Eseċiel 26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXVI. Tairrġir ar ḋiṁillte Ṫíoruis, arson a glór agus a ráiṫe anaġaiḋ Ierusalem. 1 Agus tárla annsa naoṁaḋ blíaḋain déag, an ċéad lá don ṁí, go ttáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ, 2 A ṁic an duine, do ḃríġ go nduḃairt Tírus a naġaiḋ Ierusalem. Aha, atá geata na ndáoine briste: dfill sí ċugamsa: líonfuiġear misi anois, ó fágḃaḋ áonránaċ ise: 3 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, atáimsi ad aġaiḋsi, a Ṫírus, agus do ḃéara mé air ṁórán cineaḋaċ teaċt súas ad aġaiḋsi, mar do ḃeir a nfairge air a tonnaiḃ teaċt súas. 4 Agus scriosfuid síad ballaḋa Ṫírus agus brisfid síos a tuir: taireonga mé fós a luáiṫreaḋ uáiṫe, agus do ḋéana mé cosṁuil ré mullaċ cairge í. 5 Biáiḋ sí na leaṫnuġaḋ líon a meaḋon na fairge: óir a duḃairt misi é, a deir an Tiġearna DIA: agus biáiḋ sí na héadáil ag na cineaḋaċaiḃ. 6 Agus muirfiġear a hinġeana atá annsa maċaire leis an ccloiḋeaṁ; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA. 7 ¶ Oir is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, do ḃéara mé air Ṫírus Nebuċadressar ríġ na Babilóine, ríġ na ríoġ, ón tuaisceart, maille re heaċaiḃ, agus re carbaduiḃ, agus re marcṡlúaġ, agus le coiṁṫionól, agus le mórán daóine. 8 Muirfiḋ sé hinġiona leis an ccloiḋeaṁ san ṁáiġ: agus do ḋéana sé pórt ad aġaiḋ, agus teilgfiḋ sé móta ad aḋaiġ, agus tóigfe sé súas an buicléir ad aḋaiġ. 9 Suiġeoċuiḋ sé brataċa cogaiḋ a naġaiḋ do ḃallaḋ, agus le na ṫúaġaiḃ brisfiḋ sé síos do ṫuir. 10 Do ḃríġ iomad a eaċ foileoċuiḋ a luáiṫreaḋ ṫusa: crioṫnoċuid do ḃallaḋa lé tormán an ṁarcṡluáiġ agus na roṫaḋ, agus na ccarbad, an tan ṫíucfas sé a steaċ ann do ġeatuiġiḃ, mar ṫíaġuid daóine a ccaṫruiġ air a ndéantar briseaḋ. 11 Lé hingníḃ a eaċ sailteoruiḋ sé síos do ṡráide uile: muirfiḋ sé do ḋaóine leis an ccloiḋioṁ, agus raċuid do ġarisuin láidre síos go talaṁ. 12 Agus do ḋéanuid éadáil dot ṡaiḋḃrios, agus do ḋéanuid creaċ dot ċeannuiġeaċt: agus brisfid síad síos do ḃallaḋa, agus sgriosfuid síad do ṫiġṫe breáġḋa: agus leagfuid síad do ċloċa agus haḋmad agus do luáiṫreaḋ a lár a nuisce. 13 Agus do ḃéara misi ar ḟuáim haḃrán cosg; agus ní cluinfiġear fuáim do ċláirseaċ ní sa ṁó. 14 Agus do ḋéana mé ṫú cosṁuil re mullaċ cairge: biáiḋ tú ad áit líon do leaṫnuġaḋ air; ní cuirfiġear súas ní sa ṁó ṫú: óir is misi an TIĠEARNA do laḃair é, a deir an Tiġearna DIA. 15 ¶ Is marso a deir an Tiġearna DIA ré Tírus; Naċ ccrioṫnoċuid na hoileáin lé tormán do ṫuitme, an tan éigfid na créaċtuiḋ, a nuáir do ḋéantar an tár ann do lár? 16 Annsin tiucfuid uile ṗrionnsaḋa na fairge a núas as a ccaṫaóiriḃ; agus cuirfid a róbaḋa díoḃ, agus cuirfid díoḃ a cculaḋa bróidnealta: éideoċúid síad íad féin lé creaṫaiḃ; suiḋfid air an ttalaṁ, agus béid air crioṫ lé gaċ áon ṁóment, agus biáiḋ úaṫḃás orra dot ṫáoḃsa. 17 Agus tóigfid súas golġáir ar do ṡonsa, agus a déaruid riot, Ciondus ata tú sgriosta, do ḃí áitreaḃṫa lé luċt na fairge, an ċaṫair iomráiḋteaċ, do ḃí láidir san ḃfairge, í féin agus a háitreaḃṫuiġ, noċ do ċuir a neagla air a nuile ḋuine dár ṫaṫuiġ í! 18 Annois crioṫnoċuid na hoileáin a ló do leagṫasa; aseaḋ, na hoileáin atá air an ḃfairge béid buáiḋearṫa fad imṫeaċtsa. 19 Oír is marso a deir an Tiġearna DIA; An tan do ḋéana misi caṫair úaigneaċ ḋíotsa, cosṁuil ris na caiṫreaċaiḃ ann naċ ḃfuil áitreaḃaḋ; an tan do ḃéara mé an taigéun súa sort, agus ḟoileoċuid uisgeaḋa móra ṫú; 20 An tan do ḃéara mé síos ṫú maille ris an ndroing ṫéid san log, lé daóiniḃ na seanaímsire, agus ṡuiḋeoċas mé ṫú a náitiḃ íoċtaraċa na talṁan, a náitiḃ uáigneaċa ó a nallod, maille ris an ndruing ṫéid síos san ṗoll, iondus naċ biáiḋ tú áitreaḃṫa; agus ṡuiḋeoċas mé glóir a ttír na mbeó; 21 Do ḋéana mé úaṫḃás díot, agus ní ḃiáiḋ tú ann ní sa ṁó: bíoḋ go níarrfuiġear ṫú, giḋeaḋ ní ḃfuiġṫear a rís ċoiḋċe ṫú, a deir an Tiġearna DIA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society