe agad fá éuduiġiḃ mórluáiġe ċum carbad.

21 Do ṁalartuiġeadar Arábia, agus uile ṗrionnsuiḋe Cedar leaċd a núanuiḃ, agus a reiṫiġiḃ: agus a ngaḃruiḃ: ionnta so do ḃádar do ċeannuiġṫe.

22 Do ḃádar ceannuiġṫe Sébah agus Ramah, na cceannuiġiḃ agad: do ṁargaladar ann háonuiġiḃ maille ré toġa na nuile spíosraḋ, agus maille ris a nuile ċloiċ ṁórluáiċ, agus ré hór.

23 Dob íad do ċeannuiġṫesi Haran, agus Canneh, agus Eden, ceannuiġe Sébah, Asur, agus Ċilmad.

24 Dob íadso do ċeannuiġṫe ann gaċ uile ṡórt, a néadaċ gorm, agus a nobair ḃróidnéireaċda, agus a ccófraḋuiḃ cúlaḋ costúsaċ, ar na cceangal lé corduiḃ, agus déanta do ċedar a measc do ċeannuiġeaċda.

25 Do ċanadar longa Ṫarsis dot ṫáoḃsa ann do ṁargaḋ: agus do fóirlíonaḋ ṫú, agus do rinneaḋ ro ġlórṁar ṫú a meaḋon na ḃfairgeaḋ.

26 ¶ Ṫugadar do ráṁuiġṫe ṫú annsna huisgeaḋuiḃ móra: do ḃrisiodar gáoṫa a noirṫir ṫú a lár na fairge.

27 Tuitfiḋ do ṡaiḋḃrios, agus háonuiġe, do ċeannuiġeaċt, do ṁáirneuluiġ, agus do loingseóiriḋe, agus luċt do nertuiġṫe, agus luċt cleaċta do ċeannuiġeaċta, agus huile luċt cogaiḋ, atá ionnad, agus ann do ċoṁlúadar uile noċ atá ann do lár, a meaḋón na fairge a ló do scriosta.

28 Crioṫnoċuid do ḃailte amuíġ lé fuáim ċoṁarc do ṁáirnealaċ.

29 Agus tiocfuiḋ a nuile ḋuine ġlacus na ráṁaḋ, ná máirneuluiġ, agus uile loingseóiriġe na fairge, a núas as a longuiḃ, seasfuid síad air an ttalaṁ;

30 Agus cluinfiġear a ngúṫ ad aġaiḋsi, agus coṁaircfid go géur, agus teilgfid súas luáiṫreaḋ air a cceanuiḃ, unfartuid íad féin annsa luáiṫreaḋ:

31 Agus do ḋéanuid síad íad féin uile máol ar do ṡonsa, agus criosloċuid íad féin a saicéadaċ, agus guilfid ar do ṡon maille re doilġios croiḋe agus lé núallġuḃa searḃa.

32 Agus iona núallġuḃa toigfid golġáir súas ar do ṡonsa, agus caóiḋfid ós do ċionn, ġa ráḋ, Cía ḃí cosṁuil re Tírus, ar na sgrios marso a lár na fairge?

33 An tan do ċúadar hearraḋa amaċ as na fairgiḋiḃ, do líon tú mórán pobal; do ṡaiḋḃriosuiḋ tú ríġṫe na talṁan le hiomad do ṡaiḋḃris agus do ċeannuiġeaċda.

34 Annsa nam a mbía tú briste leis na fairgiḋiḃ a ndoiṁne na nuisgeaḋ tuitfiḋ do ċeannuiġeaċt agus do ċuideaċta uile ann do lár.

35 Bíaiḋ uile áitreaḃṫaċa na noiléun anḃuáineaċ iomadsa, agus biáiḋ a ríġṫe ro eaglaċ, béid síad buáiḋearṫa iona ngnúisiḃ.

36 Biáid na ceannuiġṫe a measc an ṗobail ag fonoṁad fúd; biáiḋ tú ad uaṫḃás, agus ní ḃiáiḋ tú ann ċoiḋċe ní sa ṁó.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan